Déanann Comhairle Contae Fhine Gall Cruinniú na nÓg, Lá Cruthaitheacht Shaor na Leanaí agus an Lucht Óg, a Cheiliúradh

Cuireann sé áthas mór ar Chomhairle Contae Fhine Gall clár spreagúil ilghnéitheach Cruinniú na nÓg ar Dé Sathairn, an 15 Meitheamh 2024, a fhógairt. 

Cruinniú na nÓg Launch 2024

Cuireann sé áthas mór ar Chomhairle Contae Fhine Gall clár spreagúil ilghnéitheach Cruinniú na nÓg ar Dé Sathairn, an 15 Meitheamh 2024 a fhógairt. Tá Cruinniú na nÓg, lá bliantúil gníomhaíochtaí na cruthaitheachta saor in aisce do leanaí agus don lucht óg de chuid Éireann Ildánach, tar éis dul ó neart go neart ón a seoladh é don chéad uair sa bhliain 2018. Is imeacht ar leith d’Éirinn í seo agus tá sí ina an tionscnamh suaitheanta Phlean an Óige Chruthaithigh de chuid Chlár Éireann Ildánach, a bhfuil mar aidhm aige cruthaitheacht na leanaí agus an lucht óg a chumasú. 

I ndiaidh dúinn glacadh le léargais luachmhara ón Suirbhé Guth an Linbh, saincheapadh clár Fine Gall Ildánach i mbliana chun teacht le paisin agus le spéiseanna an lucht óg atá cónaí orthu i bhFine Gall. Tá an-áthas orainn imeachtaí ag ealaíontóirí óga agus ag ceoltóirí ó Fhine Gall a reáchtáil. Cuireann sé bród orainn freisin a chur os bhur gcomhair ár n-Ambasadóir Áitiúil, Christian Campbell, laoch na cruthaitheachta againne, a mholann rogha na n-imeachtaí agus rannpháirtíocht na leanaí agus an lucht óg i ngníomhaíochtaí na cruthaitheachta.

Cruinniu na nOg 2024 launch

Beidh an deich mbrainse leabharlainne againne ina n-óstaigh ar chuairteanna na údar agus na maisitheoirí, ar cheadail an cheoil, ar cheardlanna ha ealaíona agus na ceardaíochta, ar ranganna an chódaithe, agus ar mórán eile. Tá gach imeacht saor in aisce do gach éinne ag freastal orthu, agus tá na sonraí faoi gach imeacht le feiceáil i mbróisiúr Cruinniú na nÓg 2024 atá ar fáil ag do Leabharlann áitiúil i bhFine Gall nó ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall - https://www.fingal.ie/fingallibraries.

Bain sult as an gcéad imeacht Geilleagair na Oíche, arna óstáil ag Leabharlanna Fhine Gall agus Garageland Galaxyz, arna saindeareadh ar leith do dhéagóirí i bPáirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir. Agus taibhithe beo ag buanna óga ar an bpríomhstáitse agus ar stáitse na busála araon, mar aon le ceardlanna thionscal an cheoil i rith an lae, is deis ar leith é seo le haghaidh chruthaitheacht na ndéagóirí a léiriú. 

I gcomhar le Ceolfhoireann Scoile na hÉireann, chuir Oifig Ealaíon Fhine Gall an Cheolfhoireann Odyssey le chéile. Déanfaidh trí scoil as Sord ceolfhoireann triúir déag ar fhichead a óstáil sna hallaí acu. Críochnaíonn sé ar an 15 Meitheamh nuair a tabharfar cuireadh do leanaí agus dá gcuid teaghlach páirt a ghlacadh i dtaithí an tumoideachas i Leabharlann Carnegie nua-athchóirithe ar an tSráid Thuaidh, Sord.

Beidh rud éigin ar siúl do gach éinne ar an 15 Meitheamh seo chugainn, agus bí cinnte go néanann tú d’áit féin a chur in áirithe! 

Seo sampla den méid atá ar siúl ar fud Fhine Gall Dé Sathairn an 15 Meitheamh:

Imeachtaí ar siúl ag do Leabharlann áitiúil Fhine Gall

  • Stáisiún Cruthaitheachta an Chruinniú: Ollocáid na Cruthaitheachta leis na hÚdair/Léaráidí Niamh Sharkey agus Mary Murphy ag leabharlann Bhaile Bhlainséir
  • Ceardlann idirghníomhach leis an údar Shane Hegarty ag Leabharlanna na Sceirí agus Dhomhnach Bat 
  • Sráidbhaile tumtha idirghníomhach an Rólghlacadh le Messy Adventures ag Leabharlann Bhaile Brigín
  • Déan Scannán ar d'Fhón Póca le Scoil na Cruthaitheachta ag Leabharlanna an Rois agus Bhaile Brigín
  • Ceardlanna an cheoil le Ceolfhoireann Bits and Bobs agus Musical Tots ag Leabharlanna Bhaile Bhlainséir, Bhaile Dúill agus Bhinn Éadair
  • Beocheadal an cheoil ag Leabharlann Mhullach Íde
  • Ceardlann an ghraifítí le hEalaín Dúch na Sráide ag Leabharlann an Ros
  • Ceardlann na scríbhneoireachta chruthaitheacha leis an údar Conor Kostick ag Leabharlann Bhaile Bhlainséir
  • Ceardlanna na Cróiseála le hAoibhe Churcher ag Leabharlanna Sord agus na Sceirí
  • Ceardlanna na cruthaitheachta ó Makerspace Fhine Gall ag Leabharlann Bhaile Bhlainséir
  • Ceardlanna ealaíne leis na húdair/léiritheoirí Úna Woods agus Eve McDonnell ag Leabharlanna Bhaile Brigín, Mhullach Íde agus Sord
  • Códaigh soilse LED le haghaidh ealaín dhigiteach a chruthú le Coding Ireland ag Leabharlanna Dhomhnach Bat agus Mhullach Íde
  • Greannán beag a chumadh leis an gCartúnaí Aidan Courtney ó Coimicí Gael i Leabharlanna Bhinn Éadair agus Bhaile Dúill
     

