Fógraíodh Gradam Stiúideo Teach Bád Loch Sionnaigh 2024

Fáiltíonn Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall roimh iarratais ar Ghradam Stiúideo Teach Bád Loch Sionnaigh, gradam cónaitheachta stiúideo nua atá oscailte  d’amharc-ealaíontóir(í) gairmiúla atá ag obair in aon mheán. Ag cur le Fiosrúchán Práinneach, clár cónaitheachta coimisiúnaithe i gcomhar le Comhairle Contae Loch Garman agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, arna tacú ag Scéim um Chuireadh chun Comhoibrithe na Comhairle Ealaíon i 2019, tairgeann an deis seo gradam de €20,000 agus stiúideo atá maoinithe go hiomlán do thréimhse naoi mí, ag tosú i Meán Fómhair 2024.

Loughshinny Boathouse Studio Award landscape

Tá Teach Bád Loch Sionnaigh suite i suíomh álainn Loch Sionnaigh, sráidbhaile cois cósta atá suite idir an Ros agus na Sceirí i dTuaisceart Chontae Átha Cliath. Foirgneamh dé-fheidhm atá sa teach bád a sholáthraíonn stáisiún garda tarrthála ó Mheitheamh – Lúnasa agus stiúideo d’ealaíontóirí ó Mheán Fómhair – Bealtaine. Is é cuspóir an ghradaim seo spás a sholáthar d’ealaíontóir gairmiúil atá ag obair san amharc-ealaín chun a gcleachtas ealaíne a fhorbairt mar fhreagairt ar thimpeallacht chósta Loch Sionnaigh agus na ceantair máguaird, le fócas ar bhithéagsúlacht agus athrú aeráide.

Tá bithéagsúlacht i bhFine Gall a chuimsíonn a cósta, a tuath agus a lárionaid uirbeacha a chuireann le saol laethúil agus slite beatha shaoránaigh Fhine Gall agus na nglún atá le teacht. Is acmhainn sárluachmhar í an éagsúlacht nádúrtha seo agus is é an dúshlán atá roimh Fhine Gall ná forbairt agus fás ar bhealach a chaomhnaíonn agus a fheabhsaíonn ár dtimpeallacht don todhchaí.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh “Táim sásta go mbeidh an deis iontach seo an-úsáideach don ealaíontóir roghnaithe, ag cur spás den scoth ar fáil chun saothar nua a fhiosrú agus a tháirgeadh a fhreagraíonn do bhithéagsúlacht chósta Fhine Gall.”

Ag labhairt dó faoin ngradam, dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly “Tá fíoráthas orm an gradam stiúideo nua seo a fhógairt i Loch Sionnaigh. Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta do thacú le forbairt ghairmiúil ealaíontóirí agus aithníonn sí an tábhacht a bhaineann leis na healaíona chun cur le feasacht agus tuiscint maidir lenár dtimpeallacht nádúrtha.”

Dúirt Sarah O’Neill, Oifigeach Ealaíon an Chontae, “Tá áthas ar Oifig Ealaíon Fhine Gall an gradam spreagúil seo a sholáthar a bhfuil sé mar aidhm aige nuálaíocht, tástáil, agus comhoibriú a chothú agus cur ar chumas ealaíontóirí barr feabhais a chur ar a gcleachtas cruthaitheach mar atá leagtha amach i bPlean Ealaíon 2019 – 2025 Chomhairle Contae Fhine Gall.”

Is é an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach ná Dé Máirt 30ú Iúil ag 4in.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh téigh chuig: www.fingalarts.ie  www.fingal.ie/arts

Íomhá: Teach Bád Loch Sionnaigh, Co. Bhaile Átha Cliath le caoinchead ó Rannóg Ailtirí Chomhairle Contae Fhine Gall.

Loughshinny Boathouse Studio Award