Fine Gall le 16,000 crann a bhronnadh ar an bpobal chun cabhrú le troid in aghaidh an athraithe aeráide

Dominica McKevitt, Head Gardener Ardgillan Demesne distributing trees in 2019

Chun cabhrú le Seachtain Náisiúnta na gCrann i mbliana a cheiliúradh, tá pleananna fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall 16,000 crann a dháileadh ar chónaitheoirí ar fud an chontae, chomh maith le bheith ina óstach do roinnt imeachtaí plandaithe pobail.

Tabharfaidh an tionscnamh seo an deis do dhaoine a gcrann féin a roghnú le cur le linn Seachtain Náisiúnta na gCrann a bheidh ar siúl ón 21- 27 Márta. Cuirfear crainn ar fáil ag ceithre phríomhmhol i bhFine Gall, agus fógrófar sonraí fúthu go luath.

Tá na crainn saor in aisce mar chuid de phlean na Comhairle chun Fine Gall níos glaise agus níos sláintiúla a chruthú do na glúnta atá le teacht, le ceannbhrat crann curtha leis ar fud an chontae chun cabhrú le daonra crann rathúil, éagsúil agus inbhuanaithe a sholáthar. Reáchtáil an Chomhairle an tionscnamh ar dtús i nDiméin Ard Giolláin i 2019 agus bhí freagairt ollmhór ón bpobal; cé go raibh tuairim is 1,500 crann curtha ar leataobh acu le bailiú, bhí spéis an phobail chomh mór sin maidir lena gcion a dhéanamh ar son an chomhshaoil gur dhein an Chomhairle breis agus 7,500 crann a dháileadh ar bhaill an phobail.

Dúirt An Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, Méara Fhine Gall: “Tá an Chomhairle tiomanta do chuidiú le borradh a chur faoi cheann de na sócmhainní nádúrtha is tábhachtaí atá againn sa troid in aghaidh an athraithe aeráide. Cabhróidh dáileadh agus plandú 16,000 crann linn chun daonra crann rathúil, éagsúil agus inbhuanaithe a fhorbairt i bhFine Gall ar aon dul le forbairt inbhuanaithe uirbeach an chontae.

Dúirt Kevin Halpenny, Stiúrthóir Sinsearach Páirceanna Chomhairle Contae Fhine Gall: “Déanaimid bainistiú ar thart ar 2,000 heicteár de spás oscailte poiblí, ar tírdhreacha oidhreachta cuid mhór díobh, sainithe ar go leor bealaí ag coillearnach agus crainn. Cabhróidh plandú 16,000 crann breise ar fud Fhine Gall le hacmhainneacht chomhshaoil níos fearr an chontae a chinntiú ar feadh na nglúnta.” 

Beidh na crainn a chuirfear ar fáil do chónaitheoirí le plandú laistigh dá réadmhaoin féin agus spreagfar iad chun an ócáid a chomóradh agus a roinnt ar chainéil meán sósisialta na Comhairle.

Fotheidil
Íomhá 1 - Dominica McKevitt, Príomh-Gharraíodóir Diméin Ard Giolláin ag dáileadh crainn i 2019

Íomhá 2 – Baill den phobal i scuaine le haghaidh crann saor in aisce i nDiméin Ard Giolláin i 2019

 

Members of the public queuing for free trees in Ardgillan Demesne in 2019