Dhá Raon Foghlam na Rothaíochta Nua i bhFine Gall

cycling track made with road markings on tarmac surface

Bainfidh scoileanna háite úsáid as na raonta rothar nua seo le haghaidh cleachtadh na rothaíochta, le haghaidh ranganna grúpa na rothaíochta arna n-eagrú ag Comhairle Contae Fhine Gall agus beidh siad ar oscailt don phobal lená n-úsáid chomh maith. Cuirfidh na rianta seo timpeallacht shábháilte foghlama ar fáil do dhaltaí na rothaíochta de gach aois, ó leanaí beaga ag foghlaim an rothaíochta den chéad uair go dtí iad siúd atá ag filleadh ar an rothaíocht níos déanai sa tsaol acu, agus gach éinne eatarthu. I ndiaidh oiliúint acu ar dhromchla réidh le marcanna bóthair cearta, déanfar conas rothaíocht go sábháilte agus ag cloí le rialacha an bhóthair a fhoghlaim . Cabhróidh sé seo leo níos déanaí lená n-éirí muiníneach agus sábháilte agus iad ag baint úsáid dáiríre as an mbhóthar.

 

Deir Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, ‘Críochnaíodh raon foghlaim na rotharaíochta i bPáirc na Mílaoise an tseachtain seo caite. Tógadh é ar bharr an limistéir choincréite a úsáidtear don rinc scátála le linn na Nollag gach bliain. Agus an suíomh seo á roghnú againn táimid ag baint úsáid fadbhliana as spás atá ar fáil dúinn trí dheiseanna na rothaíochta a leagan síos ann nuair nach bhfuil an rinc oighir i bhfeidhm.’

 

Technical drawing for learn 2 cycle track overhead elevation

Arsa Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly ‘Tar éis raon foghlaim na rotharaíochta nua a oscailt ag Páirc na Mílaoise, tosóidh aonad an taistil ghníomhaigh go luath ar an dara rian a shuiteáil sa pháirc in aice le Bóthar Bhaile na Raithní, Sord. Beidh an rian seo suite díreach in aice le Bóthar Bhaile na Raithní, in aice leis an gclós súgartha agus an-chóngarach do scoileanna náisiúnta sinsearacha agus sóisearacha na háite ag Naomh Crónán. Is suíomh iontach é ina mbainfidh daoine de gach aois, lena n-áirítear daltaí na háite, an-úsáid as.'

 

Dar le David Storey, Stiúrthóir Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt ‘Cuirfidh raonta foghlaim na rotharaíochta nua seo suíomhanna den scoth ar fáil do chláir oideachas na rothaíochta againne. Cuirfidh ár n-oifigigh na rothaíochta agus an tsiúil cúrsaí ar fáil do dhaoine fásta, do leanaí agus do chláir scoile san dá spás agus táimid ag tnúth le mórán daoine fásta a fheiceáil ag baint úsáide as na rianta chun a gcuid scileanna sábháilte na rothaíochta féin a chleachtadh agus na scileanna céanna a mhúineadh dá gcuid leanaí. Is féidir le rothaíocht easbhóthair ar a leithéid chúrsa cur le do chuid mhuinín agus cabhrú leat tuiscint a fháil ar iompraíocht na sábháilte a theastaíonn agus tú ag rothaíocht ar an mbóthar agus ag an am céanna taithí spraíúil á chur ar fáil sna páirceanna.”

 

Tá raon foghlaim na rotharaíochta ag Páirc na Mílaoise ar oscailt don phobal anois agus ceaptar go mbeidh rian Shoird i bhfeidhm agus ar oscailte don phobal roimh dheireadh mhí na Bealtaine.