Fógraíonn Comhairle Contae Fhine Gall Scéim Mhaoiniú Féilte agus Imeachtaí don Bhliain 2024

Cuireann sé áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall tús lena Scéim Mhaoinithe um Fhéilte agus Imeachtaí do 2024 a fhógairt. Sí aidhm an tionscnaimh seo ná grúpaí agus eagraíochtaí a spreagadh chun a gcuid imeachtaí atá le teacht a óstáil i bhFine Gall, ag tógáil ar rath na mblianta go dtí seo agus ag cothú rannpháirtíocht an phobail agus na turasóireacht laistigh den réigiún.

Festival and Events Funding Scheme 2023

Cuireann sé áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall tús lena Scéim Mhaoinithe um Fhéilte agus Imeachtaí do 2024 a fhógairt. Sí aidhm an tionscnaimh seo ná grúpaí agus eagraíochtaí a spreagadh chun a gcuid imeachtaí atá le teacht a óstáil i bhFine Gall, ag tógáil ar rath na mblianta go dtí seo agus ag cothú rannpháirtíocht an phobail agus na turasóireacht laistigh den réigiún.

 

Tá ardchlú bainte amach ag Fine Gall maidir le imeachtaí ilghnéitheacha agus bríomhara a óstáil, ó shraith cháiliúil an cheoil samhraidh ag Caisleán Mhullach Íde go dtí Flavors of Fingal (Blasanna Fine Gall), an seó Contae is mó in Éirinn nó go dtí an Fhéile Unison nua. Gach bliain, cuireann breis is 100 imeacht spéis i lucht féachana ar fud an Chontae, ó mhórfhéilte an cheoil agus na hamharclainne agus ceiliúrthaí an bhia mara go dtí féilte áitiúla an tsamhraidh, imeachtaí pobalbhunaithe agus paráidí.

 

Chuir John Quinlivan, Stiúrthóir Fiontraíochta Eacnamaíochta, Turasóireachta agus Forbartha Cultúir ag Comhairle Contae Fhine Gall in iúl go raibh an chomhairle dírithe ar thacaíocht a thabhairt do raon leathan na n-imeachtaí agus na bhféilte sa cheantar. Dúirt sé: “Tá Fine Gall geallta cheana féin do thacaíocht a thabhairt do raon fairsing na n-imeachtaí agus na bhféilte atá ar siúl ar fud an Chontae, agus ba mhaith linn a chinntiú go bhfuil eagraíochtaí eile ag féachaint ar Fhine Gall mar a rogha ceann scríbe le haghaidh gigeanna, féilte agus imeachtaí eile. Ní hamháin go gcabhróidh sé seo le turasóireacht a spreagadh agus taithí an chuairteora a fhorbairt sa cheantar, ach tá súil againn freisin go gcabhróidh sé seo le cónaitheoirí ceangal a dhéanamh lena gcuid phobal agus áthas agus spleodar a thabhairt isteach ina gcuid shaol.”

 

Tá trí shnáithe ar leith na tacaíochta  mar chuid de Scéim Mhaoiniú na bhFéilte agus na nImeachtaí na bliana 2024, gach ceann ag freastal ar scálaí agus cuspóirí éagsúla na n-imeachtaí:

Snáithe 1: Dírithe ar ’imeachtaí ar mhionscála ag súil le lucht féachana faoi bhun 1,000 duine. Beidh maoiniú suas le €6,000 ar fáil d’iarrthóirí incháilithe.

Snáithe 2: Dírithe ar ’imeachtaí ar mhórscála ag súil le lucht féachana os cionn 1,000 duine agus ar siúl dhá lá lánchláraithe ar a laghad. Beidh maoiniú suas le €25,000 ar fáil d’eagraithe incháilithe.

Snáithe 3: Dírithe ar tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí ar spéis leo féidearthacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach na féile nó na himeacht a fhiosrú. Beidh maoiniú suas le €10,000 ar fáil don chatagóir seo.

Tá faisnéis chuimsitheach ar snáitheanna éagsúla an mhaoinithe agus ar riachtanais na n-iarratais ar fáil ar leathanach gréasáin Maoiniú na bhFéilte agus na n-Imeachtaí de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall.

Glacfar le hiarratais ar Scéim Mhaoiniú na bhFéilte agus na n-Imeachtaí na bliana2024 ón 28 Meán Fómhair 2023. Sé an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí ná an 31 Eanáir 2024, rud a thugan an dóthain ama d’eagraithe a gcuid moltaí a ullmhú agus a chur isteach.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tnúth le bheith ag obair i gcomhar le lucht eagraithe na n-imeachtaí chun taithí shuntasach agus éifeachtúil a chur le chéile do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon sa bhliain 2024. Léiríonn an tionscnamh seo gealltantas na comhairle do chothú an chultúir, na turasóireachta agus na bpobal sa réigiún.