Forbairtí tithíochta nua arna n-oscailt i Lusca
Osclaíodh dhá fhorbairt tithíochta nua go hoifigiúil i bhFine Gall, nuair a chuir Méara Fhine Gall, an Clr. Brian McDonagh, fáilte roimh an Aire Tithíochta Darragh O’Brien TD go Lusca le haghaidh seachadadh na dtithe nua sa cheantar a cheiliúradh.
Osclaíodh dhá fhorbairt tithíochta nua go hoifigiúil i bhFine Gall, nuair a chuir Méara Fhine Gall, an Clr. Brian McDonagh, fáilte roimh an Aire Tithíochta Darragh O’Brien TD go Lusca le haghaidh seachadadh na dtithe nua sa cheantar a cheiliúradh.
Is scéim aoischairdiúil í Gairdíní Chill Hoiste a chuireann 31 theach aon-úrlár nua ar fáil. Cuimsíonn an fhorbairt – arna seachadadh trí thógáil díreach ag Tuath ar thalamh atá faoi úinéireacht Chomhairle Contae Fhine Gall – 18 dteach ar dhá sheomra leapa agus 13 theach ar sheomra leapa amháin, chomh maith le limistéar saoráidí breise an phobail le haghaidh na gcónaitheoirí. Mhaoinigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta na tithe nua trí Scéim an Chúnaimh Chaipitil, meicníocht na maoinithe a chuireann tithe ar fáil do ghrúpaí na tosaíochta ar nós daoine aosta. Ba iad Walsh Associates ailtirí an tionscadail le M.L Quinn Construction mar phríomhchonraitheoir.
Sa bhliain 2010, chuir Tuath a chéad teach ar fáil i gcomhar le Comhairle Contae Fhine Gall ag Baile Gháire in Iarthuaisceart Fhine Gall agus, ó shin i leith, tá os cionn 1000 teach curtha ar fáil aige sa Chontae. Le breis agus 1,200 teach ar an bhfód thar limistéar na Comhairle faoi láthair, leanann Tuath ag obair go dlúth leis an údarás áitiúil. Tá os cionn 14,000 teach faoi láthair faoi bhainistiú Tuath ar fud na tíre i limistéar gach údaráis áitiúil, le thart ar 37,000 duine ina gcónaí iontu.
Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. Brian McDonagh: “Cuireann sé an-áthas orm oscailt na forbartha den scoth seo de chuid Tuath a fheiceáil chun cabhrú le tithe aois-oiriúnach a chur ar fáil do sheandaoine ár bpobail. Is foirgneamh nua iontach é seo i gcroílár Lusca agus guím gach rath ar na cónaitheoirí ina gcuid tithe nua.”
Dar leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Darragh O’Brien, a d’iompaigh an fód ar an bhforbairt i mí Feabhra na bliana 2023: ‘’Cuirtear fáilte mór anseo i bhFine Gall roimh sheoladh 31 theach slán agus sábháilte le haghaidh seandoine. Áiríonn Gairdíní Cill Hoiste saoráid chomhchoiteann do na cónaitheoirí agus is cóngarach í freisin do lár baile Lusca – sásaíonn an scéim seo uaillmhian an chláir Tithíochta do Chách trí thithe ar ardcháilíocht agus ar dhea-suíomh a chur ar fáil go rathúil a dtugann an tosaíocht ní hamháin don tsábháilteacht agus do chompord na seandaoine scothaosta ach don inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus na timpeallachta chomh maith.’’
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Is mór an t-áthas a chuirenn sé orainn dul i gcomhar le Tuath agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta maidir leis na tithe nua seo agus na háiseanna gaolmhara a chur ar fáil do sheandaoine. Ligeann an scéim seo dúinn tionóntaí, atá ina gcónaí i dtithe níos mó faoi láthair, a aistriú chuig cóiríocht atá níos oiriúnaí dá gcuid riachtanas reatha.”
Arsa an tOllamh Paddy Gray, Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Dheonacha Tuath: “Gné thábhachtach de chlár seachadta Tuath is ea tithíocht aois-oiriúnach a chur ar fáil. Mar eagraíocht aoischairdiúil, bainimid an-áthas as an obair againn i gcomhar le Comhairle Contae Fhine Gall ar an 31 teach le haghaidh seandaoine agus ar an 1,200 teach atá le forbairt sa cheantar. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil freisin leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta as a cuid thacaíocht tríd an maoiniú a cuireadh ar fáil ag an Scéim Cúnaimh Chaipitil.”
Chomh maith le hoscailt Gairdíní Chill Hoiste, gearradh an ribín freisin ar fhorbairt nua na tithíochta sóisialta i gCúirt na Mainistreach. Cuimsíonn sé seo cúig árasán ar ardchaighdeán le comhchlós tírdhreachtaithe agus i ngar do gach taitneamhacht na háite. Mar chuid dá gealltanas i leith an tógáil inbhuanaithe a spreagadh agus an drochthionchar ar an timpeallacht a íoslaghdú, sé seo an chéad fhorbairt na Tithíochta Éighníomhacha againne anseo i bhFine Gall. Cinntíonn caighdeáin na Tithíochta Éighníomhacha go mbíonn na tithe seo ar lag-fhuinnimh, as a dtagann laghdú ar bhillí fuinnimh do chónaitheoirí agus, ag an am céanna, ag soláthar buntáistí suntasacha na timpeallachta.