Fáiltítear roimh an imreoir Idirnáisiúnta Éireannach is deireanaí ó Fhine Gall

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall gur roghnaíodh Neil Rock as Cumann Cruicéid An Ros don scuad Náisiúnta Sinsearach nuair a bheidh siad ar turas in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha in Eanáir.

Tá cúlra mór spóirt ag Neil, a rugadh agus tógadh i bhFine Gall, agus dar le Brian O’Rourke, Bainisteoir Forbartha Fhine Gall, ‘tá sé ar cheann de na slacaithe gabhálaí geaitíne is fearr ar oibrigh mé riamh leis’.

Cé nach bhfuil Neil ach 20 bliain d’aois, tá sé ina iar-chaptaen óige de chuid Chúige Laighean cheana féin, agus is iar-scoláire é de Scoil na hOllscoile Caitlicí agus de Glenwood High School san Afraic Theas. Chuaigh sé ar aghaidh go tapa i saol an chruicéid agus d’imir sé ar na foirne u15, u17, u19, Acadamh, agus foirne-A. D’éirigh go hiontach leis san fheachtas do Chorn an Domhain u19 in 2018 sa Nua-Shéalainn nuair a scóráil sé 235 rith i sé chluiche, díreach mar a rinne na hiar-slacaithe de chuid Chúige Laighean Eoin Morgan, Kevin O’Brien, Lorcan Tucker, Harry Tector & Jamie Grassi, fir a bhain scór slactha iontach amach ag Coirn Dhomhanda eile roimhe seo.

Go dtí seo, tá páirt glactha ag Neill 38 uair i gcluichí cruicéid Idirchúige, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar cheann de na himreoirí atá 20 bliain d’aois is mó a d’imir in Éirinn. Den chuid is mó, bhí sé ag imirt in aghaidh a chomhimreoirí Laighean, nuair a bhí sé ag imirt ar son na Mumhan agus Northern Knights mar bhí an oiread sin suime cluichí a aimsiú dó.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. David Healy freisin: “Thar ceann Chomhairle Contae Fhine Gall go léir, tréaslaím le Neil agus lena theaghlach as an roghnú idirnáisiúnta seo. Is tús iontach é seo don bhliain 2021, agus tar éis na bliana 2020, a bhí chomh deacair sin, is ábhar bróid dúinn go mbeidh cruicéadaí óg as Fine Gall ag baint a sprioc amach ag tús na bliana, agus cinnte go bhfoghlaimeoidh tú go leor leor as an gcéad turas seo leis an scuad sinsearach.”

Tharraing Margaret Geraghty, Stiúrthóir Seirbhísí ar Chomhairle Contae Fhine Gall, aird ar an tábhacht a bhaineann le roghnú Neill do gach duine atá ag obair i gcúrsaí spóirt: “Is scéal inspioráideach é seo do gach duine ar Fhoireann Spóirt Fhine Gall.  D’oibríomar go dian leis na clubanna áitiúla agus leis na NGB chun go mbeadh sport ar fáil le linn na paindéime seo, agus léiríonn an nuacht seo, mar aon le roghnú Stephan Doheny ó Chumann Cruicéid An Ros in 2020, go bhfuil cumas spóirt idirnáisiúnta á chothú go háitiúil, agus má leanaimid orainn ag obair le chéile chun gabháil tríd an bpaindéim seo, is féidir linn rudaí iontacha a bhaint amach.”

Ghabh Neil buíochas le gach duine a bhí i dteagmháil leis agus a chuir comhghairdeas chuige. Dúirt sé: “Is ag amanna mar seo a thuigeann tú cé mhéad duine a chabhraigh leat ar an mbealach, go háirithe i bhFine Gall. Táim ag tnúth go mór le bheith páirteach sa turas seo go dtí an UAE agus tá súil agam go gcabhróidh sé liom tuilleadh forbartha a dhéanamh ar mo chumas mar chruicéadaí.”

Má tá an ceart ag daoine, seans go gcuirfidh Neil a leasainm ‘Pebbles’ de, agus go dtabharfar an “Irish Rock” air de bharr na láidreachta a chuirfidh sé leis an líne slactha Éireannach sna blianta atá romhainn.

Bheadh lucht cruicéid in Éirinn buíoch beannachtach as an méid sin.

Seo a leanas na cluichí a bheidh ann sna seachtainí atá romhainn:

8 Eanáir UAE v Éire 1st ODI Abu Dhabi

10 Eanáir UAE v Éire 2nd ODI Abu Dhabi

12 Eanáir UAE v Éire 3rd ODI Abu Dhabi

14 Eanáir UAE v Éire 4th ODI Abu Dhabi

18 Eanáir an Afganastáin v Éire 1st ODI Abu Dhabi

21 Eanáir an Afganastáin v Éire 2nd ODI Abu Dhabi

23 Eanáir an Afganastáin v Éire 3rd ODI Abu Dhabi