Fógraíonn Comhairle Contae Fhine Gall liosta na ndaoine a bheidh ar an gclár Meantóireachta d’Ealaíontóirí 2024/2025

Artists Mentoring Collage

 

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall liosta na ndaoine a bheidh ag glacadh páirte sa Chlár Meantóireachta d’Ealaíontóirí 2024/2025 a fhoilsiú. Is iad seo a leanas an seisear ealaíontóirí gairmiúla a roghnaíodh don chlár seo - Elaine Grainger, Justine McDonnell, Marie Hanlon, Matthew Coll, Maya Brezing agus Sorca O'Farrell.     

Beidh an clár forbartha gairmiúil seo, a mhaireann bliain amháin, faoi stiúr Sharon Murphy. Tá taithí 30 bliain ag Sharon ag obair agus ag stiúradh sna hamharc-ealaíona agus sna taibhealaíona i gcomhthéacsanna éagsúla.

Beidh meantóireacht duine le duine á fáil ag an seisear ealaíontóirí le Sharon Murphy go míosúil i gcaitheamh na bliana ó Dheireadh Fómhair 2024 go dtí Deireadh Fómhair 2025. Cruthaíonn an meantóir, a bhfuil an taithí chuí aici, timpeallacht inar féidir leis an ealaíontóir conair nua a thástáil agus a chruthú sa tionscnamh forbartha gairmiúil seo. Leis an gcaidreamh meantóireachta seo a théann chun tairbhe an dá thaobh, cothófar fás gairmiúil, pearsanta agus ealaíne an ealaíontóra ag am ina bhfuil athrú ag teacht ar a gcuid cleachtais.

Dúirt Sharon Murphy agus í ag labhairt faoin glcár, ‘Tá lúcháir orm a bheith ag obair ar an tionscnamh meantóireachta bliana seo atá á eagrú ag Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall agus a sheachadófar ar bhonn duine le duine. Aithníonn lucht ealaíona agus cultúrtha na tíre seo go dtugann an túdarás áitiúil seo tacaíocht den scoth d’ealaíontóirí. Táim ag tnúth le bheith ag obair ar bhealach cruthaíoch, coimeádaíoch le seisear ealaíontóirí amharc-ealaíona ag an bpointe seo ina saol mar ealaíontóirí.’

Dúirt Oifigeach Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, Sarah O’Neill, “Is deis sárluachmhar é an clár forbartha seo do na healaíontóirí a roghnaíodh chun go mbeidh siad ábalta a ngairm bheatha a fhorbairt. Gheobhaidh siad tacaíocht a chuirfidh lena mbarr feabhais agus ag an am céanna cothófar an fás gairmiúil. 

Eolas faoi na healaíontóirí:  

Elaine Grainger:

elaine grainger

Is ealaíontóir ildisciplíneach í Elaine Grainger atá ina conaí agus ag obair i mBaile Átha Cliath. Bhain sí máistreacht amach sa mhínealaín ag NCAD sa bhliain 2018. I measc na dtaispeántas aonair is déanaí a bhí aici bhí na cinn a leanas - HOLDING ON Lightly, an LAB Gallery, Baile Átha Cliath (2023), You observe I observed, comhoibriú ar an láthair, Juxtapose Art Fair, an Danmhairg (2023), undone, idirghabháil comhoibríoch, an Gailearaí Körpasstradir, Reykjavik (2022)  

Cuireann Grainger san áireamh ina cuid cleachtais, idirghabháil dealbhóireachta, taibhiú, líníocht, íomhánna gluaisteacha agus fuaim. Tá suim aici sa phróiseas claochlaitheach ina mbíonn ról gníomhach nó neamhghníomhach againn. Ba mhaith léi nóiméid tairseachúla a ghabháil agus iad a chur ar fáil trí shraith de theagmhálacha idir an corp fisiciúil agus na spásanna ina bhfuil an corp ag maireachtáil. Ina cuid ealaíne, tá iarracht leanúnach ar bun aici an próiseas a nochtadh don lucht féachana ina dtéann sí i dteagmháil leis an domhan, agus a léiriú gur féidir an teacht i láthair seo a scriosadh freisin.

