Déanann Baile Átha Cliath 15 ceiliúradh ar oscailt oifigiúil ósaise nua dírithe ar an bpobal

D’oscail Méara Fhine Gall Howard Mahony  gairdín nua an phobail i mBaile Bhlainséir, Dé Céadaoin an 17 Bealtaine 2023. Cuirfidh gairdín ‘GLAS @ TU Dublin’ spás ar fáil do ghrúpaí pobail áitiúla agus do scoileanna chun táirgí úra a fhás, chun athcheangail a dhéanamh leis an dúlra, agus chun spiorad níos láidre an phobail a chothú.

Young gardeners from St Patrick's National School Corduff dig in

D’oscail Méara Fhine Gall Howard Mahony  gairdín nua an phobail i mBaile Bhlainséir, Dé Céadaoin an 17 Bealtaine 2023. Cuirfidh gairdín ‘GLAS @ TU Dublin’ spás ar fáil do ghrúpaí pobail áitiúla agus do scoileanna chun táirgí úra a fhás, chun athcheangail a dhéanamh leis an dúlra, agus chun spiorad níos láidre an phobail a chothú.

Lonnaithe ar thailte champas OT Bhaile Átha Cliath Bhaile Bhlainséir, is comhithionscadal nua um oideachas na timpeallachta agus an gcuimsiú sóisialta é idir Comhairle Contae Fhine Gall, Plean Gníomhaíochta Dhomhanda Éireann (Global Action Plan Ireland), OT Bhaile Átha Cliath agus an pobal áitiúil.

Bhí Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, i gceannas ar cheiliúradh foirmiúil na hoscailte ina raibh ceol agus searmanas plandála crann mar chuid de. Tugadh cuireadh do gach éinne den phobal i mórcheantar Bhaile Bhlainséir freastal agus ceiliúradh a dhéanamh ar an acmhainn nua spreagúil seo ar leas Iarthar Bhaile Átha Cliath.

Mayor of Fingal, Cllr Howard Mahony, at the opening of the new community garden in Blanchardstown

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony: “Áis nua do  Bhaile Átha Cliath 15 is ea an gáirdín seo, go háirithe toisc go bhfuil mar aidhm aige daoine gach aois, gach cumas agus gach cúlra a thabhairt le chéile. Ní hamháin go bhfuil fás na bplandaí, na mbláthanna agus na nglasraí mar thairbhe ar a leithíed tionscnaimh, ach tugann siad deis iontach freisin do mhuintir na háite teacht le chéile, scileanna nua a fhorbairt agus cabhrú le folláine na ndaoine.”

Déanfar an gairdín a bhainistiú ar bhonn na bprionsabal orgánach agus an athghiniúna, agus roinnfear an obair ar fad - chomh maith le gach fómhar - idir na hoibrithe deonacha. Bainfear úsáid freisin as gairdín an phobail mar bhunús do thionscadail óige na gharraíodóireachta agus do cheardlanna poiblí ar théamaí ar nós do chuid bia féin a fhás, múiríniú, baint an uisce agus bainistíocht na dramhaíola.

Mayor of Fingal, Cllr Howard Mahony, at the opening of the new community garden in Blanchardstown

“Is tionscadal saotharlainne beo é Gairdín Glasmhaireachtála agus Inbhuanaithe an Phobail (GLAS) ag OT Bhaile Átha Cliath, atá dírithe ar thaithí phraiticiúil a thairiscint do phobail chun foghlaim faoin bhfás inbhuanaithe agus chun páirt a ghlacadh i mbunú na comhthimpeallachta againne atá athléimneach ó thaobh na haeráide de agus atá láidir ó thaobh na bithéagsúlachta de, ” a dúirt Leas-Uachtarán na hInbhuanaitheachta OT Bhaile Átha Cliath, Jennifer Boyer.

“Tá an suíomh fothainiúil grianmhar seo, ina raibh léann Gairneoireachta OT Bhaile Átha Cliath suite tráth, réidh don fhás leis na crainn dhúchais agus leis an teorainn fálaithe atá mar chuid de. Sé Lee Geoghegan, céimí Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) na  Gairneoireachta de chuid OT Bhaile Átha Cliath atá mar phríomh-gharraíodóir ar an suíomh agus tá an-áthas air oibriú i dtreo an ghairdín a thabhairt ar ais chuig an ré órga aige,” a dúirt sí mar fhocal scoir.

Tá gairdín GLAS@TU Dublin bunaithe ar theimpléad a d’fhorbair Plean Gníomhaíochta Dhomhanda Éireann go rathúil i mBaile Munna, áit abhaintear úsáid as gairdín an phobail, a fhaigheann tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, d'fhonn cuimsiú sóisialta agus cultúrtha a éascú chomh maith le hoideachas na timpeallachta.

Robert Burns, Director of Housing and Community Development the Fingal Team

"Cuireann sé sceitimíní orainn a bheith in ann an spás sábháilte mealltach seo a thairiscint do mhuintir an phobail anseo chun teacht le chéile, chun a fháil amach faoin sult a bhaineann leis an mbia úr a fhás agus chun a fhoghlaim conas a dhéantar an ceangal leis an dúlra. Léiríonn ár gcuid taithí, agus ár gcuid taighde acadúil, go gcuireann rannpháirtíocht na daoine sa ghairneoireacht shóisialta túsphointe ar leith dóibh dhaoine chun na naisc a aimsiú idir an bia, an tsláinte, an bhithéagsúlacht, agus na saincheisteanna domhanda amhail athrú na haeráide," a dúirt Hans Zomer, POF Plean Gníomhaíochta Dhomhanda Éireann, an carthanas atá ag bainistiú an gháirdín.

"Tá súil againn go bhfreastalóidh gairdín pobail GLAS@TU Dublin mar áit inar féidir le héinne de gach aois agus as gach cúlra ceangail leis an dúlra, ceangail lena chéile, agus cén chumhacht atá acu difríocht a dhéanamh a fháil amach."