Forbraíocht de 69 teaghais atá beartaithe ag Cappaghfinn

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg cead pleanála chun 69 teaghais a thógáil, agus chun oibreacha láithreáin gaolmhara leo a dhéanamh, ag Cappaghfinn, Bóthar Cheapaí, Fionnghlas, Baile Átha Cliath 11

Beidh meascán d'aonaid aon seomra leapa, dhá sheomra leapa, trí sheomra leapa agus ceithre sheomra leapa san fhorbraíocht atá beartaithe.

Beidh pleananna agus sonraí na forbraíochta atá bheartaíthe ar fáil ag http://consult.fingal.ie/en/browse  chun scrúdú a dhéanamh orthu nó chun iad a cheannach ach táille a íoc nach mó ná an costas réasúnach a bhaineann le cóip a dhéanamh díobh le linn na gnáthuaireanta oscailte, Dé Luain go Déardaoin, 9am go dtí 5pm agus Dé hAoine 9am go dtí 4.30pm ón Déardaoin an 10 Deireadh Fómhair 2019 go dtí Dé hAoine an 8 Samhain 2019, sna hoifigí seo a leanas:

  • Comhairle Contae Fhine Gall, Áras na Comhairle Contae, An tSráid Mhór, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath , K67 X8y2
  • Comhairle Contae Fhine Gall, na hOifigí Cathartha, Bóthar An Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638

Is féidir aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an bhforbraíocht bheartaithe, ina bpléifear an phleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair ina mbeidh an fhorbraíocht lonnaithe, a dhéanamh ar líne ar an láithreán gréasáin: http://consult.fingal.ie/en/browse nó i scríbhinn chuig:
An tOifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach
Rannóg na Tithíochta,
Comhairle Contae Fhine Gall, na hOifigí Cathartha,
Bóthar An Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15m D15 W638

Ní mór aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh ag 4.30pm, Dé hAoine an 22 Samhain 2019, nó roimhe sin.