Foireann Deartha Imeasctha ceaptha ar Thionscadal Sráid an Droichid de chuid an Bhaile Brigín Seo Againne

Sé an príomfhógra againn maidir le ceapachán IDT De Bruns ná go mbeidh idirphlé dearfach na háite ar siúl maidir le cuma agus le braisint an tsuímh, mar a tharla i gcás na dtionscadal ag Sráid na Cé, an An gCuan agus ag Sráid Bhaile Átha Cliath.

De Bruns Site Balbriggan drone shot

Baineadh garsprioc spreagúil de chuid tionscadal €50 milliún Athghiniúna Bhaile Brigín amach nuair a ceapadh foireann deartha chun an suíomh De Bruns a athfhorbairt.

Tá Foireann Deartha Imeasctha (FDI) ildisciplíneach faoi stiúir ailtire ceaptha ag Comhairle Contae Fhine Gall le haghaidh bunathru a dhéanamh ar 6a-14 Sráid an Droichid.

Céim ollmhór de chuid athfhorbairt an bhaile atá inti faoi Chlár Athnuachain An Baile Brigín Seo Againne.

Cuireadh múnla na Foirne Deartha Comhtháite, a úsáideann rannpháirtíocht geallsealbhóirí na háite chun pleananna a chur chun cinn, i bhfeidhm go rathúil cheana féin ar thionscadail eile de chuid An Baile Brigín Seo Againne, lena n-áirítear forbairt Shráid na Cé agus an Chuain agus an mol cruthaitheach ag 2-4 Sráid Bhaile Átha Cliath.

Cuirfear tús go luath leis an obair ar athfhorbairt Shráid na Cé agus ar cheantar an Chuain, agus bronnadh cead pleanála ar mhol nua na cruthaitheachta i mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Beidh McCullough Mulvin, ailtirí mór le rá as Bhaile Átha Cliath, i gceannas ar FDI De Bruns agus cuirfidh siad tús le rannpháirtíocht  leanúnach geallsealbhóirí na háite go luath maidir leis an suíomh 10,000 méadar cearnach.

Tá forbairt ilchineálach na tráchtála, an phobail agus cónaithe molta ag Comhairle Contae Fhine Gall, leis an Abhainn Dubh ina croílár di.

Sé atá ar intinn ná Páirc Lochán an Mhuilinn a cheangal le bealach isteach nua na páirce ag 14 Sráid an Droichid chun bealach coisithe agus rothaithe a éascú síos go ceantar athchóirithe Shráid na Cé agus an Chuain.

Cothabhálfar aghaidheanna na bhfoirgneamh ar Shráid an Droichid  chun líne reatha na sráide a chaomhnú. Tá suíomh De Bruns suite i Limistéar Caomhantais Ailtireachta.

Déanfaidh Foireann Deartha Imeasctha De Bruns na céad chéimeanna eile dá forbairt a mheas i ndiaidh dóibh ionchur a fháil ó mhuintir agus ó gheallsealbhóirí na háité.

“Séard atá mar aidhm againn ná forbairt lár an bhaile a chur le cheile, a thugann aghaidh ar an bpáirc agus ar an Abhainn Dubh atá bríomhar agus oiriúnach don teaghlach,” a dúirt Valerie Mulvin as McCullough Mulvin.

Dar leis an Dr David Begg, Cathaoirleach Ghrúpa Ceannaireachta An Baile Brigín Seo Againne, déanfar an próiseas a aithint as an dian-rannpháirtíocht aige.

“Cuirfear comhairliúchán agus rannpháirtíocht shuntasach agus dian i bhfeidhm  trí cheardlanna agus cruinnithe le raon fairsing geallsealbhóirí na háite,” a dúirt sé.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, go gcuirfidh an fhorbairt taithí nua na príomhshráide ar fáil do Bhaile Brigín nuair a bheidh sí críochnaithe.

“Feidhmeoidh sí mar chroílár do dheiseanna eacnamaíochta, sóisialta agus fóillíochta sa bhaile,” a dúirt sé.

Tá páircín sealadach in aice le seansuíomh Keeling, a osclaíodh go déanach sa bhliain 2023, ag feidhmiú amhail cheana féin do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon.

Ceaptar go lorgófar cead pleanála le haghaidh na hathfhorbartha a dhéanamh ar shuíomh De Bruns sa bhliain 2025, agus go dtiocfaidh an tionscadal chun críche sa bhliain 2028.

Síneoidh an chonair ghlas atá beartaithe ó bharr Pháirc Loch an Mhuilinn taobh thiar de Shéipéal Naomh Peadar agus Pól, agus í nascadh le Bóthar Harry Reynolds agus le buanbhealach isteach ar an bpáirc ag acomhal 14 Sráid an Droichid/Sráid na Cé.

Rachaidh trácht na gcoisithe agus na rothar síos go dtí an plás poiblí, an caladh agus an trá atá le claochlú ar Shráid na Cé.

Tá obair scartála déanta cheana féin i ngar do agus ar chúl shuíomh De Bruns.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, go dtabharfadh ceapadh Foirne Deartha Comhtháite deis do mhuintir Bhaile Brigín a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir le tionscadal De Bruns.

“Sé an príomfhógra againn maidir le ceapachán IDT De Bruns ná go mbeidh idirphlé dearfach na háite ar siúl maidir le cuma agus le braisint an tsuímh, mar a tharla i gcás na dtionscadal ag Sráid na Cé, an An gCuan agus ag Sráid Bhaile Átha Cliath.”

Déanfar dianmheasúnú ar thionchar bithéagsúlachta, timpeallachta, seandálaíochta agus éiceolaíochta na forbartha.

De Bruns Site Balbriggan 1