Forbairt Bheartaithe de 62 áitreabh ag An Seanbhóthar, Baile Hae, An Ros

Comhairliúchán Poiblí maidir le forbairt beartaithe de 62 áitreabh ag An Seanbhóthar, Baile Hae, An Ros. 

planning online

Comhairliúchán Poiblí maidir le forbairt beartaithe de 62 áitreabh ag An Seanbhóthar, Baile Hae, An Ros. 

De réir Cuid XI den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) agus Cuid 8 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001 (arna leasú), tugann Comhairle Contae Fhine Gall fógra leis seo faoi na hoibreacha beartaithe atá le déanamh ag an láithreán thuas:

• Tógáil 62 aonad cónaithe a chuimsíonn (i) 10 Tithe 2 stór le 2 leaba; (ii) 38 Tithe 2 stór le 3 leaba; (iii) 7 n-aonad árasáin dhá leibhéil le 3 leaba os cionn 7 n-aonad árasáin le 2 leaba;
• Gach obair fhorbartha láithreán ghaolmhar lena n-áirítear: (i) bungaló tréigthe a scrios; (ii) nasc sráide nua leis An Seanbhóthar agus na cosáin ghaolmhara go hinmheánach agus ar éadan an tSeanbhóthair; (iii) trasrian nua feithiclí agus coisithe ag Sruthán an Óraigh; (iv) soláthar 9 spás páirceála sráide agus 116 spás páirceála eas-sráide; (v) teorainneacha chuig láithreáin chóngaracha a thógáil agus oibreacha leasúcháin a dhéanamh orthu, a chuimsíonn ballaí agus fálú; (vi) gairdíní tosaigh agus cúil a sholáthar do thithe, agus léibhinn a bhfuil sciath timpeall orthu chuig aonaid árasáin dhá leibhéil ar an gcéad urlár (vii) tírdhreachú crua agus tírdhreachú bog ar limistéir spáis oscailte phoiblí lena n-áirítear, clós súgartha, limistéir shúgartha nádúrtha agus neamhfhoirmiúla, agus stráice bruachánach go Sruthán an Óraigh; (viii) uisce salach agus uisce dromchla a chur isteach (lena n-áirítear eilimintí SuDS), seirbhísí faoi thalamh eile agus soilsiú poiblí; (ix) nasc le fóntais agus seirbhísí poiblí.

Beidh pleananna agus sonraí na forbartha beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh ag http://consult.fingal.ie/en/browse agus le hiniúchadh nó le ceannach ar tháille nach mó ná an costas réasúnach a bhaineann le cóip a dhéanamh le linn gnáthuaireanta oscailte, Luan go Déardaoin 9rn go 5in agus Dé hAoine 9rn go 4.30in ón Déardaoin 17ú Nollaig 2020 go Dé Luain 25ú Eanáir 2021, ag na hoifigí seo a leanas:
• Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2
• Comhairle Contae Fhine Gall, Oifigí Cathartha, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638

Mar gheall ar an bpaindéim Covid-19 tá oifigí na Comhairle inrochtana trí choinne amháin. Téigh i dteagmháil le do thoil leis an Aonad Cúraim Custaiméirí ag Uimhir Fóin 01-8905000 nó seol ríomhphost chuig:  [email protected]

Tabhair le fios freisin go ndúnfar na hoifigí ón 24ú Nollaig go 4ú Eanáir.

Is féidir aighneachtaí nó barúlacha maidir leis an bhforbairt atá beartaithe, a dhéileálann le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe an cheantair ina mbeadh an fhorbairt suite, a dhéanamh ar líne tríd an láithreán gréasáin: http://consult.fingal.ie/en/browse nó i scríbhinn chuig: An Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail, An Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Fhine Gall, Oifigí Cathartha, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638
NÓTA: Déan d’aighneacht le do thoil