Faisnéis shuntasach a chuir ÚABÁC isteach faoi iarratas F23A/0781 oscailte do chomhairliúchán poiblí go dtí an 8ú Eanáir
Tá an fhaisnéis bhreise a chuir ÚABÁC isteach ar an 13ú Samhain maidir le hiarratas pleanála F23A/0781 suntasach mar a chinn an tÚdarás Pleanála. Tá tús curtha anois le comhairliúchán poiblí agus is é an 8ú Eanáir, 2025, an spriocdháta le haghaidh tuairimí agus aighneachtaí tríú páirtí.
Is iarratas pleanála um fhorbairt bonneagair d’Aerfort Bhaile Átha Cliath é iarratas pleanála F23A/0781 a chuimsíonn freisin iarratas chun an teorainn bhliantúil paisinéirí a ardú go 40 milliún paisinéir in aghaidh na bliana.
Níl cinneadh ar an iarratas pleanála seo faoi réir na n-amlínte céanna a bhaineann le gnáthiarratas pleanála, toisc gur tháinig an tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí (ÚITA), ina ról mar rialtóir torainn aerárthaigh, ar an tuairim an 17ú Eanáir 2024, go n-éilíonn an t-iarratas measúnú ar an ngá le gníomh a bhaineann le torann.
Níor chuir ÚABÁC, oibreoir Aerfort Bhaile Átha Cliath, an fhaisnéis atá fós gan réiteach isteach go fóill, a d’iarr ÚITA i mí an Mhárta 2024, don mheasúnú seo. Tá cosc ar an Údarás Pleanála cinneadh a eisiúint ar an iarratas pleanála go dtí go bhfaigheann sé treoir ón ÚITA maidir le torann aerárthaigh.
Tá an t-iarratas á mheas ag an Údarás Pleanála de réir an bheartais phleanála náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil ábhartha, lena n-áirítear Plean Forbartha Fhine Gall agus Plean Ceantair Áitiúil Aerfort Bhaile Átha Cliath.