Fáiltíonn Oifig Fiontar Áitiúil Fhine Gall roimh leathnú Tacaíochtaí Gnó

Local Enterprise Office Fingal Welcomes Expansion of Business Supports

 

Fógraíodh leathnú ar an Scéim Dearbhán Trádála Ar Líne (TOV) agus laghdú ar ráta úis Microfinance Ireland (MFI)

D’fhógair an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, leathnú mór ar thacaíochtaí do ghnólachtaí a bhfuil tionchar ag COVID-19 orthu, lena n-áirítear leathnú ar an Scéim TOV agus laghdú ar an ráta úis d’iasachtaí MFI.

D’fhógair an tAire Humphreys leathnú €2,500 ar an Scéim TOV trí Oifigí Fiontair Áitiúla (LEOanna), do ghnólachtaí a fhostaíonn suas le 10 duine.

I gcomhaontú leis an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Richard Bruton TD, tá €3.3m breise á sholáthar don scéim, rud a chiallaíonn go bhfuil iomlán €5.6m ar fáil go náisiúnta. Is féidir le gnólachtaí áitiúla i bhFine Gall a bhain leas as an Scéim TOV roimhe seo iarratas a dhéanamh, ón lá inniu, ar an dara dearbhán de suas le €2,500, le cómhaoiniú 10%.Is féidir an dearbhán a úsáid chun cabhrú le córais íocaíochta nó áirithinte a chur le láithreáin ghréasáin, mar aon le síntiúis le réitigh ardáin mhiondíola ísealchostais ar line.

Fógraíodh laghdú suntasach ar rátaí úis ar iasachtaí MFI freisin, rud a fhágann go bhfuil an ráta laghdaithe go 4.5%, áit a ndéantar iarratais trí COVID-19 LEO Fhine Gall. Tá Iasachtaí Gnó  de suas le €50,000 ar fáil ó MFI gan aon aisíocaíochtaí agus gan aon ús á gearradh orthu sa chéad sé mhí, do ghnólachtaí incháilithe a fhostaíonn níos lú ná 10 duine.

Dúirt  an tAire Humphreys: “Is lámh chuidithe shuntasach í an pacáiste seo sna tacaíochtaí atá ar fáil do gach gnólacht i ngach earnáil ag an am an-deacair seo. Forbraíodh na bearta chun freastal ar riachtanais éagsúla fiontar na hÉireann agus tá siad dírithe go sonrach bunaithe ar mhéid, earnáil agus riachtanas. Cruthaíonn tionchar COVID-19 deacrachtaí gan fasach do ghnólachtaí a bhfuil trí bliana caite acu cheana féin ag ullmhú d’iarmhairtí féideartha na Breatimeachta, ach seasfaidh na hullmhúcháin sin dúinn. Ba mhaith liom a rá arís le gnólachtaí go leanfaimid orainn ag úsáid na n-uirlisí uile atá ar fáil dúinn chun tacú leo agus airgead a choinneáil ag rith tríd an ngeilleagar sna míonna deacra amach romhainn.”

Ag trácht ar an Scéim TOV, dúirt an tAire Bruton: “Is príomhdheontas rialtais iad Dearbháin Trádála Ar Líne chun cabhrú le fiontair bheaga agus micrifhiontair a bheith ar líne. Cuideoidh na hathruithe atá á bhfógairt againn inniu le cuideachtaí, ag obair lena n-Oifig Fiontar Áitiúil, dul ar líne le linn na tréimhse deacra seo. Tá sé seo tábhachtach go háirithe nuair atá an oiread sin gnólachtaí beaga dúnta. Rachaidh luach an Dearbháin Trádála Ar Líne chun sochair do chuideachta go ceann blianta, áfach, cuirfidh sé borradh faoi d’ioncam, agus cuideoidh sé leat poist a chothú agus a chruthú sa todhchaí.”

Chuir Oisín Geoghegan, Cathaoirleach Líonra LEO agus Ceann Fiontraíochta i bhFine Gall fáilte roimh leathnú na dtacaíochtaí gnó agus dúirt sé: “I gcás go leor gnólachtaí áitiúla, tá na roghanna ó thaobh trádála de an-teoranta mar thoradh ar COVID-19. Tá go leor deiseanna ann, áfach, maidir le díol ar líne agus trí rochtain a fháil ar an scéim Dearbhán Trádála Ar Líne, is féidir le gnólachtaí beaga straitéis inbhuanaithe a fhorbairt chun díolacháin a mhéadú.”

Dúirt sé: “Má theastaíonn rochtain ar mhaoiniú ó do ghnólacht, slánóidh iarratas ar iasachtaí micreamhaoiniúcháin trí Oifig Fiontar Áitiúil Fhine Gall an ráta is ísle atá ar fáil agus gheobhaidh tú cúnamh luachmhar sa phróiseas iarratais agus meantóireacht duine le duine saor in aisce ar an mbealach."

 

Idir an dá linn, is beart nua eile é an Dearbhán Leanúnachais Gnó, ar fiú suas le €2,500 é i dtacaíocht chomhairleoireachta tríú páirtí, atá ar fáil do ghnólachtaí trí LEOanna. Tá sé deartha do ghnólachtaí ar fud gach earnála a fhostaíonn suas le 50 duine agus is féidir le cuideachtaí agus trádálaithe aonair é a úsáid chun straitéisí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a fhorbairt. Is é an sprioc atá ann cabhrú le cuideachtaí cinntí eolacha a dhéanamh faoi na bearta láithreacha agus na bearta feabhais ba cheart a ghlacadh, chun baill foirne agus díolacháin a chosaint.

 

Ina theannta sin, bhog LEOanna formhór na gclár oiliúna, na gceardlann agus an líonrú ar líne, rud a fhágann go bhfuil siad chomh inrochtana agus is féidir dóibh siúd atá ag obair ó chian. Tá cláir á tairiscint anois ag LEO Fhine Gall chun do ghnólacht a threorú tríd an éigeandáil COVID-19; bainistíocht sreabhadh airgid le linn géarchéime; straitéis ríomhthráchtála a fhorbairt; cleachtais oibre lean six-sigma a ghlacadh; agus foirne cianda a bhainistiú.

Is féidir tuilleadh sonraí faoi thacaíochtaí do ghnólachtaí beaga atá ar fáil trí LEO Fhine Gall a fháil ag www.locaenterprise.ie/Fingal, agus trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] .

Is féidir treoir maidir le tacaíochtaí LEO ar fud na tíre a fháil ag LocalEnterprise.ie/Response, mar aon le sonraí faoi thacaíochtaí Enterprise Ireland.

CRÍOCH

Sa phictiúr (ó chlé go deas)

 

  • Cathaoirleach Líonra LEO agus Ceann Fiontraíochta i bhFine Gall, Oisín Geoghegan
  • An tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD
  • Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Enterprise Ireland, Julie Sinnamon

Le haghaidh ceisteanna ó na meáin, téigh i dteagmháil le Oisín Geoghegan, Cathaoirleach Líonra LEO agus Ceann Fiontraíochta i bhFine Gall, ar Theil: 01 8900 800 nó 087-9884081. R-phost: [email protected] .

Tá treoir maidir le tacaíochtaí na hOifige Fiontar Áitiúil do ghnólachtaí beaga le fáil ar an nasc seo:

https://www.localenterprise.ie/Portal/response/Other-LEO-Supports/LEO-Response-Supports-pdf.pdf