Foilsíonn Comhairle Contae Fhine Gall Tuarascáil ar an mBearna Phá idir na hInscní 2024

Gender Pay Gap Report 2024 cover

D’fhoilsigh Comhairle Contae Fhine Gall a Tuarascáil ar an mBearna Phá idir na hInscní inniu, a leagann béim ar an gcéatadán de dhifríocht idir an méid a íoctar le fir agus le mná ar an meán san eagraíocht, beag beann ar róil nó leibhéil.

Léirítear i dtuarascáil 2024 nach bhfuil aon athrú ar mhiondealú inscne fhoireann Chomhairle Contae Fhine Gall, atá ag 53% mná agus 47% fir. Léiríonn an Mheánbhearna Phá idir na hInscní go n-íoctar, ar an meán, 0.80% níos mó le mná ná fir, agus léiríonn an Bhearna Phá Airmheánach idir na hInscní go bhfuil an ráta pá airmheánach do mhná 14.81% níos airde ná an ráta pá airmheánach d’fhir.

Is athrú é seo ó 2023 nuair an bhí an Mheánbhearna Phá idir na hInscní 1.65% i bhfabhar na bhfear agus go raibh an Mheánbhearna Phá idir na hInscní 9.31% i bhfabhar na mban. I 2022, bhí an Mheánbhearna Phá idir na hInscní 4.58% i bhfabhar na bhfear agus bhí an Bhearna Phá Airmheánach idir na hInscní 1.98% i bhfabhar na bhfear.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Léiríonn ár dTuarsacáil ar an mBearna Phá idir na hInscní 2024 go bhfuil an bhearna idir meántuarastail na bhfostaite fireann agus baineann anois i bhfabhar na mban don chéad uair ó cuireadh tús le tuairisciú trí bliana ó shin, agus tá an figiúr airmheánach pá do mhná 14.81% níos airde anois ná pá na bhfear. Tugann an tuarascáil le fios gur áit í Comhairle Contae Fhine Gall ina bhfuil na deiseanna céanna aitheantais agus forbartha gairme ag gach fostaí agus go gcaitear leo go cóir agus go cothrom ag an obair.

“Is mná iad seisear de na 11 ball dár bhFoireann Bainistíochta Feidhmiúcháin, agus táimid tiomanta do dhul i ngleic le bacainní san ionad oibre maidir le comhionannas agus pobal oscailte agus cuimsitheach a chruthú san ionad oibre. Tá neart tionscnamh agus tacaíochtaí comhionannais, éagsúlachta agus cuimsithe i bhfeidhm cheana féin, agus leanfaimid lenár gcuid oibre sa réimse seo.”

Ceanglaítear ar fhostóirí a bhfuil níos mó ná 250 fostaí acu in Éirinn a sonraí ar an mbearna phá idir na hinscní a fhoilsiú roimh dheireadh 2024 agus laistigh de shé mhí dá ndáta tagartha. Roghnaigh Comhairle Contae Fhine Gall agus gach údarás áitiúil eile in Éirinn an 30 Meitheamh 2024 mar an dáta tagartha.

Féach tuarascáil na Comhairle ar an mBearna Phá idir na hInscní anseo: https://www.fingal.ie/council/service/annual-gender-pay-gap-report

Tugann obair sa rialtas áitiúil deis do dhaoine ról lárnach a bheith acu i bhforbairt dhearfach a gcontae agus a bpobail. Mar fhostóir, tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta do thimpeallacht dhearfach agus thacúil a sholáthar d’fhostaithe. Tairgeann an Chomhairle socruithe solúbtha a oireann do theaghlaigh, obair chumaisc, agus deiseanna iontacha dul chun cinn gairme agus oideachais. Ba chóir d’aon duine ar spéis leo gairm bheatha le Comhairle Contae Fhine Gall cuairt a thabhairt ar www.fingal.ie chun tuilleadh a fhoghlaim faoi na deiseanna atá ar fáil sa tríú údarás áitiúil is mó in Éirinn.