Faomhann Comhairleoirí athnuachan ar Phlean Ceantair Áitiúil Aerfort Bhaile Átha Cliath
Ag cruinniú míosúil Chomhairle Contae Fhine Gall aréir, d’aontaigh na comhairleoirí d’aon ghuth Plean Ceantair Áitiúil Aerfort Bhaile Átha Cliath a shíneadh go dtí 2030.
Ag cruinniú míosúil Chomhairle Contae Fhine Gall aréir, d’aontaigh na comhairleoirí d’aon ghuth Plean Ceantair Áitiúil Aerfort Bhaile Átha Cliath a shíneadh go dtí 2030.
Tá an Plean Ceantair Áitiúil mar chuid de chreat láidir beartais atá i bhfeidhm ag an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun tacú le fás leanúnach Aerfort Bhaile Átha Cliath. Soláthraíonn an Plean Ceantair Áitiúil creat sonrach chun éascú a dhéanamh ar na feabhsuithe acmhainne agus na feabhsuithe oibríochtúla a theastaíonn d’Aerfort Bhaile Átha Cliath chomh maith le cur síos ar an mbonneagar pobail, comhshaoil agus tacaíochta agus na bearta rochtana dromchla atá riachtanach chun tacú le fás an Aerfoirt.
Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh: “Léiríonn an tacaíocht a léirigh na comhairleoirí chun síneadh a chur le Plean Ceantair Áitiúil Aerfort Bhaile Átha Cliath go n-aithníonn Comhairle Contae Fhine Gall tábhacht áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta an Aerfoirt. Mar sin féin, ní mór aon fhorbairt ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a dhéanamh laistigh de chomhthéacs creata fáis inbhuanaithe. Aithnítear sa Phlean Ceantair Áitiúil go bhfuil gá le cothromaíocht chúramach idir cuspóirí eacnamaíocha agus comhshaoil náisiúnta agus leasanna na bpáirtithe leasmhara agus na bpobal a bhaineann leis an aerfort.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Laistigh de Phlean Ceantair Áitiúil Aerfort Bhaile Átha Cliath agus de Phlean Forbartha Fhine Gall aithnítear go soiléir an gá atá le hacmhainn an aerfoirt a leathnú go 40 milliún paisinéir in aghaidh na bliana agus tá an creat riachtanach chun é sin a bhaint amach bunaithe ó 2020 i leith.”
Tá an tÚdarás Pleanála ag déileáil le dhá iarratas pleanála faoi láthair ón daa chun acmhainn na bpaisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a ardú.
Cuireadh stop leis an iarratas 40 milliún (F23A/0781), a cuireadh isteach ar an 20ú Nollaig, 2023, toisc nár fhreagair an daa iarratas ar fhaisnéis ón Údarás Inniúil um Thorann Aerárthaí (ÚITA) a rinneadh bliain ó shin ar an 1ú Márta, 2024. Go dtí go bhfaighfear an fhaisnéis riachtanach sin, agus go bhfuil measúnú torainn ÚITA curtha i gcrích ina dhiaidh sin, níl an tÚdarás Pleanála in ann cinneadh a eisiúint ar an iarratas 40 milliún.
Tá an t-iarratas 36 milliún (F25A/0094E), a cuireadh isteach ar an 6ú Feabhra, 2025, á mheasúnú faoi láthair ag an Údarás Pleanála de réir na treorach pleanála náisiúnta agus réigiúnach ábhartha chomh maith le Plean Forbartha Fhine Gall agus Plean Ceantair Áitiúil Aerfort Bhaile Átha Cliath. Roghnaigh an daa gan dul i mbun réamhphleanála leis an Údarás Pleanála roimh dóibh an t-iarratas seo a chur isteach.
Ar an 5ú Márta, 2025, scríobh ÚITA chuig an Údarás Pleanála ag tabhairt fógra go bhfuil siad den tuairim go bhfuil togra san fhorbairt a éilíonn measúnú ar an ngá le gníomh a bhaineann le torann.
Ceanglaíonn Acht 2019 lenar bunaíodh an tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí ar an Údarás Pleanála iarratais phleanála ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a tharchur chuig ÚITA chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag torann aerárthaigh. Is príomhfhachtóir é tionchar torainn i bpleananna leathnaithe aerfoirt. Is gnách go n-eascraíonn an gá le measúnú torainn agus iarratas á dhéanamh chun toilleadh a mhéadú.
As na 61 iarratas pleanála a cuireadh faoi bhráid ÚITA ó bunaíodh é i 2019, ní raibh measúnú torainn ag teastáil ach ag trí cinn. Tarraingíodh siar ceann amháin de na hiarratais sin, i 2019, ina dhiaidh sin ag an daa, rud a d’fhág gur scoireadh den mheasúnú torainn. Is iad an dá cheann eile na hiarratais atá ag an Údarás Pleanála faoi láthair chun acmhainn Aerfort Bhaile Átha Cliath a mhéadú go 40 milliún agus 36 milliún.
Bhí measúnú éigeantach torainn ag iarratas eile faoin reachtaíocht mar gur Gníomh Ábhartha a bhí ann faoi Alt 34(C) den Acht Pleanála. Baineann sé seo le húsáid oíche an chórais rúidbhealaigh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus rinneadh achomharc i gcoinne chinneadh an Údaráis Phleanála chuig an mBord Pleanála agus níl cinneadh críochnaitheach eisithe acu go fóill.
Is féidir Plean Ceantair Áitiúil Aerfort Bhaile Átha Cliath a fheiceáil anseo