Fógraí Íocaíochta Seasta eisithe le haghaidh diúscairt Feithiclí Deireadh Saoil

D’eisigh Comhairle Contae Fhine Gall 75 Fógra Íocaíochta Seasta d’úinéirí feithiclí tar éis dhá mhór-oibríocht Feithicil Deireadh Saoil (ELV) ag Lána Dhún Sinche, Fionnghlas, Baile Átha Cliath 11 agus Lána  Naomh Críostóir, Ceapach, Baile Átha Cliath 11 i mí Iúil agus Deireadh Fómhair 2020.

Baineadh 360 Feithicil Deireadh Saoil (dramh-ghluaisteáin) as na suíomhanna agus tugadh chuid Saoráid Cóireála Údaraithe (ATF) iad le hathchúrsáil agus diúscairt cheart.

Meastar go n-eiseoidh Comhairle Contae Fhine Gall 150 Fógra Íocaíochta Seasta eile d’úinéirí dramh-ghluaisteáin eile a aimsíodh ar Lána Dhún Sinche agus Lána Naomh Críostóir.

Ceanglaítear leis na Rialacháin um Fheithiclí Deireadh Saoil 2014 nach ndéanann úinéir dramh-ghluaisteáin an fheithicil sin a scriosadh ach mar dhramhaíl ag ATF. Is cion é mura ndéantar é seo agus tá feidhm ag Fógra Íocaíochta Seasta de €100 ina leith. Ba cheart deimhniú scriosta (COD) a fháil ón ATF chun an fheithicil a dhiúscairt agus chun a dhearbhú go bhfuil sí curtha den bhóthar.  Mura dtugtar gluaisteán chuig ATF agus go bhfaightear COD, féadfar fíneálacha a ghearradh ar úinéir na feithicle as cionta mótair nó féadfar é a chúiseamh i ngníomhaíocht mhídhleathach, má bhíonn a fheithicil bainteach le coir níos déanaí.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Caithfidh gach duine freagracht a ghlacadh as a gcuid dramhaíola, agus tá sé seo níos tábhachtaí fós dár sealbha níos mó ar nós feithiclí. Tá suíomhanna neamhúdaraithe ELV ina n-ualach don chomhshaol i bhFine Gall agus tá riosca suntasach ann do shábháilteacht chomhshaoil agus phearsanta. Bainfidh Fógraí Íocaíochta Seasta le húinéirí feithiclí sna suíomhanna seo, mar sin spreagaim cónaitheoirí sonraí aon duine a thairgeann an tseirbhís seo a sheiceáil.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tarraingíodh aird ar shuíomhanna Feithicil Deireadh Saoil Neamhúdaraithe (ELV) mar Thosaíocht Náisúnta um Fhorfheidhmiú Dramhaíola d’údaráis áitiúla ar fud na tíre agus tá oibreacha curtha i gcrích ag Comhairle Contae Fhine Gall chun roinnt suíomhanna sa chontae a ghlanadh. Tá Fógraí Íocaíochta Seasta mar chuid den bhfeachtas seo agus tá siad tábhachtach chun stop a chur le daoine ag úsáid na seirbhísí mídhleathacha seo. Tá áiseanna cóireála dlíthiúla agus údaraithe ar fáil inar féidir le cónaitheoirí a gcuid feithiclí a thabhairt chun iad a athchúrsáil i gceart, saor in aisce.”

Cuireadh in iúl don Chomhairle go bhfuil roinnt oibreoir trucaile aisghabhála ag gearradh táillí ar bhaill an phobail chun a ngluaisteán a “scrapáil”. D’fhéadfadh ATF táille  bailithe a ghearradh má bhailíonn siad do dhramh-ghluaisteán, ach ní ghearrfaidh siad táille ort chun é a scrapáil – tá an tseirbhís seo saor in aisce. Ba cheart do bhaill an phobail cuimhneamh ar shonraí a choinneáil maidir le cé a thugann siad a ngluaisteán dóibh agus, má dhíolann siad é, deimhin a dhéanamh de go líonann siad isteach na sonraí athraithe úinéireachta iad féin agus iad a sheoladh ar ais chuig an Roinn Iompair sa tSionainn. Cuirfidh sé seo cosc ar cheannaitheoirí gan scrupall an carr a fhágáil in ainm an duine agus é a úsáid ansin chun gníomhaíocht mhídhleathach a dhéanamh.

Dúirt David Storey, Stiúrthóir Comhshaoil, Gníomhaíochta ar son na hAeráide, agus Taisteal Gníomhach: “Tá roinnt suíomhanna neamhúdaraithe ELV aitheanta ag Comhairle Contae Fhine Gall ar fud Fhine Gall. Déanfar iniúchadh ar na suíomhanna seo i 2021 ag úsáid cur chuige ilghníomhaireachta agus múchfar iad má aimsítear go bhfuil siad ag feidhmiú go mídhleathach gan na húdaraithe riachtanacha. Eiseofar Fógraí Íocaíochta Seasta d’úinéirí feithiclí a fhaightear ag aon suíomh mídhleathach.”

Tá stóráil agus díchoimeáil neamhúdaraithe ELVanna ina riosca suntasach don chomhshaol. Tá raon olaí dramhaíola agus leachtanna eile in ELVanna a bhféadfadh éifeacht shuntasach a bheith acu ar an gcomhshaol mura ndéantar iad a dhíscaoileadh agus a dhiúscairt i gceart. Tá go leor ábhar guaiseach in ELVanna mar cheallraí aigéid luaidhe; leachtanna, lena n-áirítear ola bhealaithe, fuarthán agus leacht coscán; agus tiontairí catalaíocha, agus caithfear iad a dhiúscairt go sábháilte d’fhonn truailliú a chosc.

Tá trí Shaoráid Cóireála Údaraithe i bhFine Gall ar féidir leat do shean-ghluaisteán a thabhairt le haghaidh athchúrsála saor in aisce:

1/ Seirbhísí Athchúrsála agus Aisghabhála “Gannon’s City” Teo. Láithreán Gréasáin: www.gannonscityrecovery.ie

2/ Tarrtháil Tionsclaíochta, Talmhaíochta agus Innealtóireachta Teo. (IAES). Láithreán Gréasáin: www.scrapmycar.ie

3/ Ionad Athchúrsála agus Aistrithe Naomh Mairéad Teo. Láithreán Gréasáin: www.stmargaretsrecycling.ie

Tá tuilleadh eolais ar Fheithiclí Deireadh Saoil ar fáil ag ELVES: https://www.elves.ie/How-to-Recycle nó trí theagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae Fhine Gall – An Roinn Comhshaoil Teil: 01 8905000.