Dul Chun Cinn Ag Teacht ar Thionscadail Dhomhnach Bat agus Phort Reachtann le Ceapachán Comhairleoirí

large group of men and women standing around conference table as contract signing happens

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil Roughan & O’Donovan, mórchomhlacht sainchomhairleoireachta ildisciplíneach, ceaptha chun seirbhísí innealtóireachta, pleanála agus comhshaoil a sholáthar do Thionscadail Iompair Dhomhnach Bat, a chuimsíonn roinnt mórthionscadail a bhfuil sé mar chuspóir acu feabhas a chur ar bhonneagar iompair agus taistil ghníomhaigh agus ar shábháilteacht ar bhóithre ar leithinis Dhomhnach Bat-Phort Reachrann.

Contract signing Donabate Portrane projects

Tá na tionscadail á gcur chun cinn ag an Roinn Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh le tacaíocht ón Údarás Náisiúnta Iompair mar chuid de chur i bhfeidhm Ghréasán Rothaíochta Mórcheantar Bhaile Átha Cliath an UNI agus ó Bhonneagar Iompair Éireann.

 

Áirítear ar na tionscadail seo:

  • Céim 2 de thionscadal Bhóthar Dáileacháin Dhomhnach Bat, chun rochtain ar Dhomhnach Bat agus Port Reachrann a fheabhsú ó Acomhal Mótarbhealaí M1-Halla an Leasáin a fheabhsú do gach úsáideoir bóithre, go háirithe úsáideoirí bóithre leochaileacha ar nós coisithe agus rothaithe;
  • Uasghrádú Acomhal Chrois an Bhlácaigh, chun leagan amach acomhail níos sábháilte a sholáthar a fhreastlaíonn ar mhótarthrácht agus ar mhodhanna taistil gníomhacha amhail siúl agus rothaíocht;
  • Staidéar ar Acomhal Mótarbhealaí M1-Halla an Leasáin, i gcomhar le BIÉ, chun measúnú a dhéanamh ar na saincheisteanna tráchta teicniúla agus oibríochtúla go léir a bhaineann leis an acomhal mótarbhealaigh straitéiseach seo;
  • Bealaí Taisteal Gníomhach Dhomhach Bat a chuimsíonn tionscadal áitiúla gaolmhara a bhfuil sé mar aidhm acu nascacht áitiúil a mhéadú do choisithe agus rothaithe.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, 'Is iontach an rud é clár chomh leathan d’fheabhsuithe a fheiceáil ag infheisitiú i nDomhnach Bat agus Port Reachrann. Tá daonra an cheantair ag fás go suntasach le blianta beaga anuas agus tá éileamh ar bhonneagar fisiciúil agus sóisialta a thacaíonn le roghanna iompair níos fearr. Tabharfaidh sé seo deis do chomaitéirí Aerfort Bhaile Átha Cliath a bhaint amach go héasca agus oibriú i Sord, cathair Bhaile Átha Cliath agus áiteanna eile agus ag an am céanna tacóidh sé le bláthú leanúnach na tráchtála i nDomhnach Bat agus Port Reachrann.'

Dúirt Matthew McAleese, Stiúrthóir Seirbhísí Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh i gComhairle Contae Fhine Gall, “Tá fíoráthas orm an dul chun cinn maidir le Tionscadail Iompair Dhomhnach Bat a fheiceáil. Beidh buntáistí suntasacha ag na tionscadail seo agus, in éineacht le tógáil tithe nua agus áiseanna áineasa i nDomhnach Bat, freastlóidh siad ar riachtanais forbartha inbhuanaithe an cheantair amach anseo”.

Man and woman shake hands over contract, seated at table

Ag labhairt dó faoin gceapachán, dúirt Harry Meighan, Cathaoirleach Roughan & O’Donovan: “Tá seirbhísí pleanála agus dearaidh curtha ar fáil ag Roughan & O’Donovan i bhFine Gall le breis agus 30 bliain, ó dhearamar tardhroichid Sheachbhóthar Bhaile Bhlainséir go luath sna 1990í. Tá an-áthas orainn gur ceapadh sinn ar an gCreat um Sheirbhísí Comhairliúcháin Innealtóireachta do Thionscadail Iompair Dhomhnach Bat, agus táimid ag tnúth le bhieth ag obair leis an bhfoireann Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh i gComhairle Contae Fhine Gall chun feabhas a chur ar sholáthar taistil ghníomhaigh agus feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre ar Leithinis Dhomhnach Bat-Phort Reachrann”. 

Dúirt Paul Carroll, Innealtóir Sinsearach atá i gceannas ar an Rannóg Pleanála Iompair laistigh de Roinn Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh na Comhairle, “Tá fíoráthas orainn a bheith ag obair le Roughan & O’Donovan ar na tionscadail spreagúla seo. Beidh sé mar aidhm ag na scéimeanna go léir a mbeimid ag obair orthu gréasán iompair ardchaighdeáin a chruthú lena n-áirítear ríocht phoiblí agus tírdhreachtú ar ardchaighdeán. Mar bhaile óg atá ag fás, tá sé tábhachtach go ndearaimid ár mbonneagar do gach cumas agus aois”.

 Cuirfear tús láithreach le hobair ar na céimeanna tosaigh bailithe sonraí agus forbartha coincheapa de Thionscadail Iompair Dhomhnach Bat. Leanfar ar aghaidh le céimeanna breise den obair dheartha ina dhiaidh sin sa bhliain nua.