Déanann Leabharlanna Fhine Gall Ceiliúradh ar an Scríbhneoireacht Chruthaitheach le Féile Write Time i mí Mheán Fómhair

I mí Mheán Fómhair, déanfaidh Leabharlanna Fhine Gall ceiliúradh ar an scríbhneoireacht chruthaitheach leis an bhFéile bhliantúil Write Time, atá anois san ochtú bliain. Beidh ceardlanna saor in aisce agus cainteanna údar a spreagfaidh an tsamhlaíocht agus an chruthaitheacht ar siúl i Leabharlanna Fhine Gall i rith na míosa.

The Write Time Group Photo 2023

Sheol Méara Fhine Gall an Comh. Adrian Henchy an clár d'Fhéile Write Time na bliana seo Déardaoin an 17 Lúnasa i Leabharlann Bhaile Brigín. In éineacht leis an Méara bhí Leas-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, Ethna Felten, Leabharlannaí Contae Betty Boardman, Coimeádaí na Féile Anne McDonald, agus na húdair cháiliúla Sam Blake, Kevin Curran agus Kevin McCarthy.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Adrian Henchy:Déanann Féile Write Time ceiliúradh ar chruthaitheacht agus ar scríbhneoireacht i bhFine Gall. Más mian leat tús a chur le gearrscéal, machnamh pearsanta nó fiú úrscéal, tabharfaidh an réimse imeachtaí saor in aisce inspioráid agus treoir duit do d'aistear scríbhneoireachta.”

Dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall Ethna Felten: “Cuireann Féile Write Time deiseanna ar fáil do gach duine a bhfuil suim acu i gceird na scríbhneoireachta. Is cuma más scríbhneoir ardaidhmeannach thú, nó léitheoir a bhfuil suim agat a fháil amach cad a spreagann na húdair is fearr leat, is duitse an fhéile seo.”

The Write Time 2023

Dúirt Betty Boardman, Leabharlannaí an Chontae: “Chuir féile Write Time Leabharlanna Fhine Gall daoine i mbun gníomhaíochtaí cruthaitheacha inrochtana ar fud Fhine Gall le blianta fada anois. Táimid thar a bheith sásta leis an gcaoi a bhfuil ag éirí léi agus táimid ag tnúth le féile na bliana seo. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Coimeádaí na Féile Anne McDonald as clár imeachtaí an-tarraingteach a chur le chéile.”

Dúirt Anne McDonald, Stiúrthóir Cruthaitheach na féile: “Tá an-áthas orainn grúpa iontach, éagsúil éascaitheoirí a chur i láthair d'Fhéile Write Time 2023. Tá an clár lán le réimse imeachtaí chun tú a spreagadh chun scríobh - beidh deis agat bualadh le húdair a bhfuil saothar foilsithe acu, faigh amach faoin gceird a bhaineann le gearrscéalta a scríobh agus déan iniúchadh ar do roghanna maidir le saothar a fhoilsiú”.

Ar na ceardlanna atá ar fáil tá ealaín a úsáid mar inspioráid, tús a chur le d'úrscéal, cuimhní cinn a chur le chéile, do chuid scríbhneoireachta a chur isteach chuig irisí agus foilseacháin, agus barrfeabhais a chur ar do smaoineadh agus píosa scríbhneoireachta slachtmhar a dhéanamh de. Sa tsraith 'Words with Writers', beidh seisear scríbhneoirí den scoth ag roinnt a bpróiseas scríbhneoireachta cruthaithí, a dturas chuig a bhfoilsiú, agus an iliomad dúshlán agus tacaíochtaí a casadh orthu ar an mbealach. Beidh an chuid is mó de na himeachtaí ar siúl i do leabharlann áitiúil, agus beidh cuid acu ar siúl ar líne trí Zoom. I measc na scríbhneoirí a bheidh ag glacadh páirte i bhféile na bliana seo beidh Sam Blake, Jane Buckley, Kevin Curran, Damien B. Donnelly, Derek Flynn, Maria Hoey, Pam Lecky, Felicia McCarthy, Joanne McCarthy, Kevin McCarthy, Karl MacDermott, Peig McManus, Fiona O’Rourke, Paddy Osborne, agus Yvonne Reddin. Cláraigh, bígí linn, agus faigh spreagadh ó na daoine a bheidh i láthair agus na scéalta a chloisfidh tú ag na himeachtaí saor in aisce i rith mhí Mheán Fómhair.

Faigh cóip de bhróisiúr na féile i do leabharlann áitiúil i bhFine Gall nó téigh chuig ár láithreán gréasáin: https://www.fingal.ie/welcome-write-time-festival-2023

The Write Time Image Holding Sign Mayor 2023

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le: 

Úna Smyth / Orla Drohan / Claire Fay

Imeachtaí & PR Leabharlanna Fhine Gall  

Teil: 0878074115; 0874098839

Ríomhphost: [email protected]