Fine Gall réidh le ceiliúradh a dhéanamh ar cheann de na himeachtaí cultúrtha is mó in Éirinn

Donabate archive picture

Imeachtaí saor in aisce, turais agus mórán eile ar fáil do gach éinne chun teacht ar iontais cheilte Fhine Gall agus oidhreacht an chontae a fhoghlaim.

Agus an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta le tosú an deireadh seachtaine seo, beidh raon fairsing na n-imeachtaí ar siúl i bhFine Gall chun cabhrú le hoidhreacht nádúrtha, tógtha agus cultúrtha na hÉireann a cheiliúradh.

Ar siúl ón 17-25 Lúnasa, tá sé mar aidhm ag Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta tuiscint níos fearr ar ár n-oidhreacht a chur chun cinn, chun á spreagadh agus á caomhnú. Scrúdaíonn téama na bliana seo, ‘Naisc, Bealaí is Líonraí’ na bealaí ina bhfuilimid ceangailte lena chéile, go fisiciúil, go cultúrtha agus go sóisialta.

Tugann clár na Comhairle Oidhreachta, Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta , pobail, teaghlaigh, eagraíochtaí, institiúidí cultúrtha, lucht acadúil agus díograiseoirí le chéile. Is féidir le gach éinne páirt a  ghlacadh ann, le siúlóidí, cainteanna, turais, taispeántais agus mórán imeachtaí eile ar siúl ann.

Dúirt Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall Christine Baker: “Sé téama na bliana seo ná an nasc, a théann níos doimhne ná cuid fhisiciúil de na hiarnróid agus na canálacha de, agus baineann sé leis an méid a bhfuilimid ceangailte le chéile mar phobail agus a chuireann an muintir atá ionainn le chéile. Ní ‘sean-rudaí’ amháin atá san oidhreacht ach ligeann sí dúinn ceangal a dhéanamh le daoine eile i láthair na huaire cibé an bhfuil bácáil an aráin nó foghlaim faoi fhéileacáin á dhéanamh againn ag an am.”

Tiocfaidh baill de Líonra Oidhreachta Fhine Gall le chéile arís i Mullach Íde le haghaidh Oíche Oidhreachta Fhine Gall ar an 21 Lúnasa chun cainteanna gairide a roinnt maidir lena gcuid cheantair áitiúil. Ina theannta sin, seolfar leabhrán Líonra Oidhreachta 2024 a leagann béim ar an obair atá ar bun ag na grúpaí oidhreachta agus ag na cumainn staire ar fud an chontae.

Mar chuid de ghníomhaíochtaí Sheachtain na hOidhreachta, déanfar Laethanta Oscailte na Cartlainne, cainteanna agus ceardlann a reáchtáil ag Staidéar Áitiúil agus Cartlanna Fhine Gall dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa ghinealais agus tá Aonad Bithéagsúlachta Fhine Gall ag dul i gcomhar le cleachtóirí chun taithí ar dhomhan an dúlra a chur ar fáil mar chuid de shiúlóid na reiptílí ar Cheann Bhinn Éadair. agus de shiúlóid na n-ialtóg i mBaile Dúill.

Tabharfar an deis foghlaim faoi arán a bhácáil agus cuimhní bia ar cheantar Fhine Gall i gcoitinne a roinnt ag ‘Blas: Fingal’s Food Heritage’ i Muilte na Sceirí. I measc na n-imeachtaí eile ar siúl ag Réadmhaoine Oidhreachta Fhine Gall, tá turais siúlóide, ceardlann ealaíne do leanaí agus taispeántas an raidió amaitéarach ag Caisleán Ard Giolláin. Is féidir páirt a ghlacadh i lá oscailte na staire bhéil i gCaisleán Mhullach Íde agus ceiliúradh 180 bliain a dhéanamh ar an Líne idir Baile Átha Cliath agus Droichead Átha ag Iarsmalann Iarnróid Mhúnla Casino nó dul ar chamchuairt fhearann Diméin an Droichid Nua.

Tabhair tacaíocht d’imeachtaí oidhreachta an phobail trí iniúchadh a dhéanamh ar thur an tséipéil i Lusca, trí pháirt a ghlacadh sa cheardlann taifeadta leac uaighe i dTeampall Mhaighréide, trí chuairt a thabhairt ar lá oscailte an Mhúsaem Náisiúnta Iompair i mBinn Éadair nó trí thaitneamh a bhaint as siúlóid Chluain Saileach agus na Canálach Ríoga. Tá mórán bealaí ann le bheith páirteach in imeachtaí do gach aois. Mar aon le conair bheag stairiúil na mbainteoirí sa Ros, le mapáil do thaisce a  i mBaile Bachaille agus le siúlóidí na n-iontaisí i bPort Mearnóg, beidh beagnach 50 imeacht ar siúl ar fud Fhine Gall le sult a bhaint astu.

Tá an clár iomlán le feiceáil ag  www.heritageweek.ie