Duine as Baile Ghrífín chun dul san iomaíocht ar son na hÉireann ag comórtas Ardán Cainte Eorpach.

April Bracken

Tá buaiteoir ar chomórtas náisiúnta óráidíochta, gurb as Fine Gall di, chun aghaidh a thabhairt ar an mBruiséal  tar éis bua cinniúnach ag Craobh Ardán Canite Europe Direct. Bhí téama imeacht na bliana seo dírithe ar mhífhaisnéis, bréagaisnéis agus bolscaireacht.

Anois ina deichiú bliain, chuaigh an dá bhuaiteoir déag reigiúnach in iomaíocht lena chéile go fíorúil don cheart dul san iomaíocht ar son na tíre ag an leagan Eorpach den tionscnamh Ardán Cainte a bheidh ar siúl i bpríomhchathair na Beilge an bhliain seo chugainn.

Chuaigh April Bracken, as Baile Ghrífín, i gcion ar mholtóirí ar dtús nuair a bhain sí an chéad áit amach sa chatagóir do dhaoine os cionn 17 bliana d’aois ag an mbabhta Ardán Cainte reigiúnach a bhí ar siúl i mí na Samhna, lena hóráid paiseanta ar “Lies, damned lies and statistics". Chuaigh sí ar aghaidh chuig an mbabhta ceannais náisiúnta tar éis an bhua sin.

Fuair sí amach mar gheall ar an gcomórtas ar leathanach Facebook Leabharlann Fhine Gall- @FingalLibraries agus bhí sí tar éis féachaint ar shraith físeán Europe Direct ar an ábhar bréagaisnéis ar líne, atá ar fáil ED ar chainéal Youtube agus podchraoladh ED.

Dúirt April, “Cheap mé go raibh an tsraith agallamh ‘Bréagaisnéis sa Ré Dhigiteach’ a chruthaigh Europe Direct Bhaile Bhlainséir, thar a bheith úsáideach chun eolas a bhailiú agus chun léargais éagsúla a fháil ar an rún”.

“Bhí ríméid orm gur roghnaíodh mé mar bhuaiteoir reigiúnach, agus tá áthas an domhain orm an babhta ceannais Náisiúnta a bhuachan! Táim ag súil go mór leis an turas go dtí an Bhruiséil le tacaíocht fhlaithiúil Maria Walsh FPE.”

Chomh maith leis an gradam a bhuachan, bhí gliondar ar April an phríomhdhuais de €1,000 agus turas go dtí an Bhruiséil a bhuachan, áit a gheobhaidh sí turas treoraithe de Pharlaimint na hEorpa agus institiúidí eile an AE. Tá an turas seo urraithe go fial flaithiúil ag Maria Walsh MEP.

Agus tá an cosúlacht ar an scéal gur ábhar inspioráide do dhaoine eile atá sa bhua – Bhí ríméid ar bheirt pháistí April faoi bhua a máthair agus tá mianta dá gcuid féin acusan.

“Tá mo bheirt pháistí an-tógtha leis an mbua – an iPad go háirithe  - agus tá an bheirt acu meáite ar chur isteach ar an gcomórtas iad féin sa todhchaí!”

Agus í ag tréaslú le April as a cuid taispeántas iontach ag an mBabhta Ceannais, dúirt Siobhan Walshe, Bainisteoir Lárionad Europe Direct Bhaile Bhlainséir: “Bhí an bua tuillte go maith ag April ag an mBabhta Ceannais Reigiúnach i mBaile Bhlainséir, agus bhí a cuid paisin don ábhar le feiceáil go soiléir san óráid a thug sí. Tá ríméad orainn d’April, agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil léi as ucht a bheith mar ionadaí den chéad scoth dár Lárionad Europe Direct ar an ardán náisiúnta.”

Dúirt Leabharlannaí Contae Fhine Gall: “Ar son Leabharlainn Fhine Gall ba mhaith liom tréaslú le April as an mbua a bhí aici sa chatagóir sinsir. Bhí an-taighde agus an-smaoineamh ag baint lena hargóintí, agus rinne sí iad a chur chun cinn go diongbháilte agus go muiníneach. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisinn leis an bhfoireann ag Lárionad Europe Direct Leabharlann Bhaile Bhlainséir as an mbabhta reigiúnach den chomórtas Ardán Cainte a eagrú agus as ucht a obair iontach in 2021 le scaipeadh eolais a éascú chomh maith le hardán a chur ar fáil chun ceisteanna tábhachtacha a phlé.”

I measc na gceisteanna a chlúdaigh Europe Direct Bhaile Bhlainséir in 2021 bhí Margadh Glas na hEorpa, Vacsaín Covid- 19 agus Claochlú Digiteach an AE. Is féidir na físeáin a rinneadh faoi na hábhair seo a fháil anseo.

Is féidir cur i láthair buacach April a fheiceáil anseo.