Filleann cuntas Twitter na Leabharlainne tar éis athbhreithniú

Donabate-Library (1)

Ar an gCéadaoin, an 21 Meán Fómhair, rinneadh an cinneadh chun cuntas Twitter Leabharlann Fhine Gall a chur ar fionraí go sealadach chun athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíocht ar an gcuntas agus cibé an ndearnadh an cuntas a haiceáil. Tar éis an chuntais a scrúdú, níor aimsíodh aon fhianaise ar ghníomhaíocht sheachtrach neamhúdaraithe ar an gcuntas, agus tá sé athghníomhaithe anois.

Mar chuid den phróiseas chun an cuntas a rith arís chomh tapa agus is féidir, tá céimeanna á nglacadh againn faoi láthair lena chinntiú go mbeidh an cuntas in ann suaitheantas gorm Fíoraithe a thaispeáint chun a bharántúlacht a neartú.

Ina theannta sin, beidh foireann na Leabharlann ag déanamh athbhreithnithe ar an mbeartas agus ar na nósanna imeachta chun cuntais úsáideoirí Twitter eile a leanúint. Agus an t-athbhreithniú seo á dhéanamh againn, beimid ag díleanúint na gcuntas go léir a leanamar roimhe seo. Nuair a ghlacfar le beartas, tosóidh muid ansin ar atógáil de réir na dtreoirlínte sin. Cuirfear tús leis seo sna laethanta amach romhainn.

Ní dhéanfar aon trácht ar an ábhar, ar na ráitis a rinneadh, ná ar na dearcthaí ar an ábhar a bhaineann le fionraíocht an chuntais. Tar éis dúinn a bheith ag leanúint na bpríomhphearsana ar an dá thaobh den ábhar, táimid sásta nár tacaíodh le haon dearcadh amháin.

Is saoráidí poiblí iad ár leabharlanna a bhfuil an-mheas orthu go léir agus a fheidhmíonn mar spásanna daonlathacha oscailte, cuimsitheacha, sábháilte, neamhpholaitiúil agus neodracha ina gcuirtear fáilte roimh gach saoránach, beag beann ar a thógáil nó a thuairimí. Ar an dóigh chéanna, tacaíonn Comhairle Contae Fhine Gall, mar chomhlacht stáit a bhfuil meas mór air, go tréan le héagsúlacht agus cuimsiú.

Ná bíodh aon amhras ort le do thoil, níor glacadh go héasca an cinneadh chun cuntas Twitter na Leabharlanna a chur ar fionraí go sealadach, go háirithe toisc go gcuireann sé go leor faisnéise faoi na rudaí a bhfuil ar siúl ar fud ár líonra. Tá súil againn agus muid ag dul ar aghaidh leis an gcuntas, go leanfaidh sé ar aghaidh ag fáil tacaíochta agus idirghníomhaíochtaí dearfacha mar a bhí sé roimhe seo.