Freagra iontach ar na tairiscintí tosaigh faoin Scéim Rogha Tithíochta

Tá freagra iontach faighte ag Comhairle Contae Fhine Gall ar a glao ar léirithe spéise ina Scéim Rogha Tithíochta a fógraíodh le déanaí.

Fingal County Council purchase properties for social housing

Tugadh cuireadh d’iarrthóirí incháilithe ar an liosta tithíochta sóisalta a spéis i dtithe a chlárú ag trí fhorbairt ar leithligh – An Choill Thuaidh, Seantrabh; St Doolagh’s Oaks i mBaile Ghrífín; agus Baile Shéarlais, Fionnghlas, gach ceann acu á mbainistiú ag an nGníomhaireacht Tithíochta Respond.

Fuarthas líon suntasach iarratas le linn na tréimhse chláraithe, agus tá an Chomhairle ag eisiúint nuashonrú anois ar na chéad chéimeanna eile sa phróiseas seo.

Chuir baill foirne sa Rannóg Tithíochta tús leis an bpróiseas chun na hiarratais a athbhreithniú agus beidh siad i dteagmháil le gach duine a chláraigh in am trátha.

I bhfianaise líon ard na n-iarratas, táthar ag súil go dtógfaidh an obair seo roinnt seachtainí mar sin má rinne tú iarratas, bí foighneach le do thoil agus cloisfidh tú uainn a luaithe is féidir. Má tá ceist shonrach agat nó má tá imní ort nach ndearna muid teagmháil, seol ríomhphost le do thoil chuig [email protected]

Tá súil ag Comhairle Contae Fhine Gall tuilleadh tithe a fhorbairt in áiteanna eile go luath i mí an Mheithimh agus fógrófar iad seo trí chainéil mheáin shóisialta agus ar an leathanach gréasáin tiomnaithe www.fingal.ie/choicebasedlettingscheme.

Is cur chuige é Scéim Rogha Tithíochta (CBL) a úsáidtear chun áitribh a leithdháileadh. Ligeann sé d’iarrthóirí tithíochta spéis a léiriú le go mbreithneofar orthu do leithdháileadh Aonaid Tithíochta Sóisialta ainmnithe. Beidh leithdháileadh na réadmhaoine go léir i gcomhréir go hiomlán le Scéím Leithdháilte na Comhairle um Thacaíocht do Thithíocht Shóisialta de réir do dháta riachtanais.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Tá an-áthas orm a chloisteáil go raibh leibhéal spéise chomh ard sin sa Scéim Rogha Tithíochta. Táim ag súil le níos mó tithe a bheith ag teacht tríd an bpóiseas seo sna míonna atá amach romhainn a fhógrófar trínár láithreán gréasáin agus ár gcainéil mheáin shóisialta.”

Dúirt An Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly: “Is tionscnamh tábhachtach é an Scéim Rogha Tithíocha do Chomhairle Contae Fhine Gall agus muid ag bogadh go tapaidh chun tithe sóisialta a leithdháileadh sa Chontae. Tá tús curtha cheana féin ag an bhfoireann sa rannóg tithíochta leis an bpróiseas chun na hiarratais a athbhreithniú agus beidh siad i dteagmháil le hiarrthóirí in am trátha.”

Is ƒéidir tuilleadh sonraí faoin Scéim Rogha Tithíochta a fháil ag www.fingal.ie/choicebasedlettingscheme