Faigheann breis is 2,800 Gnóthais Bheaga agus Mheánmhéide i bhFine Gall deontais de €11m
Tá sé fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall go bhfuil €11.04m i maoiniú deontais faighte ag 2,843 gnó sa chontae faoi scéim Costas Méadaithe Gnó (ICOB) an Rialtais.
Arna riar ag Údaráis Áitiúla, is í an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta a dhear scéim an ICOB chun cabhrú le GBManna leis na costais mhéadaithe a bhaineann le gnó a rith.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: "Soláthraíonn íocaíochtaí trí scéim an ICOB insealladh airgid atá ag teastáil go géar do neart gnólachtaí beaga, go háirithe iad siúd atá ag feidhmiú sna hearnálacha miondíola agus fáilteachais. Is minic a bhíonn dúshláin uathúla ag baint le gnólachtaí beaga a rith, ach trí úsáid a bhaint as deontais den chineál seo, is féidir le gnólachtaí rochtain a fháil ar thacaíocht riachtanach a chabhróidh leo fanacht iomaíoch agus fás eacnamaíoch áitiúil a spreagadh."
Dúirt an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Peter Burke: “Bhí fíoráthas orm faomhadh an Rialtais a fháil don Scéim thábhachtach seo chun cabhrú le gnóthais bheaga agus mheánmhéide atá mar chnámh droma ár ngeilleagair. Labhair mé leis na scórtha gnólachtaí ar fud na tíre a bhain leas as an €240m a íocadh go dtí seo agus leanfaimid ag obair leo agus ag tacú leo.
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt chomh maith d’obair na n-údarás áitiúil ar fud na tíre agus buíochas a ghabháil leis an bhfoireann a bhí páirteach ann. Tá siad tar éis cur go mórmhór le rath na Scéime.”
Ar bhonn náisiúnta, cuireadh €257 milliún san iomlán ar fáil faoin Scéim.