Fáiltíonn Comhairle Contae Fhine Gall roimh thorthaí iontacha do Bhaile Bhlainséir sa tuarascáil is déanaí ó GÉCB.

Bhí dea-nuacht do Bhaile Átha Cliath 15 agus Fine Gall sa tuarascáil is déanaí ó GÉCB agus Baile Bhlainséir rangaithe mar an séú baile as 40 bailte / cathracha a ndearnadh suirbhé orthu leis an rangú is airde “Níos Glaine ná Noirm na hEorpa”. 

Members of Blanchardstown Operations Team IBAL report 2024

Bhí dea-nuacht do Bhaile Átha Cliath 15 agus Fine Gall sa tuarascáil is déanaí ó GÉCB agus Baile Bhlainséir rangaithe mar an séú baile as 40 bailte / cathracha a ndearnadh suirbhé orthu leis an rangú is airde “Níos Glaine ná Noirm na hEorpa”.  B’shin é cinneadh an ghrúpa ghnó Gnó na hÉireann i gcoinne an Bhruscair (GÉCB), a léiríonn an suirbhé is déanaí a rinne siad de 40 baile agus cathair gurb é an Nás an baile is glaine. Roghnaíodh Purláin Bhaile Átha Cliath sa 24ú áit as 40 baile / cathair a ndearnadh suirbhé orthu agus atá Glan de réir Noirm na hEorpa.

Fuarthas amach sa tuarascáil an-dearfach ar Bhaile Bhlainséir go ‘bhFuair na trí bhealach isteach a ndearnadh suirbhé orthu an grád is airde bruscair agus coinníodh an t-ardchaighdeán seo i mbeagnach gach ceann de na suíomhanna eile a ndearnadh suirbhé orthu. I measc na samplaí eile bhí ceantar cónaithe Chearnóg an Bhlascaoid, Páirc an Choireáin (bhí an pháirc phoiblí seo i riocht an-mhaith) agus an Phríomhshraid i mBaile Bhlainseir – bhí gnéithe áille ag baint leis an dara ceann m.sh. ceapacha bláthanna ildaite, lampaí sráide ón sean-am, boscaí soithí plandaí móra agus plandú crann.’   

Cuireadh síos ar shampla de cheann amháin de na suíomhanna a ndearnadh suirbhé orthu, Bóthar an Choireáin, mar ‘Bealach isteach úrnua, a bhfuil crainn ar gach taobh de, i mBaile Bhlainséir, a chruthaíonn céad imprisean dearfach den cheantar. Bhí sé an-ghlan ar fud na háite. Coinníodh an t-ardchaighdeán seo d’fhormhór na suíomhanna eile a ndearnadh suirbhé orthu.’ Ba é an tátal a bhain le torthaí an tsuirbhé maidir le Páirc an Choireáin, ‘‘timpeallacht pháirc álainn ina bhfuil lochán mór / pábháil / limistéir féir srl” ná “gur léir gur spás é a choinnítear go han-mhaith agus go bhfuil ardmheas air – suíomh a bhfuil an rangú is airde tuilte aige.’” Mhol an tuarascáil cáilíocht cothabhála na mbóithre agus na gcosán, na gciumhaiseanna féir, na comharthaíochta agus an phlandaithe i gceantar Bhaile Bhlainséir, as a d’eascair an imprisean dearfach ar an iomlán.

Ag labhairt dó faoi na torthaí dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh: “Tá áthas orm an tuarascáil an-dearfach ar cheantar Bhaile Bhlainséir a fheiceáil sna torthaí GÉCB seo. Ba mhaith liom tréaslú le foireann Chomhairle Contae Fhine Gall ar fad a bhfuil a gcuid oibre aitheanta anseo agus tréaslú chomh maith le hoibrithe deonacha Pobail agus Bailte Slachtmhara a fheicimid amuigh gach lá ag glanadh suas ár bpobal. Ní mór dúinn go léir ár gcion a dhéanamh trí bhruscar a dhiúscairt i gceart. Is uirlis úsáideach iad suirbhéanna GÉCB a chabhraíonn linn mar chomhairle agus mar phobal chun iarracht a dhéanamh deireadh a chur le Bruscar, ach, ar deireadh thiar, caithfimid ár n-iompar a athrú mar shochaí agus an leibhéal dramhaíola aonúsáide a ghinimid a chríochnaíonn mar bhruscar a laghdú.’

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Ba mhaith liom tréaslú lenár bhfoirne Oibríochtaí as an sár-obair a spreag na torthaí iontacha seo sa suirbhé GÉCB is déanaí, i bpurláin an Aerfoirt agus go háirithe i gceantar Bhaile Bhlainséir. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an bpobal áitiúil agus le grúpaí na mBailte Slachtmhara a oibríonn linn chun ár gcontae a fheabhsú agus ba mhaith liom impí ar gach duine agus iad ag tabhairt cuairte ar ar bpáirceanna, tránna agus spásanna oscailte chun bruscar a thabhairt abhaile nó úsáid a bhaint as na boscaí bruscair a chuirtear ar fáil.”

Sa tuarascáil fhoriomlán i 2024 bhí laghdú breise ar líon na suíomhanna laistigh de chathracha agus bailte ar measadh gur ‘bhaill dhubha bhruscair’ iad, rud a thugann le tuiscint go raibh údaráis áitiúla níos éifeachtaí, tríd is tríd, maidir le dul i ngleic le dumpáil uirbeach agus aghaidh a thabhairt ar shuíomhanna ar leag GÉCB béim orthu roimhe seo.

Léirigh an suirbhé freisin titim beagnach 50% i leitheadúlacht na mbuidéal plaisteach agus na gcannaí sna 500 suíomh a ndearnadh monatóireacht orthu ó tugadh isteach an Scéim Éarlaise agus Aisíoca anuraidh. Chun an tuarascáil iomlán a fháil, féach http://ibal.ie/

Leanann an Chomhairle ar aghaidh ag iarraidh ar dhaoine gan bruscar a chaitheamh agus teagmhais dumpála a thuairisciú chuig [email protected] agus bogadh ar shiúl ó phlaistigh aonúsáide agus roghanna eile in-athúsáidte a roghnú agus éadaí, buidéil, cannaí srl a athchúrsáil sna hIonaid Fág Anseo iomadúla ar fud an Chontae. Is féidir trealamh leictreach (DTLL) a athchúrsáil saor in aisce in aon asraon miondíola nó i gceann den dá ionaid athchúrsála atá á bhfeidhmiú ag Comhairle Contae Fhine Gall, ceann i gCúil Mhín, Baile Átha Cliath 15 agus ceann in Inbhear, Sord. Féach láithreán gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall www.Fingal.ie le haghaidh tuilleadh eolais.