Duggans ceaptha chun príomhthionscadail chónaithe Cheathrú Chultúrtha Shoird a thógáil

Pictured at the signing of the contracts for the new Swords Cultural Centre were - Front row (from left): John Quinlivan, Director of Economic, Enterprise, Tourism and Cultural Development; AnnMarie Farrelly, Chief Executive, Fingal County Council; Seamus Duggan and David Duggan, Joint Managing Directors, Duggan Brothers (Contractors) Ltd.

Baineadh cloch mhíle mór eile amach i bhforbairt Cheathrú Chultúrtha Shoird inniu nuair a ceapadh Duggan Brothers (Conraitheoirí) Teo mar chonraitheoir tógála do thógáil an Ionaid Chultúrtha nua agus forbairtí cónaithe ag Bóthar Bhaile na Mara, Sord.

I láthair Mhéara nuathofa Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh, shínigh Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly agus Comhstiúrthóirí Bainistíochta Duggan Brothers (Conraitheoirí) Teo, Seamus agus David Duggan na conarthaí in Áras an Chontae, Sord.

Tá na hoibreacha cumasúcháin, ar cuireadh tús leo ar an láthair i mí Aibreáin 2023, le tabhairt chun críche faoi dheireadh mhí Iúil agus táthair ag súil go dtosófar leis an tógáil i lár mhí Lúnasa.

Soláthróidh an fhorbairt fhoriomlán, a chosnóidh níos mó ná €60 milliún, tógáil Ionad Cultúrtha ina mbeidh Leabharlann Chontae nua agus amharclann le 165 suíochán mar aon le gailearaí ealaíne, spásanna ealaíne, spás saothair agus caifé. Déanfar oibreacha suntasacha uasghrádaithe ar an tSráid Thuaidh chun ríocht phoiblí feabhsaithe a chruthú, rud a chruthóidh nasc idir an Cheathrú Chultúrtha agus Caisleán Shoird.

Chomh maith leis sin, cuimsíonn an conradh oibreacha tógáil 36 teach feadh Bhóthar Bhaile na Mara agus tá an maoiniú don fhorbairt tithochta á soláthar ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta trí Tithíocht Do Chách.

Fuair an Chomhairle deontas de €3 milliún freisin ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail i dtreo na Leabharlainne Contae nua agus íocfaidh sí iarmhéid chostais an Ionaid Chultúrtha as a cuid acmhainní féin.

Críochnófar oibreacha cumasúcháin ar an láthair, atá ar siúl ó Aibreán 2023, faoi dheireadh mhí Iúil agus bogfaidh Duggans isteach ar an láthair i mí Lúnasa chun tús a chur leis an tógáil. Beidh sé seo críochnaithe faoi dheireadh 2026 agus tá sé beartaithe go n-osclófar an tIonad Cultúrtha nua i 2027.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh: “Mar chomhairleoir táimse tar éis féachaint ar an tionscadal seo ag forbairt ó chéim an choincheapa go dtí an pointe ina bhfuil an tógáil ar tí tosú anois. Foirgneamh a bheidh anseo, ní hamháin do Shord, ach d’Fhine Gall ar fad, agus is sampla é de dhiongbháilteacht na Comhairle chun a chinntiú go gcuirtear bonneagar pobail i bhfeidhm chun freastal ar ár ndaonra atá ag fás.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, Annmarie Farrelly: “Is cuid lárnach dar bplean é Ceathrú Chultúrtha Shoird chun lár bhaile Shoird a fheabhsú agus a bheochan agus chun leabharlann chontae agus amharclann a sholáthar chomh maith le mórfheabhsuithe ar an ríocht phoiblí. Táimid buíoch as tacaíocht airgeadais na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus na Roinne Gnóthaí Tuaithe agus Pobail i dtreo an tionscadail fhoriomlán. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin lenár gcomhairleoirí féin as a dtacaíocht láidir don tionscadal ó cuireadh tús leis agus as a gcabhair chun an infheistíocht shuntasach seo a sheachadadh do Shord. Áis iontach chultúrtha a bheidh anseo a úsáidfidh cónaitheoirí agus cuairteoirí araon agus cuirfidh sé 36 teach nua ar fáil freisin.”

Dúirt Seamus Duggan, Comhstiúrthóir Bainistíochta de chuid Duggan Brothers: “Is tionscadal an-suntasach é seo agus is cuid lárnach é d’fhorbairt agus d’fheabhsú Shoird agus contae Fhine Gall. Tá fíoráthas orainn gur bronnadh an tionscadal mór le rá seo orainn agus táimid ag tnúth le bheith ag obair leis an bhfoireann dearaidh agus le Comhairle Contae Fhine Gall chun é seo a thabhairt i gcrích.”

Arna bhunú i1923, tá taithí nach beag ag Duggan Brothers ar fud gach earnáil den tionscal tógála agus tá cáil orthu as caighdeáin arda agus cur chuige gairmiúil dícheallach. I measc na dtionscadal is déanaí a rinne siad tá na Saotharlanna Fóiréinseolaíochta Náisiúnta nua, Stocmhalartán na hÉireann agus Áis Champais Chathartha Samuel Beckett.

Is iad na hailtirí O’Donnell agus Tuomey a bhfuil duaiseanna buaite acu a dhear Ceathrú Chultúrtha Shoird. Áirítear lena gcuid oibre Ollscoil Lár na hEorpa i mBúdaipeist, Dánlann Glucksman ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Amharclann an Lyric i mBéal Feirste.

Tá tionscadal Cheathrú Chultúrtha Shoird ar cheann de 16 tionscadal atá sa Straitéis Sord Inbhuanaithe mar dhlúthchuid de phlean Chomhairle Contae Fhine Gall chun a chinntiú, de réir mar a leanann Sord ag leathnú, go bhfásann an baile ar bhealach inbhuanaithe agus go soláthraíonnn sí caighdeán na beatha a fheileann do phríomhbhaile an chontae. 

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Cheathrú Chultúrtha Shoird téigh chuig www.fingal.ie/swordsculturalquarter

Pictured at the signing of the contracts for the new residential development of 36 homes beside the new Swords Cultural Centre were - Front row (from left): Paul Carroll, Interim Director of Housing and Community; AnnMarie Farrelly, Chief Executive, Fingal County Council; Seamus Duggan and David Duggan, Joint Managing Directors, Duggan Brothers (Contractors) Ltd. Back Row (from left): Michael Gallagher, Senior Quantity Surveyor; Aoife Lawler, Senior Executive Officer, Housing Department; Mayor of Fingal,
Pictured at the signing of the contracts for the new Swords Cultural Centre were - Front row (from left): John Quinlivan, Director of Economic, Enterprise, Tourism and Cultural Development; AnnMarie Farrelly, Chief Executive, Fingal County Council; Seamus Duggan and David Duggan, Joint Managing Directors, Duggan Brothers (Contractors) Ltd. Back Row (from left): Betty Boardman, County Librarian; Mayor of Fingal, Cllr Brian McDonagh; and Sile Stewart, Deputy County Arts Officer.