Fógraíonn Riot Games borradh táirgeachta domhanda atá tiomáinte ó shaoráid nua Fhine Gall

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall fáilte roimh an nuacht go bhfuil Riot Games, an forbróir agus an foilsitheoir is fearr aithne do League of Legends, tar éis suíomh a roghnú i Sord dá Lárionad Cianda Craolacháin agus Léiriúcháin Ábhar nua.  

Swords Castle

Ag fógairt go n-osclófar na háiseanna craolacháin agus léiriúcháin digiteacha nua i bPáirc Miondíola Airside faoi Eanáir 2022, ciallaíonn cinneadh Riot Games a gcuid oibríochtaí a leathnú go gcruthófar níos mó ná 120 post nua go háitiúil.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, Ann Marie Farrelly: “Is deis iontach í seo d’Fhine Gall. Cuidíonn sé le haird a tharraingt ar an gcaoi go bhfuilimid i riocht maith chun gnó idirnáisiúnta a mhealladh agus athdhearbhaíonn sé ár n-uaillmhianta fás agus deiseanna eacnamaíochta inbhuanaithe a sholáthar ar fud an chontae.

“D’oibrigh ár bhfoireann go crua chun é seo a dhaingniú mar rogha inmharthana do Riot Games agus iad ag iarraidh a gcumas ríomhspóirt domhanda a leathnú, agus mar sin tá lúcháir orainn gur roghnaigh siad Sord mar an gcéad cheann de thrí shaoráid a bhunóidh siad mórthimpeall an domhain mar chuid dá múnla leanacht na gréine.”