Gach aoisghrúpa ag glacadh páirte chun an tionscnamh nua Let’s Play a sheoladh sa Ros

Playful Towns

An deireadh seachtaine seo caite lainseáladh Let’s Play An Ros le príomhimeachtaí a bhí dírithe ar chultúr spraíúil a fhorbairt ar an mbaile. Sa tionscnamh AE seo, roineann an Líonra Aistrithe URBACT in Éirinn dea-chleachtas maidir le forbairt uirbeach inbhuanaithe idir cathracha agus bailte, agus An Ros mar cheann de chúig bhaile atá ag foghlaim dea-chleachtais ó Chorcaí maidir le conas gníomhaíochtaí súgartha agus placemaking a fhorbairt.

Mar chuid den tionscnamh, d'óstáil Leabharlann an Rois seisiúin tógála Lego do leanaí idir 4 - 12 bliana d'aois. Faoi stiúir Brick4Kidz, thug na seisiúin súgartha lasmuigh ómós d’oidhreacht bradach an bhaile. Eagraíodh an ócáid le cabhair ó Chomhairle Pobail an Rois agus Tidy Towns an Rois.

Rinne Ionad Pobail an Rois iarracht cabhrú le seanóirí an bhaile a gcuid cruthaitheachta a fháil amach le seisiúin phéintéireachta a chuir an t-ealaíontóir John Carpenter ar fáil.

Playful Towns Rush

Mhaoinigh Creative Ireland na himeachtaí agus d'eagraigh Grúpa Áitiúil URBACT Let’s Play An Ros (ULG) a dtagann a mbaill ón gComhairle, Comhairleoirí Áitiúla, Comhairle Pobail an Rois, Tidy Towns an Rois, LCDC Fhine Gall, CYPSC Fhine Gall agus Healthy Ireland.

Dúirt an Comhairleoir Brian Dennehy, Cathaoirleach ULG an Rois: “Is deis iontach a bheidh inár rannpháirtíocht sa tionscnamh URBACT seo chun gníomhaíochtaí súgartha agus placemaking a thabhairt isteach agus a fhorbairt ar an mbaile. Tá ULG an Rois ag súil roinnt imeachtaí agus tionscadal a reáchtáil i rith na bliana seo chugainn, ag tabhairt súgartha chun tosaigh do dhaoine de gach aois sa Ros agus ag baint leasa as eolas ár gcomhpháirtithe sa líonra URBACT.’’

Dúirt Brendan O’Reilly, Cathaoirleach Tidy Towns an Rois: “Tá lúcháir orainn a bheith ag obair le Comhairle Pobail an Rois agus le Comhairle Contae Fhine Gall chun an tionscnamh URBACT seo a thabhairt isteach sa Ros trí shraith imeachtaí agus tionscadal a bhaineann leis an bParáid Súgartha. D’éirigh go hiontach lenár gcéad dhá imeacht Dé Sathairn 20 Samhain, agus óige agus seanóirí an bhaile páirteach ann.’’

Dúirt Aoife Sheridan, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, an Roinn Eacnamaíochta, Fiontair, Turasóireachta agus Forbartha Cultúir, Comhairle Contae Fhine Gall: Dúirt Aoife Sheridan, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, an Roinn Eacnamaíochta, Fiontair, Turasóireachta agus Forbartha Cultúir, Comhairle Contae Fhine Gall: “Tá an Chomhairle ar bís a bheith páirteach sa dara tionscnamh URBACT, agus tá Baile Brigín páirteach cheana sa Líonra Iplace. Neartaíonn na líonraí seo naisc Fhine Gall leis an Eoraip agus tugann siad deis don Chomhairle ceachtanna dea-chleachtais a fhoghlaim óna comhpháirtithe. Is é a bheidh i gceist le Let's Play an Rois ná gníomhartha ar scála beag a chur i bhfeidhm sa Ros agus caidrimh chomhoibritheacha a thógáil le páirtithe leasmhara pobail chun na deiseanna súgartha ar an mbaile a mhéadú agus chun an úsáid phoiblí a bhaintear as tránna, páirceanna, leabharlann, amharclann, clóis súgartha, faiche an bhaile spásanna agus cuanta a uasmhéadú.’’

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi URBACT téigh chuig: https://urbact.eu/playful-paradigm-0

Prize Giving Playful towns