Feachtas nua ‘Cruthaigh’ ó Cheithre Údarás Áitiúil Bhaile Átha Cliath á sheoladh

Is é an tionscnamh is déanaí atá acu ná, ‘Cruthaigh’, glaoch chun gnímh do dhaoine aonair agus phobail a dtionscadail Ghaeilge féin a sheoladh, bíodh siad i ngnó, sna healaíona nó i spásanna sóisialta. 

Cruthaigh 4 Mayors launch

Cad atá i gcoiteann ag comharghrúpa ealaíon LADTA+ i lár na cathrach, club CLG i Leamhcán, scoil ióga i bPort Mearnóg, agus siopa caife i dTamhlacht? Tá siad ar fad ag feidhmiú as Gaeilge agus mar chuid d’fheachtas dána nua chun cainteoirí Gaeilge a spreagadh chun glacadh le nuálaíocht agus fiontraíocht ar fud na príomhchathrach agus níos faide i gcéin.

Tá an Ghaeilge faoi bhláth i bpobail ar fud na tíre, agus tá níos mó daoine ag teacht ar bhealaí leis an teanga a úsáid ina saol laethúil. Chun tacú leis an móiminteam seo, tá na ceithre chomhairle áitiúil i mBaile Átha Cliath (Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin) i ndiaidh teacht le chéile ar Ghaeilge365, clár nuálaíochta teanga atá deartha chun an Ghaeilge a chomhtháthú i ngníomhaíochtaí laethúla.

Is é an tionscnamh is déanaí atá acu ná, ‘Cruthaigh’, glaoch chun gnímh do dhaoine aonair agus phobail a dtionscadail Ghaeilge féin a sheoladh, bíodh siad i ngnó, sna healaíona nó i spásanna sóisialta. I measc na gceannródaithe atá chun tosaigh cheana féin tá:

  • Aerach Aiteach Gaelach (AAG): Comharghrúpa ealaíon LADTA+ a bhunaigh Ciara Ní É agus Eoin McEvoy, i 2020, a chuireann spás ar fáil do dhaoine LADTA+ le cheangail trí Ghaeilge. Tá os cionn 110 ball ag an gcomharghrúpa, lena n-áirítear drámadóirí, filí, ceoltóirí, taibheoirí draig, agus acadóirí. “Is féidir an Ghaeilge a úsáid chun aon ábhar a phlé, níl aon rud as an tábla,” a dúirt an comhbhunaitheoir Eoin McEvoy.
  • Na Gaeil Óga CLG: Club CLG lán-Ghaeilge atá méadaithe go dtí breis is 600 ball ó bunaíodh é in 2010. Le breis is 40 foireann idir pheil, iománaíocht agus camógaíocht, cuireann an club spás fáilteach, tumtha ar fáil inar féidir le foghlaimeoirí agus cainteoirí líofa araon imirt agus casadh ar a chéile trí Ghaeilge. “Cuid lárnach dár n-éiteas is ea a chinntiú go mbraitheann cainteoirí Gaeilge go bhfuil tacaíocht agus muinín acu as an teanga a úsáid go nádúrtha,” a dúirt Ciarán Ó Feinneadha ón gclub.
  • Aon Scéal? Caifé: Croílár caife lán-Ghaeilge á reáchtáil ag Dawn Nic Íomhar, a chuireann spás fáilteach ar fáil do chainteoirí líofa agus d’fhoghlaimeoirí araon.
  • Gaelgáirí: Comharghrúpa grinn Gaeilge faoi stiúir Louisa Ní hEideáin agus Aideen McQueen, ag tabhairt na teanga go taispeántais ar a bhoinn agus cumtha ar an láthair.
  • Óga Yoga: Bunaithe ag Ciarán Mac Fhearghusa, cuireann an tionscnamh seo ranganna aireachais agus ióga ar fáil do scoileanna trí Ghaeilge.
  • Píosa Me: Club sóisialta do chainteoirí Gaeilge, bunaithe ag Stephanie Ní Chonchúir, ag cruthú spásanna le haghaidh comhrá agus ceangail.
  • Croí na Coille: Cúram lae lán-Ghaeilge do pháistí trí bliana d’aois agus níos sine, bunaithe ag Cris Uí Bhriain.
  • Macalla Teoranta: Comhlacht léiriúcháin agus stiúideo fuaime lán-Ghaeilge á reáchtáil ag Cúán Mac Conghail.

Cruthaitheacht an phobail agus Cosmhuintir

D’aibhsigh Daithí de Buitléir, Clárbhainisteoir Gaeilge365, cé chomh lárnach is atá Cruthaigh i bhfís an chláir:

“Is snáithe ríthábhachtach de Ghaeilge365 é Cruthaigh, a chinntíonn go bhfuil cruthaitheacht an phobail agus tionscnaimh faoi stiúir an phobail fite fuaite inár straitéis nuálaíochta teanga. Trí na tionscadail seo a chomhtháthú sa chlár níos leithne, táimid ag cothú éiceachórais inbhuanaithe, beo Gaeilge ar fud Bhaile Átha Cliath.”

Tá an feachtas á chur chun cinn ar fhógraíocht foscadh bus, ar na meáin shóisialta agus trí phodchraoltaí. Le haghaidh tuilleadh eolais féach https://www.gaeilge365.ie/cruthaigh

Nóta d'Eagarthóirí

Chun agallamh a shocrú le haon cheann de na grúpaí a ghlac páirt i ‘Cruthaigh’ nó chun tuilleadh eolais a fháil faoi Gaeilge365, déan teagmháil le hEimear Ní Bhraonáin ar 086-0200016 nó seol ríomhphost chuig [email protected] .

Cruthaigh 4 Mayors and Daithi launch