 Justine McDonnell:

Justine McDonnell

Is amharc-ealaíontóir agus scríbhneori í Justine McDonnell atá ina conaí agus ag obair i mBaile Átha Cliath. Tá sí lonnaithe i Stúideo Pallas Project. Bhain sí céim amach sa mhínealaín ó Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath in 2015 agus máistreacht san mhínealaín ó Ollscoil Uladh in 2017. Cuireadh a cuid oibre ar taispeáint i ngailearaithe éagsúla, lena n-áirítear IMMA in 2023, dlr Lexicon in 2022, an Gailearaí Holden, Manchain in 2020 agus an Lab Gallery i mBaile Átha Cliath in 2019. Beidh taibhiú dá cuid ar siúl sa Ghailearaí Draíocht in 2025.

Is obair ildisciplíneach í obair McDonnell. Baineann sí úsáid as a guth féin agus uaireanta déanann sí í a láimhseáil. Ina cuid cleachtais fiosraíonn sí an bealach a léirítear an guth baineann agus conas a chaitear leis mar chartlann. Trí chuntais  dhírbheathaisnéiseacha, ficseanúla agus stairiúla a fhí le chéile, téann sí i ngleic le stair na nban ó dhearcadh feimineach i saothair il-leibhéil. Téann McDonnell i ngleic go díreach leis an gcaoi ina ndéantar an guth baineann a shuibheachtiú agus ag an am céana úsáideann sí é mar shuíomh agus mar ghníomhaire don athrú sochpholaitiúil le cumadóireacht ghuthach, téacsúil agus fótagrafach.

Marie Hanlon:  

Marie Hanlon

Is ealaíontóir í Marie Hanlon atá lonnaithe i bhFine Gall agus is ball d’Aosdána í.  Tá máistreacht aici san ‘Ealaín sa Domhan Comhaimseartha’ ó NCAD, Baile Átha Cliath, agus tá céim BA aici san Ealaín agus sa Bhéarla ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Le blianta beaga anuas bhog sí ón bpéinteáil chun díriú ar shuiteáin dealbhóireachta. Le déanaí bhí a cuid oibre ar taispeáint i nGailearaí Chathair Luimnigh - LAST ACT, (2024). Rinneadh an obair seo in éineacht leis an gcumadóir Rhona Clarke agus taispeánfar arís í ag MAC, Béal Feirste, (2025). Bhí an suiteán Salt/Water, ar taispeáint in Gailearaí Lána an Choláiste, Binn Éadair, (2023), mar chuid den tionscadal Eco.  

Bhog Hanlon ón bpéinteáil theibí go dtí an ealaín shochpholaitiúil mar thoradh ar an bhfreagairt pearsanta a bhí aici ar an ngéarchéim timpeallachta. Tríd an dealbhóireacht, trí shuiteáin, trí fhíseáin agus tríd an bhfuaim, déanann sí iarracht an cuairteoir a spreagadh uaireanta le saothair atá greannmhar agus uaireanta eile le saothair atá an-tromchúiseach. Déanann na saothair tagairt dhíreach atá sochpholaitiúil ach mar sin féin, bíonn an teanga fhísiúil srianta agus uaireanta bíonn sí indíreach. Cuireann an comhoibriú, go háirithe le cumadóirí comhaimseartha, le scóip a cuid oibre agus leis an méid daoine a bhfuil teacht acu uirthi. Tá suim faoi leith aici sa ghnéith ‘spásúil’ atá ag an bhfuaim, conas a líonann sé an seomra, conas a théann sé timpeall ar an lucht féachana agus díreach isteach sa néarchóras.

Matthew Coll:

Matthew Coll portrait

Is ealaíontóir é Matthew Coll a bhíonn ag péinteáil, ag déanamh dealbhóireachta agus suiteáin. Faoi láthair, tá sé ina chónaí agus ag obair i mBaile Átha Cliath. Is céimní 2022 ó NCAD é agus tá céim BA aige sa Phéintéil Mhínealaíne. I measc na dtaispeántas grúpa is déanaí a bhí aige tá  'Conclude' ag Stiúideo Cé Mhic Fhlannchaidh 2024, agus  'The Ladder is always there' ag Gailearaí Draíocht 2023/24. Tá a chuid oibre le feiceáil i gcnuasaigh de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí, Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann agus Drioglann Teelings mar aon le háiteanna eile.

