Faigheann Fine Gall maoiniú chun breathnú ar thionscadal na snámha farraige sna Sceirí

Springers in Skerries is a popular spot for sea swimming

Leithdáileadh os cionn €40,000 i leith tionscadal staidéir scóipe i bhFine Gall tríd an maoiniú a fógraíodh mar chuid den Scéim um Bonneagar an Chaitheamh Aimsire Faoin Aer (BCAFA) an tseachtain seo.

D’éirigh le Comhairle Contae Fhine Gall lena hiarratas ar mhaoiniú chun cabhrú léi staidéar féidearthachta a dhéanamh maidir le forbairt an bhonneagair ar nós cithfholcadáin, áiseanna gléasta agus rochtain rampaí ar shnámh farraige thart ar Limistéar Snámha The Springers sna Sceirí.

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys maoiniú beagnach ar €2.3 milliún chun tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt 50 tionscadal eachtraíochta faoin aer ar fud na tíre, agus €40,500 dá chuid ag teacht go dtí Fine Gall.

Agus fáilte á chur aige roimh fhógra an mhaoinithe, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy: “Ní hamháin gur caitheamh aimsire áitiúil air a bhfuil meas é an snámh farraige sna Sceirí; ach cuidíonn se go mór le athnuachan an choirp agus na hintinn araon chomh maith. Cabhróidh an maoiniú seo le haghaidh staidéar féidearthachta a dhéanamh ar phríomhbhonneagar na Sceirí maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar ghníomhaíocht bhríomhar shásúil faoin aer atá ag dul i méid ar féidir le gach éinne taitneamh a bhaint as.”

Sea swimming can be an all year round activity

Dar le John Quinlivan, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Fiontair, Turasóireachta agus Cultúir ag Comhairle Contae Fhine Gall: “Cabhróidh an maoiniú seo linn féachaint cad is féidir a dhéanamh le haghaidh timpeallacht níos sábháilte agus níos taitneamhaí a chruthú do ghrúpaí beoga na snámha farraige sna Sceirí. Táimid ag tnúth le bheith ag obair le pobal na háite chun a chinntiú go mbeidh na Sceirí ina gceann scríbe níos fáiltiúla agus níos oiriúnaí do shnámhóirí farraige agus do gach éinne a bhfuil meas acu ar áilleacht na farraigeí cósta againne.”

Tagann ainm an tsuímh ón bpreabchlár a bhí á úsáid ag muintir na háite scór bliain ó shin. Sa lá atá inniu ann, tagann grúpa de shnámhóirí feadh bliana, ar a dtugtar na Frosties, le chéile go rialta chun snámh a dhéanamh san uisce, atá fuar go hiondúil, amach ó cheann tíre an Oileáin Rua de chuid an bhaile álainn cois cósta seo.