Dréacht-Fhodhlíthe Molta 2023 do Chuan Chomhairle Contae Fhine Gall

Tugann Comhairle Contae Fhine Gall, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a dílsítear di leis an Acht Rialtais Áitiúil 2001 arna leathnú le hAlt 89 d’ACHT NA GCUANTA 1996 fógra leis seo go bhfuil beartaithe aici Fodhlíthe Cuain Chomhairle Contae Fhine Gall 2023 a ghlacadh.

Harbour Bye-Laws Gaeilge

Tugann Comhairle Contae Fhine Gall, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a dílsítear di leis an Acht Rialtais Áitiúil 2001 arna leathnú le hAlt 89 d’ACHT NA GCUANTA 1996 fógra leis seo go bhfuil beartaithe aici Fodhlíthe Cuain Chomhairle Contae Fhine Gall 2023 a ghlacadh.

Coinneofar cóipeanna de na Dréacht-Fhodhlíthe ag Oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall ag Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, agus Halla an Chontae, An Phríomhsráid, Sord, Co. Átha Cliath, lena n-iniúchadh le linn gnáthuaireanta oifige, thar an tréimhse Déardaoin 15ú Meitheamh 2023 go dtí Dé Luain 31ú Iúil agus an lá sin san áireamh.      

Tá cóipeanna de na Dréacht-Fhodhlíthe ar fáil saor in aisce freisin ón Roinn Oibríochtaí, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, Halla an Chontae, Sord, Co. Átha Cliath agus Leabharlanna Fhine Gall i mBaile Bhlainséir, Sord agus Mullach Íde. Is féidir na Fodhlíthe seo a fheiceáil ar líne freisin ar Láithreán Gréasáin Fhine Gall www.fingal.ie.

Breithneoidh Comhairle Contae Fhine Gall aighneachtaí ó aon duine maidir leis na Dréacht-Fhodhlíthe. Caithfear aighneachtaí a dhéanamh ar líne ag https://consult.fingal.ie nó i scríbhinn chuig an Oifigeach Riaracháin, An Roinn Oibríochtaí, Ceantar Oibriúcháin Bhaile Brigín/An Rois-Lusca/Shoird Chomhairle Contae Fhine Gall, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, tráth nach déanaí ná 5.00in Dé Luain 14ú Lúnasa, 2023.