Foraois Fhine Gall, Straitéis Crann d’Fhine Gall Comhairliúchán agus Seisiúin Eolais Ar lIne

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall a Dréacht-Straitéis Crann dár teideal “Foraois Fhine Gall, Straitéis Crann d’Fhine Gall – Dréacht-Doiciméad”, faigh amach faoin gcomhairliúchán agus na seisiúin eolais ar líne.

Tree Strategy Promotional Flyer

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall a Dréacht-Straitéis Crann dár teideal “Foraois Fhine Gall, Straitéis Crann d’Fhine Gall – Dréacht-Doiciméad”. Tá an Dréacht-Straitéis anois ag dul trí Phróiseas Comhairliúcháin Poiblí Neamhreachtúil a thosaigh ar Lá Náisiúnta na gCrann 2020 ar 1 Deireadh Fómhair go dtí deireadh Sheachtain Náisiúnta na gCrann i Márta 2021.

Comhairliúchán Ar Líne

Chun féachaint ar an Dréacht-Straitéis agus do thuairim a chur in iúl ar a bhfuil ann, téigh le do thoil chuig ár dtairseach comhairliúcháin ar line ag https://consult.fingal.ie/en/consultation/forest-fingal-tree-strategy-fingal

Féach ar an Preaseisiúint anseo  here

Seisiúin faisnéise agus  Q & A (ar líne)

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, tá trí Sheisiún Faisnéise agus Q&A ar líne á reáchtáil ag an gComhairle agus ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit a bheith i láthair.

Is iad seo a leanas na dátaí agus na hamanna:

Dé Céadaoin, 10ú Feabhra ag 7:00 in

Déardaoin, 18ú Feabhra ag 7:00 in

Dé Sathairn, 6ú Márta ag 4:00 in

Chun clárú don ócáid, seol ríomhphost chuig [email protected] ag tabhairt an dáta is fearr leat. Tá áiteanna faoi réir a bheith ar fáil.

 

Féach físeán réamhléiritheach ar Dhréacht-Straitéis agus an próiseas thíos

Forest of Fingal, A Tree Strategy for Fingal