Fógraí Ná Snámh Ardaithe ó Thrá Loch Sionnaigh

Tar éis filleadh ar stádas “sármhaith” ag Trá  Loch Sionnaigh i dtorthaí na hanailíse saotharlainne tá na fógra Toirmisc (Ná snámh) a eisíodh bainte ón clár fógraí inniu .

Loughshinny Scene 4

Ardaíodh an fógra sealadach Ná Snámh a eisíodh le haghaidh Trá Loch Sionnaigh.   

Fuarthas torthaí na hanailíse saotharlainne ar shamplaí a tógadh an 13 Lúnasa, 2020 inniu agus mar thoradh ar fhilleadh ar stádas “sármhaith” bainfear an fógra Toirmisc (Ná Snámh) a eisíodh inniu

Tógadh athshampláil freisin le haghaidh Trá Mhullach Íde ar 13 Lúnasa, 2020 agus léirigh na torthaí filleadh ar stádas “sármhaith.”

Tabhair le fios le do thoil, mar thoradh ar iarratais ó  shnámhóirí rialta don eolas thuas, eiseoidh Comhairle Contae Fhine Gall fógraí anois trínár seirbhís Fógraí Fhine Gall maraon leis na modhanna cumarsáide atá ann cheana.

Spreagtar snámhóirí chun clárú le haghaidh Fógraí Fhine Gall ag alerts.fingal.ie agus a chinntiú go roghnaíonn siad an chatagóir “Fógraí Pobail” a fháil. Dóibh siúd a chláraigh le haghaidh Fógraí Fhine Gall cheana féin, is féidir leat a sheiceáil má tá an chatagóir seo roghnaithe agat cheana féin trí logáil isteach ar alerts.fingal.ie.

Is féidir le baill an phobail cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí rochtain a fháil ar láithreán gréasáin an EPA ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí ag an mbealach isteach chuig gach trá a sheiceáil.