Cur Isteach ar Uisce i bPort Mearnóg agus Mullach Íde

Tá Uisce Éireann ag obair le Comhairle Contae Fhine Gall chun soláthar uisce a athbhunú in áiteanna de Mhullach Íde agus Port Mearnóg fad is atá leibhéil uisce i dtaiscumar Mhullach Íde ag athshlánú.

D’fhéadfadh cur isteach ar a soláthar dul i bhfeidhm ar áitribh sna ceantair seo a leanas fad is atá leibhéil an taiscumair ag athshlánú; ceantair a shíneann ó oirthear na líne iarnróid i Mullach Íde go Port Mearnóg agus go Coillte Dhroimní agus go Cnoc na Carraige agus na ceantair máguaird.

Meastar go dtosófar ar ghnáthsholáthar uisce a athbhunú do chustaiméirí a bhfuil tionchar orthu ó 8in tráthnóna inniu agus d’fhéadfadh go dtógfadh sé go dtí 11in go n-athbhunófar gnáthbhrú uisce do gach custaiméir a bhfuil tionchar orthu.

Tá soláthar uisce ar leithligh á athshlánú faoi láthair i gceantair eile a raibh tionchar ag oibreacha níos luaithe orthu ag Timpeallán Bhóthar Mhullach Íde / Bhealach Chnocán Gofraidh a bhí á ndéanamh mar chuid de scéim soláthair uisce Mhullach Íde.