San obair atá ar bun aige faoi láthair, díríonn Coll ar shluaite mar ábhar, agus déanann sé iarracht an inmí doiléir a ghabháil atá le brath sa saol inniu mar chuid den neamhchinnteacht domhanda, rud atá ag dul i méid. Tá suim aige ar conas a théann an comharghrúpa i bhfeidhm ar an duine aonair. Léiríonn sé conas is féidir leis an aoibhneas agus an míshástacht comhchoiteann iad féin a chur in iúl mar fhórsa fiúntach nó scriosach. Go minic péinteálann sé ar ábhar a caitheadh amach nó atá damáistithe chun dul i ngleic leis an méid a chuireann an tsochaí amú agus aird a dhíriú ar nithe a dheisiú agus a athrú.

Maya Brezing:

Maya Brezing

Is ealaíontóir Éireannach í Maya Brezing atá ag teacht chun cinn agus atá ina cónaí agus ag obair i mBaile Átha Cliath. Bhain sí céim amach ó NCAD in 2022 le Baitsiléir Ealaíon sa Mhínealaín i nDéanamh Priontaí. Bronnadh an Gradam do Chéimnithe 2022 ón Stiúideo Black Church Priontaí uirthi chomh maith le Cónaitheacht Fhine Gall do Chéimnithe a fuair céim le gairid ag Gailearaí agus Stiúideo MART sa bhliain 2023. Ó bhain sí an chéim amach bhí mórán taispeántais ag Brezing, lena n-áirítear The Ladder is Always There leis an gcomharghrúpa Shell/Ter sa ghailearaí Draoícht, Unlimiting the Edition sa Tionscadal Leabharlainne agus Flesh and Roots, seó a chuir triúr ar siúl i nGailearaí Ard Giolláin. Tá píosaí dá cuid á gcoinneáil in Oifig na nOibreacha Poiblí, Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann agus i gcnuasach ealaíne OCBÁC.

Faigheann Brezing ionspioráid ó spásanna i mBaile Átha Cliath atá tréigthe agus foircthe le fiailí. Féachann sí ar shíorathbheochan an dúlra agus ar an mbealach a fhaigheann sé an lámh in airde i spásanna agus i bhfoirgnimh tréigthe. Ina cuid oibre samhlaíonn sí todhchaí, b’fhéidir am nach bhfuil rófhada amach uainn, nach bhfuil ach lorg an chine daonna le feiscint ann; tá buinneoga ag brú trí scoilteanna i gconcréid, dreapairí ag dreapadh ar sheanbhallaí, agus crainnte ag fás as an méid atá fágtha de sheantithe. Briseann na struchtúir orgánacha seo bacainní agus cuireann siad anam i dtírdhreach a bhfuil cuma tréigthe air. Spreagann Brezing sinn ár machnamh a dhéanamh ar ár gcaidreamh leis an dúlra, an fhreagracht atá againn ina leith agus maireachtáil in éineacht leis chun todhchaí níos suaimhní a bhaint amach.

Sorca O’Farrell:

Sorca O'Farrell

Is ealaíontóir tírdhreacha í Sorca O’Farrell a bhfuil duaiseanna buaite aici, atá lonnaithe i mBinn Éadair. Bhí sí ina mic léinn in IADT agus NCAD, áit ar fuair sí Ard-Dioplóma agus Céim Onóracha sa Mhínealaín. Roghnaíodh a cuid oibre go rialta do na Taispeántais Bhliantúla RHA agus RUA, agus sa bhliain 2020 bronnadh an Duais Líníochta uirthi ag an RUA. Tá obair dá cuid le feiscint i móran mbailiúcháin phoiblí, in Oifig na nOibreacha Poiblí, i gCnuasach an AIB, i gComhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Contae Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin, agus sa Roinn Iompair TÉ.

Faigheann O’Farrell ionspioráid ó áiteanna agus ó chuimhní. Is iad na cosáin agus na foraoisí cóngarach don áit inar tógadh í an pointe tosaigh di sa phróiseas ealaíne.  Déanann sí líníochtaí beaga de ghrúpaí crann agus de chosáin. Ansin filleann sí ar a stiúideo chun saothair ealaíne níos mó a chruthú. Diaidh ar ndiaidh cuireann sí sraitheanna agus uigeacht orthu le gualach agus dúch ar pháipéar Iodálach trom. “Is é an cuardach atá ar bun ag O’Farrell’s ná tírdhreach físiúil an anama a ghabháil, taifead a dhéanamh den ómós áite, de na cuimhní agus den bhrí a bhainneann leis, agus conas a sháraíonn na rudaí seo an t-aistriúchán simplí de na fíricí físiúla (tagairt. James Hanley RHA)