Déanann Coláiste Pobail Fhine Gall Léiriú Bronnadh na Leabhar agus Cúrsa na Scríbhneoireachta Scripte a Cheiliúradh

Fuair mic léinn na hidirbhliana i gColáiste Pobail Fhine Gall, Sord, cuidiú mór dá leabharlann chomh maith le cóipeanna de leabhair leis an údar clúiteach Dave Rudden inniu mar chuid de chlár bronnadh na leabhar ag Leabharlanna Fhine Gall faoi Chiste Aitheantas an Phobail.

Fingal Community College Celebrates Book Gifting Presentation

Fuair mic léinn na hidirbhliana i gColáiste Pobail Fhine Gall, Sord, cuidiú mór dá leabharlann chomh maith le cóipeanna de leabhair leis an údar clúiteach Dave Rudden inniu mar chuid de chlár bronnadh na leabhar ag Leabharlanna Fhine Gall faoi Chiste Aitheantas an Phobail. Ba bhuacphointe freisin an chúrsa scríbhneoireachta scripte ‘From TY To TV’ (Ón idirbhliain go dtí an Telefís) é an léiriú seo atá á sheachadadh ag Dave do mhic léinn idirbhliana na scoile le roinnt seachtainí anuas.

Mórthionscnamh de chuid Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail atá i gCiste Aitheantas an Phobail, arna dhearadh chun tacaíocht ar leith a thabhairt do phobail ar fud na tíre atá ag óstáil daoine ón Úcráin agus ó thíortha eile. Tá cláir bhronnadh na leabhar ar siúl freisin i Sord agus i mBaile Seiscin.

Copies of Dave Rudden’s Knights of the Borrowed Dark trilogy were presented to Fingal Community College by the Mayor of Fingal Cllr. Adrian Henchy. The Mayor was joined by County Librarian Betty Boardman, Dave Rudden and film producer Ali Doyle.

Fingal Community College Celebrates Book Gifting Presentation

Dúirt Méara Fhine Gall, An Clr. Adrian Henchy: “Cuireann sé áthas orm a fheiceáil go mbeidh Leabharlanna Fhine Gall ag tabhairt leabhair do scoileanna i mBaile Átha Cliath 15, i Sord agus i mBaile Seiscin mar chuid den Chiste Aitheantas an Phobail. Is bealach iontach é seo chun aitheantas a thabhairt don pháirt ollmhór atá á dhéanamh ag pobail i bhFine Gall le haghaidh fáilte a chur roimh dhaoine ón Úcráin agus ó thíortha eile chomh maith lená nóstáil agus iad ag lorg cosanta agus sábháilteachta”.

Dar le Leabharlannaí an Chontae Betty Boardman: “Cuidíonn bronnadh na leabhar leis an ngrá a chothú don léitheoireacht  i measc daoine óga agus tá an-áthas ar Leabharlanna Fhine Gall cóipeanna de thriológ an Borrowed Dark a thabhairt do mhic léinn na hidirbhliana trí Chiste Aitheantas an Pobail. Ba mhaith le Leabharlanna Fhine Gall buíochas a ghabháil freisin le Coláiste Pobail Fhine Gall agus le Dave Rudden as an obair acu linn chun deis a thabhairt do na mic léinn seo a gcuid scileanna scríbhneoireachta cruthaitheacha a fhorbairt ar an gcúrsa ‘From TY To TV’.

Ag labhairt dó faoi na ceardlanna scripte, dúirt Dave Rudden, “Bhain mé an-taitneamh as mic léinn a threorú trí na céimeanna riachtanacha chun a gcuid chlár teilifíse nó a gcuid scannán féin a chumadh agus a chur ar taispeáint, chomh maith le taithí na gairme a chur ar fáil dóibh, le comhairle scríobhneoireachta a thabhairt dóibg agus le spreagadh a thabhairt do gach duine óg i láthair a d’fhéadfadh éirí ina chéad Spielberg nó Gerwig eile”.

Mar chuid de cheardlann deiridh de chúrsa na scríbhneoireachta a bhí ar siúl roimh an bronnadh na leabhar, tugadh an deis do na mic léinn bualadh leis an léiritheoir scannán Ali Doyle (The Nice Guys, Ted 2, Evil Dead Rise). Thug sé seo deis ar leith dóibh a gcuid smaointe a roinnt agus aiseolas a fháil ar a gcuid oibre ó léiritheoir gairmiúil.

Fingal Community College Celebrates Book Gifting Presentation