Do Chontae - Do Dhramhaíl Cabhraigh chun Stop a Chur le Dumpáil Mhídhleathach!

Tá Roinn Comhshaoil Chomhairle Contae Fhine Gall ag obair go dian chun a chinntiú gur áit iontach í Fine Gall chun cónaí, obair, cuairt a thabhairt uirthi agus gnó a dhéanamh ann, acht tá dumpáil mhídhleathach agus bailitheoirí dramhaíola mídhleathacha ag scriosadh ár dtuaithe

Your County Your Waste

Chun cabhrú chun stop a chur le dumpáil mhídhleathach tá an Chomhairle ag glacadh páirte i bhFeachtas Feasachta Náisiúnta dar teideal - Do  Chontae - Do Dhramhaíl  a sheol an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD.

Tá ár dtírdhreach álainn faoin bhagairt agus á díghrádú ag eachtraí bailiúcháin dramhaíola mídhleathaí agus dumpáil dramhaíola tí agus toirtiúla, atá le feiceáil feadh ár mbóithre agus ár bpáirceanna. Le míonna beaga anuas tá méadú suntasach tagtha ar líon na n-eachtraí dumpála mídhleathacha agus glaonna chuig Comhairle Contae Fhine Gall maidir le teaghlaigh nach bhfuil aon tseirbhís bhailiúcháin araidí bruscair acu. Is léiriú é an t-ardú i dtuarascálacha gur mian le daoine stop a chur le dumpáil mhídhleathach agus cleachtais neamhrialaithe bainistíochta dramhaíola.  

Tá oibleagáid dhlíthiúil ar shealbhóirí tí a gcuid dramhaíola a dhiúscairt ar bhealach freagrach agus inbhuanaithe trí sheirbhís araidí bruscair ghníomhach a bheith acu le bailitheoir dramhaíola údaraithe nó trína gcuid dramhaíola a aistriú chuig saoráid dramhaíola údaraithe. Tugadh Fodhlíthe um Chur i Láthair Dramhaíola isteach i bhFine Gall chun freastal ar seo agus chun a chinntiú go ndéantar dramhaíl tí agus tráchtála a bhainistiú go héifeachtach. Mura gcomhlíontar na Fodhlíthe d’fhéadfadh fíneáil ar an láthair de €75 a bheith mar thoradh leis nó ionchúiseamh sa Chúirt Dúiche má fhaightear duine ciontach i gcion.

Chun cabhrú le stop a chur le dumpáil mhídhleathach tá Comhairle Contae Fhine Gall ag glacadh páirte i bhFeachtas Feasachta Náisiúnta dar teideal - Do Thír - Do Dhramhaíl a sheol an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Eamon Ryan TD le déanaí.  Faoin bhfeachtas seo, tá Údaráis Áitiúla ag díriú ar fheasacht an phobail a mhúscailt faoin tábhacht a bhaineann le seirbhís bhailiúcháin araidí bruscair a bheith acu agus conas a chuidíonn sé seo le dul i ngleic le dumpáil mhídhleathach agus truailliú comhshaoil. Ní mór dúinn aird a tharraingt ar an ngné dhiúltach de charnadh dramhaíola i ngairdíní cúil agus dumpáil mhídhleathach ghaolmhar mar thoradh ar easpa seirbhís bhailiúcháin araidí bruscair a bheith ag teaghlaigh.

Ag labhairt dó faoin bhfeachtas dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Tá an feachtas Feasachta Náisiúnta ‘Do Chontae  – Do Dhramhaíl’ an-tábhachtach.  Ní hamháin go bhfuil dumpáil mhídhleathach gránna, cruthaíonn sé rioscaí don fhiadhúlra agus don chomhshaol chomh maith agus beidh an feachtas seo chomh maith le forfheidhmiú na bhfodhlíthe ina bhuntáiste mór chun é seo a shárú.”

Dúirt an Stiúrthóir Seirbhíse David Storey: “Leanann seirbhísí dramhaíola ag feidhmiú mar is gnáth faoi shrianta reatha Covid agus ba cheart do shealbhóirí tí a chinntiú nach n-úsáideann siad ach bailitheoirí dramhaíola údaraithe nó ionaid athchúrsála áitiúla chun earraí dramhaíola tí agus toirtiúla a dhiúscairt. Nuair a úsáidtear bailitheoirí mídhleathacha déantar do dhramhaíl a dhumpáil i lánaí agus i bpáirceanna agus cruthaíonn sé seo truailliú comhshaoil.”

 Is féidir fíneáil suas le €5,000 a ghearradh ar bhailitheoirí dramhaíola neamhúdaraithe agus ar theaghlaigh má fhaightear ciontach iad i ngníomhaíochtaí dramhaíola mídhleathacha nó i ndumpáil dramhaíola.

Is acmhainn luachmhar í an dramhaíl fós má dhéantar í a dheighilt agus a dhiúscairt i gceart. Má tá earraí troma le diúscairt agat tabhair leat iad go dtí d’ionad athchúrsála áitiúil  (Ionad Athchúrsála Chúil Mhín agus Ionad Athchúrsála an Inbhhir) le haisghabháil/diúscairt. Is féidir trealamh leictreach agus leictreonach dramhaíola (WEEE), éadaí, páipéar, buidéil phlaisteacha, pacáistiú agus gloine a athchúrsáil saor in aisce freisin.

Is é Mywaste.ie treoir oifigiúil na hÉireann maidir le dramhaíl a bhainistiú. Ar an láithreán gréasáin mywaste.ie gheobhaidh tú gach rud a theastaíonn uait a fháil amach faoi chonas do dhramhaíl a bhainistiú go freagrach agus go héifeachtach. Moltar do dhaoine an láithreán seo a bhrabhsáil le haghaidh seirbhísí dramhaíola áitiúla, saoráidí athchúrsála, eolas maidir le dramhaíl a chosc, a athúsáid agus a dhiúscairt.

Chun bailitheoirí dramhaíola neamhúdaraithe nó eachtraí dumpála a thuairisciú téigh i dteagmháil le do thoil le [email protected] Teil: 01 890 5000

Your County Your Waste