Féile Ceoil Bheo an Óige le Garageland Galaxyz ag Páirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir

  • Léirithe an cheoil bheo le cuid de na ceoltóirí óga is fearr i bhFine Gall
  • Aoianna speisialta i láithir
  • ‘Stáitse busála’ ar leith d’aon taibheoirí óga breise ar mhaith leo dul i mbun buscála mar chuid d’imeacht an lae
  • Ceardlanna tionscal an cheoil
  • Gach imeacht a  scannánú agus a chraoladh beo ar Garageland Galaxyz HUB TV

Oifig Ealaíon Fhine Gall

Arna chur i láthair ag Oifig Ealaíon Fhine Gall, Ceolfhoireann Scoile na hÉireann agus Éire Ildánach, tugann an Orchestral Odyssey cuireadh duit a chur faoi gheasa ag saol aoibhinn an cheoil fhoirneach. Bí linn ag an Leabharlann stairiúil Carnegie i Sord. Buail do chuid lámha, satáil do chuid chosa, agus bí ag canadh ljnn agus sinne ag tabhairt faoi thuras na craice trí rithim agus comhchuibheas uirlisí na ceolfhoirne. Déan  maraca a chroith, tambóirín a thapáil, agus bí réidh le do maestro istigh a scaoileadh amach agus sinne ag oibriú i gcomhar le Ceolfhoireann Scoile na hÉireann mar chuid de mhórshiúl idirghníomhach an cheoil.

Cuireann an Odyssey Ceolfhoirne draíocht iomláin na ceolfhoirne díreach ar fáil do leanaí i suíomhanna na scoile agus do theaghlaigh sa Leabharlann Carnegie nua-athchóirithe ar feadh mí Bealtaine agus mí Meitheamh na bliana 2024. 

Dúirt Méara Fhine Gall, An Clr. Adrian Henchy, “Is cinnte go ndéanfaidh clár imeachtaí na bliana seo do Chruinniú na nÓg an fhiosracht a spreagadh agus an tsamhlaíocht a lasadh i ngach duine óg thar Chontae Fhine Gall ar fad. Le breis is 30 imeacht á reáchtáil thar raon na n-ionad ar nós Páirc na Mílaoise, Leabharlanna Fhine Gall, agus an Leabharlann Carnegie nua-athchóirithe i Sord, molaim go ndéanfadh gach éinne idir óg agus aosta clár na n-imeachtaí a fhiosrú. Cuid thábhachtach de na seirbhísí a chuireann Fine Gall ar fáil don lucht óg is ea an clár Cruinniú a ligeann rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí ma cruthaitheachta ar bhealach cuimsitheach agus éasca.”

Dar le Lilian Whelan, Comhordaitheoir Éire Ildánach i bhFine Gall, “Lá bliantúil na saorchruthaitheachta is ea Cruinniú na nÓg do leanaí agus don lucht óg agus is ocáid thábhachtach anois é i bhféilire Fhine Gall. Bhain béim ar leith le Guth an Linbh in obair na pleanála againn agus, de bhun an comhairliúcháin le leanaí agus leis an lucht óg ar fud Fhine Gall, cuirimid an clár cuimsitheach, saor in aisce agus éagsúil seo i láthair anois. I mbliana, déanfar Garageland Galaxyz, imeacht tosaigh an cheoil don lucht óg, a léiriú i bPáirc na Mílaoise le deis a thabhairt don tallann óg as gach aird Fhine Gall a gcuid chumas a taispeáint go poiblí. Cinntíonn clár na leabharlainne go mbeidh gach éinne ar fud Fhine Gall in ann rochtain a fháil ar imeacht saor in aisce na cruthaitheachta ina leabharlann áitiúil agus rinne an Oifig Ealaíon againne an saothar Orchestral Odyssey a choimisiúnú chun teacht ar na scoileanna agus ar an lucht óg i bhFine Gall ionas go bhfaighidis rochtain ar an gceol foirne ina iomlán.” 

Agus í ag obair i gcomhar leis an 31 Údarás Áitiúil agus le tacaíocht ó RTÉ, oibríonn Éire Ildánach go dian dícheallach le haghaidh lá ar leith a chur le chéile inar féidir le teaghlaigh agus daoine óga páirt a ghlacadh i raon leathan na gníomhaíochtaí spraíúla, cruthaitheacha atá saor in aisce ar fad do gach éinne.

Rinneadh clár Cruinniú na nÓg de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall a fhorbairt i gcomhar le Foireann an Chultúir agus na  Cruthaitheachta atá comhdhéanta as ionadaithe tras-rannacha a bhfuil scileanna acu i mórán réimsí éagsúla an tsaineolais.

Íoslódáil Cruinniú na nÓg Brochure

Cruinniu Brochure 2024 Cover