Feabhsúcháin Nascachta R132 Ar Siúl Mar Cead Pleanála Deonaithe

R132 connectivity project artists impression

Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil cead pleanála iomlán tugtha ag an mBord Pleanála do Thionscadal Nascachta an R132.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag obair i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Iompair chun nascacht a fheabhsú do bhaile Shoird agus áirítear leis seo fócas athnuaite ar áiseanna sábháilte do choisithe agus rothaithe ar an R132. Feabhsóidh Tionscadal Nascachta an R132 nascacht agus sábháilteacht coisithe agus rothaithe a ghluaiseann feadh, agus trasna, an R132 agus feabhsóidh sé saoráidí do gach úsáideoir bóithre le buntáistí ar leith dóibh siúd a roghnaíonn modhanna inbhuanaithe iompair ar nós úsáideoirí bus, rothaithe agus coisithe.

Díreoidh na hoibreacha ar an gcuid den R132 a ritheann soir ó Lár Baile Shoird, ó Chnoc Pinnock go Timpeallán an Inbhear.

Seoladh comhairliúchán poiblí i mí na Samhna 2020 agus, tar éis aighneachtaí ón bpobal, cuireadh dearaí mionsonraithe faoi bhráid an Bhoird Pleanála i mBealtaine 2021 le haghaidh cead pleanála.

Ar 20 Eanáir na bliana seo d’fhógair an Bord Pleanála a gcinneadh cead a thabhairt don tionscadal fíorthábhachtach seo, a fheabhsóidh sábháilteacht bóithre agus nascacht dóibh siúd ar fad atá ina gcónaí, ag obair agus ag tabhairt cuairte ar an gceantar.

Deir Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh go bhfuil an tionscnamh ríthábhachtach do Shoird. ‘Beidh an tionscadal nascachta seo ina rogha éasca do dhaoine i Sord dul chun na hoibre, na scoile agus na siopaí trí shiúlóid agus rothlú a dhéanamh. Tá na hathruithe atá á ndéanamh deartha chun sábháilteacht a fheabhsú ach freisin chun timpeallacht shláintiúil a chur chun cinn trí líon na dturas gearr a dhéantar i gcarr a laghdú. Beidh ár straitéis Sord Inbhuanaithe á foilsiú againn níos déanaí i mbliana agus beidh an tionscadal R132 seo mar chuid de sin trí thacú le fás pobal sláintiúil agus nasctha de réir na bpleananna do Shoird Inbhuanaithe.’

Roinn an Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh do Chomhairle Contae Fhine Gall, Matthew McAleese, a sceitimíní an tionscadal a chur ar aghaidh go dtí an chéim deartha sna míonna amach romhainn. ‘Agus ionchas anois ag go leor daoine filleadh ar an oifig, tá sé níos soiléire ná riamh gur ceist í nascacht shábháilte agus áisiúil i gceantar Shoird, agus táimid ag tnúth le dul i ngleic leis seo. Cuirfidh dearadh an tionscadail seo nascacht fheabhsaithe le hiompar poiblí ar fáil freisin dóibh siúd atá ag iarraidh taisteal níos faide ó bhaile agus beidh sé ina phríomh-chomhpháirt agus iad ag comhtháthú le seachadadh MetroLink agus BusConnects amach anseo.”

Tá an tionscadal comhdhéanta de:

Athruithe ar charrbhealaí ó thuaidh de Thimpeallán Chnoc Pinnock go dtí lastuaidh de Thimpeallán an Inbhir lena n-áirítear lánaí ainmnithe bus, lánaí rothar agus cosáin coisithe a bhunú feadh gach taobh den charrbhealach, le luasteorainn laghdaithe nua de 50km/u; 

  • Trí thimpeallán atá ann cheana féin feadh an R132 (timpealláin Bhóthar an Inbhear, Bhaile na Mara agus Mhullach Íde) a thiontú go crosairí comharthaíochta le pointí trasnaithe coisithe agus rothaithe;
     
  • Athchumrú ar ghéag Bhóthar Drynam de Thimpeallán Bhóthar Mhullach Íde chun nascadh go díreach le Bóthar Mhullach Íde mar bhóthar aontreo; 

 

  • Trí phointe trasnaithe nua le comharthaí ag:
    • Ó thuaidh de Thimpeallán Pinnock Hill
    • In aice le tras-droichead Lána an tSéipéil/Ascaill Ashley atá ann cheana féin
    • Ó thuaidh de Thimpeallán an Inbhir
       
  • Suiteáil áiteanna casaidh ag dhá phointe ar leith feadh an R132;

Agus an straitéis Inbhuanaithe Sord le foilsiú níos déanaí i mbliana, leanfaidh an fhoireann tionscadail ildisciplíneach ag ullmhú dearaí níos mionsonraithe chun cur ar chumas an tionscadail seo dul ar aghaidh lena chur i bhfeidhm. Áireoidh sé seo idirchaidreamh leis an NTA agus TII (Bonneagar Iompair Éireann) maidir le comhtháthú gan uaim a sholáthar leis an tionscadal MetroLink agus BusConnects atá beartaithe.

Chuir Anne Graham, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Náisiúnta Iompair, fáilte roimh fhógra an chead pleanála. ‘Tá lúcháir ar an NTA oibriú le Comhairle Contae Fhine Gall chun feabhsuithe suntasacha a chur ar fáil don bhonneagar siúlóide agus rothaíochta i gceantar Shoird. Feabhsóidh an tionscadal seo an tsábháilteacht do gach úsáideoir bóithre agus laghdóidh sé éifeacht deighilte an R132 agus na ceantair máguaird. Cuirfidh an bonneagar seo ar chumas cónaitheoirí Shoird siúl nó rothaíocht ar thurais áitiúla agus rochtain a fháil ar sheirbhísí iompair phoiblí le haghaidh turais níos faide.

“Is féidir leo siúd ar mian leo breathnú ar phleananna na scéime iad a fháil ar an Tairseach Comhairleach ag https://consult.fingal.ie/ga/consultation/application-bord-pleanala-fingal-county-council-r132-connectivity-project

R132 Swords Connectivity Project