Déanann Fine Gall 25 Bliain Comhaontú Aoine an Chéasta a Cheiliúradh

Fingal Celebrates 25 Years of the Good Friday Agreement

Rinneadh garsprioc ríthábhachtach i stair na hÉireann a chomóradh ag tráthnóna léargasach i nDomhnach Bat an tseachtain seo le plé painéil ar leith ar 25 bhliain Comhaontú Aoine an Chéasta (GFA) agus ar Dhearbhú Shráid Downing.

Bhí Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy ina óstach ar an imeacht, agus fuair an lucht freastail tuiscint níos fearr ar an gComhaontú ó roinnt príomh-ailtirí a bhí i gcroílár na caibidlíochta maidir le seachadadh na síochána. Ar an bpainéal bhí an t-Iiar-Thaoiseach, Bertie Ahern, gníomhaí na síochána agus bunaitheoir Chomhghuaillíocht na mBan i dTuaisceart Éireann, Monica McWilliams, in éineacht le hAmbasadóir SAM in Éirinn, Claire D. Cronin. Rinne Gary Murphy, ó Scoil an Dlí agus an Rialtais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an plé a shainmhaoirsiú, ag spreagadh an lucht freastail le dearccthaí agus le machnaimh léargasacha.

Seasann Comhaontú Aoine an Chéasta, a síníodh ar 10 Aibreán 1998, mar éacht suntasach a d’fhógair go raibh deireadh tar éis teacht le 30 bliain na choimhlinte i dTuaisceart Éireann. D'athraigh an chomhaontú stairiúil seo bun-chaidrimh na bpobal ar fud na n-oileán, agus  bealaí nua an chomhoibrithe agus na comhthuisceana á gcothú aige. Ina theannta sin, bhí ról suntasach ag Dearbhú Shráid Downing, a eisíodh ar an 15 Nollaig 1993, i bpróiseas na síochána, ag leagan síos an bhunchloch do Chomhaontú Aoine an Chéasta a tháinig ina dhiaidh.

Leagadh amach sa dearbhú stairiúil seo na prionsabail le haghaidh caibidlíochtaí na síochána, ag moladh an idirphlé agus na rún a bhí bunaithe ar an gcead. Leag sé síos an chéim le haghaidh an tsosa cogaidh a d'fhógair Arm Sealadach Poblachtach na hÉireann (IRA) sa bhliain 1994 agus chuir sé le cainteanna na síochána as a tháinig Comhaontú Aoine an Chéasta atá i bhfhfeidhm inniu.

Agus  25 bhliain ar an bhfód á gceiliúradh againn, tugaimid ómós dá oidhreacht bhuan agus athdhearbhaímid ár ngealltanas chun seasamh lena phrionsabail na síochána, na haontachta agus an athmhuintearais, ag cinntiú go leanann an fhís agus na bhfiuntas atá neadaithe sa chomhaontú agus ag treoir an chomhthurais againne i dtreo na todhchaí chairdiúil do gach éinne. .

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy: “Is mór é an t-áthas dom fáilte a chur roimh a leithéid aoichainteoirí oirirce go Domhnach Bat agus go Fine Gall chun a gcuid léargas fíorthuisceannach a roinnt maidir leis an ócáid shuaithinseach seo a bhí ann do na milliúin daoine ar fud an domhain agus a chabhraigh leis an tsíocháin bhuan a chinntiú. Cuireann comóradh 25 bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta i gcuimhne dúinn an tábhacht a bhaineann leis an aontacht, leis an idirphlé, agus leis an gcomhiarracht chun an athmhuintearas agus an tuiscint níos fearr a chur chun cinn ar fud gach pobal againne.”

Rinne an plé painéil léargas ar an bhfíorshaol i dTuaisceart Éireann agus an comhaontú stairiúil á ullmhú, ar na dúshláin a bhain le tuairimí agus le daoine éagsúla a thabhairt le chéile agus le scéal inmheánach na caibidlíochta ríthábhachtach agus iad ar siúl. Labhair siad ar thábhacht an Chomhaontaithe chomh maith leis na dúshláin leanúnacha a mbaaineann leis agus roinn siad a gcuid taithí ar an obair acu i dtreo réiteach na gcoinbhleachta i dtíortha eile.

Ghabh an lucht freastail páirt ghníomhach san imeacht, agus críochnaígh sí le seisiún suimiúil na gCeisteanna agus na bhFreagraí, a thug deis do gach éinne iniúchadh breise a dhéanamh ar scéal casta na ceiste.

Fingal Celebrates 25 Years of the Good Friday Agreement
Fingal Celebrates 25 Years of the Good Friday Agreement