Fógra Toirmisc Ná Snámh sínithe i leith na Trá Tosaigh i mBaile Brigín

Tá Fógra Toirmisc Ná Snámh sínithe inniu i leith na Trá Tosaigh i mBaile Brigín ar feadh 7 lá.

Extension of Temporary Do Not Swim Prohibition Notice at Front Strand Beach Balbriggan

Tá Fógra Toirmisc Ná Snámh sínithe inniu i leith na Trá Tosaigh i mBaile Brigín ar feadh 7 lá.

Séard is cúis leis seo ná na leibhéil baictéaracha ardaithe a fuarthas in uisce farraige i dtástáil a rinneadh ar an 12 Meitheamh 2023. Sí an chúis dhóchúil lena leithéid ná: Laghdaigh cáilíocht an uisce de bharr tionchair amhrasta ó ainmhithe/éin agus éilliú an uisce dromchla uirbeacha ag scaoileadh isteach sa limistéar snámha.

Socrófar sampla deiridh teagmhais agus ansin déanfar athbhreithniú ar an toirmeasc.

Tá an Trá Tosaigh fós ar oscailt ach iarrtar ar úsáideoirí na trá meas a léiriú ar an bhfógra ‘Ná Snámh’ toisc go bhfuil sé curtha i bhfeidhm chun a chinntiú nach gcuirtear isteach ar shláinte na n-snámhóirí.

Is féidir le héinne den phobal cáilíocht an uisce ag aon cheann de na limistéir snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré ar shuíomh Gréasáin an EPA ag www.beaches.ie  nó trí fhéachaint ar clár na bhfógraí ag an mbealach isteach ar gach trá.

Chun míniú a fháil ar na caighdeáin a úsáidtear le haghaidh torthaí uisce snámha a thuairisciú, féach ar  https://www.fingal.ie/bathing-water-quality-monitoring-faqs

Torthaí Cáilíocht an Uisce Snámha ó shamplaí a bailíodh ar an 12 Meitheamh 2023

Bhain an huisce snámha sna limistéir seo a leanas an caighdeán “den scoth” amach maidir le cáilíocht an uisce;

Trá Loch Sionnach

An Trá Theas, An Ros

Trá an tSrutháin, Port Reachrann

Trá Bhaile na Carraige, Domhnach Bat

Trá na Veilbhite, Port Mearnóg

Trá an Choinicéir, Cill Fhionntain – tá an Fógra Toirmeasc (Ná Snámh) i bhfeidhm ó 13/6/23 áfach – tá sampla deireadh an teagmhais socraithe don 15/6/23 agus cuirfear na torthaí ar fáil

Chomh maith leis sin, Bhain an limistéir snámha neamhaitheanta ag Trá Mhullach Íde an caighdeán “den scoth” amach maidir le cáilíocht an uisce chomh maith.

Bhain trí limistéar snámha an caighdeán “maith” amach maidir le cáilíocht an uisce;

Trá Claremont, Binn Éadair, Trá Thuaidh an Rois* agus Trá Theas na Sceirí* (*athshamplaí socraithe don 15/6/23)

Bhain Trá Thosaigh Baile Brigín an caighdeán “droch-chaighdeán” amach maudur le cáilíocht an uisce agus tá imscrúdú ar siúl. Tiocfaidh Fógra Toirmisc (Ná Snámh) i bhfeidhm anois in ionad an Fhógra Comhairleach Uile-Séasúir.

Tá an chéad sampla eile sceidealaithe lena thógáil ar an 26 Meitheamh leis  na torthaí a bheith ar fáil ar an 28 Meitheamh agus leanfar leis an tástáil gach 2 sheachtain go dtí deireadh séasúir an tsnámha i mí Mheán Fómhair.

Tá tuilleadh eolais faoi thránna agus faoi uisce snámha le feiceáil san alt Tránna agus Uisce Snámha

Tá tuilleadh eolais faoi Ghardaí Tarrthála agus faoi Sholáthar na nGardaí Tarrthála  le feiceáil san alt  Gardaí Tarrthála agus Soláthar na nGardaí Tarrthála