Fógraítear cúrsa Peile agus Aclaíochta nua do chailíní san Idirbhliain

Inniu d’fhógair Comhairle Contae Fhine Gall agus Cumann Peile na hÉireann (FAI) go gcuirfear tús i Lúnasa na bliana seo leis an gcéad chúrsa Peile agus Aclaíochta do chailíní na hIdirbhliana.

First Transition Year Football and Fitness course for Girls

 

Inniu d’fhógair Comhairle Contae Fhine Gall agus Cumann Peile na hÉireann (FAI) go gcuirfear tús i Lúnasa na bliana seo leis an gcéad chúrsa Peile agus Aclaíochta do chailíní na hIdirbhliana.

Mairfidh an clár bliain amháin agus beidh sé bunaithe ar an gcúrsa do bhuachaillí atá á reachtáil ó 2016 in Ionad Spóirt An Chorr Dhubh agus a bhfuil ag éirí go breá leis. Tugann se an deis do dhaltaí na hIdirbhliana triail a bhaint as oiliúint pheile lánaimseartha agus ag an am céanna, a riachtanais oideachasúla a chomhlíonadh agus cáilíochtaí a bhaint amach san oiliúint chóitseála agus aclaíochta.

Is é Méara Fhine Gall, an Clr. Howard Mahony, a sheol an cúrsa nua go hoifigiúil in éineacht le Ceannasaí FAI Peil na mBan, Eileen Gleeson, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly agus Uachtarán an FAI, Gerry McAnaney i Halla an Chontae i Sord.

A first of its kind TY course for girls has been launched
Launch of TY Girls Course

I gcaitheamh na bliana scoile 2023-24, beidh na 25 daltaí Idirbhliana atá ag glacadh páirte sa chlár ag meascadh na hábhair acadúla atá ar siúl acu le cúrsaí cóitseála peile agus modúil san Oiliúint Aclaíochta, Scileanna Meáin agus Forbairt Phearsanta, chomh maith le hoiliúint a fháil sa pheil, san aclaíocht agus sa láidreacht.

Ina theannta sin, déanfaidh na rannpháirtithe an Cúrsa do Theagascóirí Aclaíochta de chuid ITEC a bheidh á reáchtáil ag Oiliúint Aclaíochta Lána Litton. Rachaidh siad ar ais go dtí a mbunscoil áitiúil freisin uair sa tseachtain chun obair le múinteoirí i ranganna corpoideachais agus chun taithí oibre luachmhar a fháil.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr Howard Mahony: “Ba í Comhairle Contae Fhine Gall an chéad údarás áitiúil a chuaigh i gcomhpháirtíocht leis an FAI sa bhliain 2005 agus thugamar isteach Oifigigh Forbartha Peile a bhí comhmhaoinithe. Chuireamar leis sin nuair a thugamar isteach an cúrsa Idirbhliana do bhuachaillí a thosaigh in 2016. Is sampla iontach é seo de na hiliomad buntáiste a d’eascair as an gcomhpháirtíocht sheanbhunaithe seo. Is éard atá sa chúrsa seo ná an chéad chéim loighciúil eile agus tá áthas orainn é a fhógairt sa bhliain chéanna ina mbeidh Foireann Náisiúnta Mhná na hÉireann ag imirt i glcuichí ceannais Chorn an Domhain den chéad uair.”

Dúirt Ceannasaí Pheil na mBan agus na gCailíní de chuid an FAI, Eileen Gleeson: “Tá áthas orainn a chéad chúrsa Peile agus Aclaíochta do chailíní san Idirbhliain a sheoladh mar tagann sé leis na haidhmeanna a leagadh amach i Straitéis an FAI 2022-2025 leanúint ar aghaidh le forbairt pheil na mban agus na gcailíní agus neartóidh sé an chonair imeartha atá ann do chailíní.

“Tá sé tábhachtach go leanfaimis le comhdheiseanna a sholáthar do mhná agus do chailíní agus is é seo atá i gceist leis an gcúrsa seo. Tá éirithe go hiontach leis maidir leis na buachaillí. Táimid ag súil le bheith ag obair le Comhairle Contae Fhine Gall chun cúrsa iontach a sholáthar do na cailíní seo.”

The course will help further strengthen the player pathway for girls

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Faoi láthair, tá seisear Oifigeach Forbartha Peile againn ar fud an chontae agus tá an obair atá ar siúl ag Paul Keogh, Sharon Boyle, Sean Moore, Jamie Wilson, Paul Breen agus Denis Hyland ag déanamh difear dearfach laistigh denár bpobail áitiúla, pé acu tríd na cláir scoile, an fhorbairt atá á déanamh ar pheil na mban, an tSraith Dhéanach nó Clár Club Mark de chuid an FAI.

“Le seacht mbliana anuas tá sé feicthe againn go mbíonn tionchar dearfach ag cúrsa mar seo ar fhorbairt daoine óga agus is eol dúinn go bhfuil uaillmhianta spóirt ag cailíní óga sa cheantar. Leis an gclár seo, beidh deis iontach ag rannpháirtithe a scileanna spóirt a fhorbairt agus a fheabhsú. Ag an am céanna, fanfaidh siad laistigh den chóras oideachais agus tabharfaidh siad rud éigin ar ais dá bpobail áitiúla tríd an taithí oibre a bhaineann leis an gcúrsa.”

Dúirt Comhordaitheoir an chúrsa, Denis Hyland, ar Oifigeach Forbartha comhchistithe leis an FAI é: “Ligeann an cúrsa seo d’imritheoirí maireachtáil i dtimpeallacht peile ar feadh bliana agus a riachtanais oideachais a chomhlíonadh freisin. Is buntáiste é go bhfuil ceachtanna foghlamtha againn ón gcúrsa do bhuachaillí. Mar sin féin, beimid ag foghlaim agus muid ag dul ar aghaidh mar is é seo an chead uair gur tugadh isteach cailíní go lánaimseartha i gclár coitseála agus oiliúna peile go lánaimseartha.”

New Fingal TY Football course for girls launched

Is iad Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall agus Cumann Peile na hÉireann i gcomhar lena chéile a sholáthraíonn clár na hIdirbhliana. Beidh sé lonnaithe ag an gCampas Spóirt Éireann i mBaile an Aba agus is Campas den chéad scoth é seo. Faoi láthair, tá an FAI ag earcú beirt chóiseálaithe chun an cúrsa a reáchtáil agus tá foirne scabhta ag lorg rannpháirtithe. Tabharfar cuireadh do na rannpháirtithe páirt a ghlacadh i dtrialacha go luath i mBealtaine. Tosóidh an cúrsa nuair a thosóidh an bhliain acadúil 2023-24 agus leanfaidh sé an féilire scoile iar-bhunscoile.

The TY programme is jointly delivered by Fingal & the FAI