Dréachtphlean Oidhreachta Fhine Gall 2024-2030, roinn do thuairimí linn

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag ullmhú Plean Oidhreachta nua d'Fhine Gall a chlúdaíonn an tréimhse 2024 go 2030. Is cuid dínn ár n-oidhreacht. Mar sin, abair do chuid!

Draft Fingal Heritage Plan

Spriocdháta le haghaidh aighneachtaí Dé Céadaoin, an 04 Deireadh Fómhair 2023

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag ullmhú Plean Oidhreachta nua d'Fhine Gall a chlúdaíonn an tréimhse 2024 go 2030. Breathnaítear i nDréachtphlean Oidhreachta Fhine Gall ar gach cineál oidhreachta, ar an gcaoi a ndéanann siad idirnascadh agus ceangal agus ar an gcaoi is fearr is féidir linn ár n-oidhreacht a chosaint agus rochtain a fháil uirthi. Leagtar amach sa Phlean fís agus cuspóirí straitéiseacha dár n-oidhreacht chomhroinnte. Trínár n-oidhreacht a roinnt agus a cheiliúradh, cuirtear an fholláine chun cinn agus cuireann sé le muintearas. Is cuid dínn ár n-oidhreacht. Mar sin, abair do chuid!

Nuair a chloiseann tú an focal oidhreacht, céard a thagann chun cuimhne? Caisleáin, séipéil agus seanfhoirgnimh? Céard faoi aitheantas pobail agus ómós áite?

I bhFine Gall tá oidhreacht mórthimpeall orainn. An tírdhreach, geolaíocht, cósta sainiúil, oileáin agus ár n-oidhreacht nádúrtha. Ár n-oidhreacht talmhaíochta agus gairneoireachta - idir bharraí ársa agus gheataí iarainn. Fianaise ar na glúnta a chuaigh romhainn le fáil inár suíomhanna agus séadchomharthaí seandálaíocha, tithe agus diméinte stairiúla, gairdíní stairiúla, tithe ceann tuí, sráideanna agus sráidbhailte. Oidhreacht thionsclaíoch inár n-iarnróid, droichid agus canálacha stairiúla. Oidhreacht mhuirí inár gcuanta, calafoirt agus longa báite. An úsáid a bhainimid as ár scileanna, teanga, béaloideas agus ceol traidisiúnta.

Reáchtáladh comhairliúchán réamhdhréachta (féach https://www.fingal.ie/FingalHeritagePlan2024-2030) idir an 5 Aibreán agus an 19 Bealtaine 2023 agus áiríodh ann seisiúin buail isteach pearsanta, ceardlanna páirtithe leasmhara agus suirbhé ar líne, óna bhfuarthas 266 freagra san iomlán. Chuidigh an fhaisnéis a bailíodh le linn an phróisis chomhairliúcháin réamhdhréachta le Dréachtphlean Oidhreachta a fhorbairt d'Fhine Gall agus chuidigh sé le tosaíocht a thabhairt do cheantair le haghaidh gníomhaíochta oidhreachta suas go dtí 2030.

Ba mhaith linn tuairimí eagraíochtaí agus daoine aonair a bhfuil spéis acu inár n-oidhreacht i ndáil le Dréachtphlean Oidhreachta Fhine Gall a chloisteáil.

Is féidir leat Dréachtphlean Oidhreachta Fhine Gall  agus Tuarascáil ar Chomhairliúchán Réamhdhréachta a fheiceáil nó a íoslódáil ar https://www.fingal.ie/ga/PleanOidhreachta2024-2030 agus tá cóip de Dhréachtphlean Oidhreachta Fhine Gall ar fáil freisin le haghaidh comhairliúcháin in oifigí na Comhairle i Sord agus i mBaile Bhlainséir. Beidh seimineár gréasáin ar líne ar siúl an 27 Meán Fómhair 2023. Tuilleadh eolais ag teacht.

Is féidir Aighneachtaí agus Tuairimí a dhéanamh maidir le Dréachtphlean Oidhreachta Fhine Gall ón gCéadaoin an 23 Lúnasa go dtí Dé Céadaoin an 04 Deireadh Fómhair 2023 (san áireamh).
Is féidir Aighneachtaí/Tuairimí a dhéanamh mar seo a leanas:
Ar líne ag https://consult.fingal.ie
I scríbhinn chuig:
Oifigeach Oidhreachta, An Rannóg Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, Príomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67X8Y2.
Déan d'aighneacht trí mheán amháin agus sin amháin i.e. gcóip chrua nó ar líne. SPRIOCDHÁTA LE HAGHAIDH AIGHNEACHTAÍ: 23:59, Dé Céadaoin, an 04 Deireadh Fómhair 2023

FCC Draft HERITAGE PLAN IRISH Logo.jpg