Daingníonn Comhairle Contae Fhine Gall maoiniú chun na chéad Phleananna Lár an Bhaile riamh a fhorbairt

Lusk Stone

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, maoiniú de €2.6 milliún le déanaí go gach údarás áitiúil ar fud na tíre chun na chéad Phleananna Lár an Bhaile riamh a sholáthar.  Tá Lusca i measc ná 26 baile a roghnaíodh agus tá maoiniú de €100,000 daingnithe ag Comhairle Contae Fhine Gall chun tacú le máistirphlean uathúil a fhorbairt don bhaile.

Tá an tionscnamh seo ina chuid lárnach d’Ár dTodhchaí Tuaithe – straitéis uaillmhainach cúig bliana an Rialtais atá deartha chun Tuaithe na hÉireann a athshamhlú agus a athbheochan, agus súil aici dul i ngleic le tréigean, réadmhaoin fholamh agus áiteanna níos tarraingtí a dhéanamh as lár bhailte chun cónaí, obair, bualadh le chéile agus dul i mbun gnó. 

Agus maoiniú don tionscadal daingnithe anois, oibreoidh Comhairle Contae Fhine Gall le grúpaí pobail áitiúla, miondíoltóirí agus baill eile na bhFoirne Baile chun cuspóirí a máistirphleananna faoi seach a cheapadh agus a sholáthar. 

Agus an máistirphlean á fhorbairt, beidh an chomhairle ag cur le Plean Straitéiseach ‘Lusk Vision 2030: Lusk for Life’ plean gníomhaíochta faoi stiúir an phobail do Bhaile Lusca arna choimisiúnú ag Comhairle Pobail Lusca. Leag an plean gníomhaíochta straitéisí fadtéarmacha amach d’fhorbairt an bhaile sa todhchaí agus cuireann sé leas na saoránach reatha agus na saoránach amach anseo i láthair.
 

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá fíoráthas orm gur éirigh lenár n-iarratas ar mhaoiniú faoi Ár dTodhchaí Tuaithe, agus táim ag tnúth le seoladh an tionscadail spreagúil seo sna míonna atá amach romhainn.’ 

Dúirt an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, Méara Fhine Gall: “Tá fíoráthas orm gur éirigh le hiarratas na Comhairle ar mhaoiniú i bhforbairt Lusca. Is baile bríomhar í Lusca a bhfuil todhchaí gheal os a comhair amach.”

Lusk Centre