Fógra um Uisce a Fhiuchadh curtha ar ceal le héifeacht láithreach do chustaiméirí a fhaigheann a n-uisce ó Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin

Tar éis comhairliúcháin agus i gcomhaontú leis an FSS, is féidir le hUisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall a dheimhniú go bhfuil deireadh curtha leis an bhFógra um Fhiuchadh Uisce do chustaiméirí a a fhaigheann uisce ó Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin.

Boil Water Notice

Tar éis comhairliúcháin agus i gcomhaontú leis an FSS, is féidir le hUisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall a dheimhniú go bhfuil deireadh curtha leis an bhFógra um Fhiuchadh Uisce do chustaiméirí a a fhaigheann uisce ó Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin.

Bhí iniúchadh an EPA ar Sheanghléasra Léim an Bhradáin agus torthaí sásúla a fuarthas ar roinnt samplaí uisce ina bhfachtóirí maidir leis an gcinneadh an Fógra a chur ar cheal.

Rinne an EPA a hiniúchadh ar Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin Dé hAoine ar an 8 Samhain. Bhí Uisce Éireann, Comhairle Contae Fhine Gall i láthair chun tacú leis an iniúchadh agus bhí FSS i láthair freisin. Bhí an EPA, a bhfuiltear ag siúl le go bhfoilseofar a gcuid torthaí an tseachtain seo chugainn, in ann na bealaí ina ndearna Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall an sean-ghléasra a bharrfheabhsú; an fhoireann agus an mhonatóireacht bhreise; agus tástáil laethúil ar uisce a fheiceáil

Leanfaidh Uisce Éireann, an FSS, an GCC agus Comhairle Contae Fhine Gall lena bplé ar Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin, agus is í cosaint shláinte an phobail an phríomhthosaíocht.

Dúirt Niall Gleeson, Stiúrthóir Bainistíochta Uisce Éireann,

“Aithníonn agus tuigeann Uisce Éireann tionchar an fhógra seo um uisce a fhiuchadh ar an 600,000 duine a ndeachaigh sé i bhfeidhm orthu agus is oth linn ó chroí an mhíchaoithiúlacht.”

“Rinneamar ár ndícheall an pobal a choinneáil cothrom le dáta ag gach céim agus táimid buíoch do na meáin, do na hionadaithe tofa agus don phobal a roinn an fhaisnéis ar na meáin shóisialta agus a thacaigh lena dteaghlaigh, lena gcairde agus lena gcomharsana."

 “Táimid buíoch dár gcomhpháirtithe i gComhairle Contae Fhine Gall a d'oibrigh linn chun gach fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil don FSS agus don  EPA ionas go gcealófaí an fógra um uisce a fhiuchadh”

“Tá tá baol ann i gcónaí le seanghléasra Léim an Bhradáin agus beidh Uisce Éireann ag obair le Comhairle Contae Fhine Gall chun an baol go mbeidh orainn fógra um uisce a fhiuchadh eile a chur i bhfeidhm a íoslaghdú. Táimid tar éis uasmhéadú a dhéanamh ar na próisis chun athléimneacht a incheapadh agus ag an am céanna táimid ag atreorú uisce ón mBaile Mór, an gléasra cóireála uisce is mó sa tír, chun brú ar an seanghléasra ag Léim an Bhradáin a mhaolú. Agus muid ag obair le Comhairle Contae Fhine Gall táimid ag cur leis an monatóireacht agus leis an soláthar foirne ag an ngléasra agus ag méadú líon na dtástálacha uisce. Is é an réiteach fadtéarmach ná scagairí nua a chur sa seanghléasra agus tá an próiseas seo á thabhairt chun tosaigh chomh sciobtha agus chomh sábháilte agus is féidir ach ag an am céanna ní mór an soláthar do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath a chinntiú. ”

 “Dá bhféadfaimis é a dhéanamh, dhéanfaimis an seanghléasra a dhúnadh, é a thógáil as líne agus dhéanfaimis an t-athchóiriú go léir láithreach. Ní féidir é seo a dhéanamh toisc gurb as an Seanghléasra a thagann 20% de sholáthar uisce Bhaile Átha Cliath agus níl aon acmhainn bhreise againn a ligfeadh dúinn é seo a dhéanamh. ”

“Leanfaimid orainn ag déanamh dlúthmhonatóireachta ar an ngléasra.”

Má bhíonn aon cheist ag custaiméirí maidir leis an bhFógra seo um Uisce a Fhiuchadh agus é a bheith curtha ar ceal, ba cheart dóibh teagmháil díreach a dhéanamh le hUisce Éireann ar ár líne chabhrach um chúram custaiméirí.

Tá nuashonruithe ar fáil ar an rannóg Nuashonruithe ar an Soláthar Uisce ar ár láithreán gréasáin, ar Twitter @IWCare agus trínár líne chabhrach um chúram custaiméirí 1850 278 278 lena gcuirtear seirbhís 24 uair a chloig ar fáil.