Dúshlán Siúloide Nua den Fheachtas ‘Go dTé tú Slán’ chun daoine a spreagadh chun siúl ar feadh 30 nóiméad gach lá ar feadh trí seachtaine

keep well app image

Tá an feachtas  ‘Go dTé tú Slán’ dírithe ar thaispeáint do dhaoine de gach aois conas is féidir linn aire a thabhairt dár meabhairshláinte agus dár bhfolláine choirp trí nósanna sláintiúla cabhracha a chur lenár ngnáthamh laethúil agus seachtainiúil.

Tá Spórt Éireann, Cuir Éire ag Siúl agus Éire Shláintiúil ag spreagadh daoine de gach aois siúl isteach in 2021 trí pháirt a ghlacadh sa Dúshlán Siúlóide Nua don Fheachtas ‘Go dTé tú Slán’ atá á seoladh inniu.

Is í siúlóid an cineál gníomhaíochta corpartha is inrochtana atá ar fáil nach bhfuil aon trealamh ná láithreacha speisialta ag teastáil. Tá Spórt Éireann, Cuir Éire ag Siúl agus Éire Shláintiúil ag iarraidh an oiread daoine agus is féidir a thabhairt amach agus a bheith gníomhach ar feadh 30 nóiméad sa lá ar a laghad don 21 lá atá fágtha de mhí na Nollag, ag cur tús le nós sláintiúil don Athbhliain.

Chun tacú leis seo, tá aip nua curtha le chéile ag Cuir Éire ag Siúl a ligfidh d’úsáideoirí taifead a choinneáil ar a gcuid siúlóide agus a chabhróidh leis na rannpháirtithe uile fanacht spreagtha. Leis an aip áisiúil, cuirfear leideanna úsáideacha ar fáil maidir le comhairle faoi conas siúlóid a bheith ina gnáthaimh laethúla. Is féidir é a íoslódáil ar  https://www.getirelandwalking.ie/app

Mar chuid den fheachtas de 21 lá, roinnfidh daoine mór le rá ó gach cearn d’Éirinn an tsiúlóid is fearr leo in 2020, cibé acu is siúlóid shóisialta scartha le nó éalú simplí ón oifig sa seomra leapa i rith am lóin.

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD: “Níl aon amhras faoi na buntáistí a bhaineann le gníomhaíocht choirp agus is í siúlóid an cineál gníomhaíochta corpartha is inrochtana. Tá an-áthas orm a rá go mbeidh mé ag glacadh páirte sa Dúshlán Siúlóide den Fheachtas ‘Go dTé tú Slán’ agus tá an aip íoslódáilte agam cheana féin chun cabhrú liom mé féin a spreagadh agus cuntas a choinneáil ar mo dhul chun cinn i mí na Nollag. "

Dúirt Aire Stáit na nGnóthaí Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers TD: “Is cineál iontach gníomhaíochta coirp í an tsiúlóid atá inrochtana do chách agus in ainneoin gach rud a tharla in 2020 ba iontach an líon daoine a ghlac páirt i siúlóid áineasa a fheiceáil - is comhartha iontach é do shláinte an náisiúin. Leis an Dúshlán Siúlóide den Fheachtas ‘Go dTé tú Slán’ cabhrófar le daoine a choinneáil gníomhach go dtí deireadh na bliana agus tá an-áthas orainn a bheith in ann é a sheoladh inniu. "

Dúirt Frank Feighan TD, an tAire Stáit Sláinte Poiblí agus Folláine, chomh maith: “ Tá ríméad orm tacú leis an tionscnamh iontach seo mar chuid den fheachtas ‘Go dTé tú Slán’ mar chuid d’Éire Shláintiúil. Creidim go láidir gur uirlis an-chabhrach í an Air ‘Cuir Éire g Siúl’, a seoladh inniu, chun cabhrú le daoine cuimhneamh ar dhul amach gníomhaíocht choirp a chleachtadh gach lá. Molaim do gach duine tabhairt faoin dúshlán seo don 21 lá deiridh den bhliain agus a chinntiú go bhfuil siad ag cur tús maith leis an mbliain nua. Mar sin déanaimis gach iarracht teagmháil a dhéanamh lenár gcairde agus baill teaghlaigh chun cabhrú leis an dúshlán, na bróga sin a cheangal, an cóta sin a chur orainn agus dul amach ag siúl ”.

Dúirt John Treacy, Príomhfheidhmeannach Spórt Éireann: “Is ábhar mór misnigh dúinn a fheiceáil go bhfuil na leibhéil siúlóide áineasa in Éirinn níos airde ná riamh. Tá gníomhaíocht choirp ríthábhachtach do shláinte an náisiúin, fhisiceach agus mheabhrach, agus is é ceann de na rudaí dearfacha a thiocfaidh as 2020 ná go n-aithníonn daoine anois tábhacht na gníomhaíochta coirp mar chuid dá saol laethúil. Cuideoidh an Dúshlán Siúlóide den Fheachtas ‘Go dTé tú Slán’ agus an aip nua le siúlóid a bheith mar chuid de nósanna daoine. "

Dúirt Jason King, Bainisteoir an Chláir Náisiúnta Cuir Éire ag Siúl: “Ní féidir na buntáistí a eascraíonn as siúlóid do dhaoine aonair agus don tír ina hiomláine a mheas faoina luach. Is dóigh linn i ndáiríre go gcuideoidh an aip Cuir Éire ag Siúl le daoine a spreagadh trí mhí na Nollag, tréimhse nuair nach mbíonn daoine ró-ghníomhach de ghnáth, agus cabhróidh sí leo tús a chur leis an mbliain 2021 i meon dearfach agus i ndea-shláinte - meabhrach agus fisiceach.”

Tá an Dúshlán Siúlóide ‘Go dTé tú Slán’ mar chuid de ‘Go dTé tú Slán’. Tá an feachtas  ‘Go dTé tú Slán’ dírithe ar thaispeáint do dhaoine de gach aois conas is féidir linn aire a thabhairt dár meabhairshláinte agus dár bhfolláine choirp trí nósanna sláintiúla cabhracha a chur lenár ngnáthamh laethúil agus seachtainiúil. Soláthraíonn sé treoirlínte, faisnéis agus leideanna maidir le conas is féidir linn plean a dhéanamh chun rudaí a dhéanamh a chabhróidh linn dea-shláinte a choinneáil sna míonna amach romhainn.