Dúnadh Sealadach Lána Bell, Baile Brigín d'oibreacha uasghrádaithe

Tá Céim 2 de na hoibreacha uasghrádaithe ar Lána Bell, Baile Brigín beartaithe le bheith ar siúl ón Luan 29 Márta go dtí an Aoine 2 Aibreán 2021

Bell's Lane

Tá Céim 2 de na hoibreacha uasghrádaithe ar Lána Bell, Baile Brigín beartaithe le bheith ar siúl ón Luan 29 Márta go dtí an Aoine 2 Aibreán 2021. Beidh roinnt oibreacha athghrádaithe ithreach i gceist leis seo ina mbeidh innealra trom i gceist.

Chun sábháilteacht an phobail a chinntiú, dúnfar an lána do choisithe ar na dátaí seo le linn uaireanta oibre (8.30rn go 4.30in).

Ba mhaith le Comhairle Contae Fhine Gall leithscéal a ghabháil roimh ré as aon mhíchaoithiúlacht a tharlaíonn.