GACH ÉINNE AR BORD! Le haghaidh Ionad Léirmhínithe na Leanaí a Sheoladh sa Casino

Cuireadh tús inniu le hIonad Léirmhínithe nua na Leanaí a thabharfaidh deis do chuairteoirí a fheiceáil conas carráiste traenach Iarnród Éireann ar mhórmhéid a thiomáint ag Músaem na n-Iarnród Mionsamhail sa Casino i Mullach Íde.

Pupils from St Andrew's and Oliver Plunkett's Schools in Malahide enjoying driving a train

Cuireadh tús inniu le hIonad Léirmhínithe nua na Leanaí a thabharfaidh deis do chuairteoirí a fheiceáil conas carráiste traenach Iarnród Éireann ar mhórmhéid a thiomáint ag Músaem na n-Iarnród Mionsamhail sa Casino i Mullach Íde.

Tá an tionscadal spreagúil nua seo lonnaithe sa Casino ‘Cottage Orné’ a rinneadh athchóiriú álainn air i gcroílár Shráidbhaile Mhullach Íde, mar thoradh ar an gcomhobair idir Comhairle Contae Fhine Gall, Iarnród Éireann agus Alstom.

Baineann an taitneamhacht nua do chuairteoirí ardúsáid as an teicneolaíocht, trí radharcanna agus fuaimeanna sraithe agus trí scáileáin dhigiteacha ar fhuinneoga an charráiste chun cuidiú leis an taithí a ghéarú. Cuireann na gnéithe seo fuinneamh agus móiminteam le hábhar an oideachais agus na taithí. De réir mar a thugtar isteach gach ábhar nua, fágann tú go taibhseach tolláin dorcha an bhreacsholais atá ag gluaiseacht go tapa morthimpeall ort. D'fhonn idirghníomhaocht na taithí a fheabhsú, cuireadh gnéithe tadhlacha agus idirghníomhacha leis a ligeann don úsáideoir dul i ngleic leis an ábhar agus leis an taithí de réir mar a théann an turas ar aghaidh.

 Pupils from Oliver Plunkett's and St Andrew's Schools in Malahide having fun in the new Children's Interpretative Centre at the Casino Model Railway Museum Malahide

Sé cuspóir an tionscadail ná fiosracht nádúrtha an linbh a spreagadh trí ghnéithe idirghníomhacha de réir mar a théann an turas traenach ar aghaidh, a chuirfidh ar a chumas dul i ngleic leis an turas traenach, ceangail a dhéanamh leis agus a bheith tógtha ag taithí an iarnróid. Tá sé mar aidhm ag an Músaem lucht freastail níos óige a mhealladh ach le baint á choimeád aige fós le gach cuid den déimeagrafach. Is tusa, mar úsáideoir, a shocraíonn tús agus críoch an turas iarnróid agat, agus tú ag bordáil agus ag teacht ón traein. Taithí fhéintreoraithe atá ann, á chur ar fáil trí lúb leanúnach, agus is féidir leat léim ar aghaidh nó as ag am ar bith. Tá an taispeántas dírithe ar pháistí idir cúig agus seacht mbliain d’aois agus á dhearadh le haird a thabhairt ar an néar-éagsúlacht.

Chief executive of Fingal County Council, AnnMarie Farrelly, alongside the Mayor of Fingal, Cllr Howard Mahony, Managing Director of Alstom Ireland, Piers Wood and Corporate Communications Manager with Iarnród Eireann Barry Kenny

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony: “Sainchomhartha ar leith na hoidhreachta atá i bhfoirgneamh an Casino i Mullach Íde. Cuirfidh an Lárionad Léirmhínithe seo go mór le taithí an mhúsaeim, ag cur taithí fíor-thumtha ar féidir gach cuairteoir taitneamh a bhaint as. Táim cinnte go bhfeidhmeoidh mar ionad dearfach an oideachais sna laethanta amach romhainn, agus léiríonn freagairt na bpáistí scoile áitiúla anseo inniu gur iontach an spraoi atá ann chomh maith!”.

Dar le Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, “Cuid thábhachtach d'oidhreacht Fhine Gall atá i dTigín an Casino, agus is mór an t-áthas a bhainimid as an dlúth-obair againn i gcomhar le hIarnród Éireann agus le hAlstom, ar fhorbairt Ionad Léirmhínithe nua na Leanaí againn anseo ag Músaem na n-Iarnród Mionsamhail sa Casino. Déanfaidh an tionscadal seo feabhas a chur ar an táirge turasóireachta den scoth atá ann cheana féin”.

Ag labhairt dó ag an imeacht, dúirt Barry Kenny, Bainisteoir Cumarsáide Corparáidí ag Iarnród Éireann: “Séard atá i gceist le traenacha ná an eachtraíocht agus áiteanna nua a fheiceáil. Tá súil againn go bhfaighidh an iliomad leanaí a thabharfaidh cuairt ar an taispeántas seo an taithí fhíorúil as traein a thiomáint agus iad ag dul ar thuras spreagúil. Téann go leor acu ar an traein cheana féin agus cá bhfios go mbeidh roinnt díobh ina bhfostaithe againne amach anseo”.

Dúirt Stiúrthóir Bainistíochta de chuid Alstom Éireann Piers Wood: “Tá Alstom dírithe ar thacaíocht a thabhairt do dhianaistear na hÉireann i dtreo glan-astuithe nialasach a bhaint amach. Cuid thábhachtach den turas sin is ea cuidiú le leanaí a gcuid eolais ar an iarnród agus ar na buntáistí a mbaineann leis don chomhshaol a fhorbairt. Tá áthas orainn tacaíocht a thabhairt do Chomhairle Contae Fhine Gall agus d'hIarnród Éireann le taispeántas iontach seo an oideachais.”

Cllr Anthony Lavin, Chief executive of Fingal County Council, AnnMarie Farrelly, Mayor of Fingal, Cllr Howard Mahony, and Cllr Eoghan O' Brien

Tugann an Músaem súil ghéar freisin ar an gcheardaíocht iontach atá le feiceáil sna mionsamhail lámhdhéanta de chuid Cyril Fry. Rinneadh gach ceann acu a lámhphéinteáil agus meastar gurbh iad na cinn is ilchasta a ndearnadh riamh in Éirinn. Tá léiriú idirghníomhach ann freisin, áit ar féidir leat féachaint ar na samhlacha oibre nua-aimseartha agus foghlaim faoi Chóras Iarnród agus Trambhealach na hÉireann. Is féidir leat tuilleadh comhthéacs a fháil ar thraenacha ar leith agus ar stair Iarnród Éireann trí scáileáin tadhaill. Léiriú ar a cheardlann agus ar an mionaird ina chuid oibre atá i gCúinne Cyril Fry  a bhfuil duaiseanna mó le rá buaite aige.

Iarsmalann iarnróid rathúil atá ann anois a fhaigheann cuairteoirí as Éirinn agus ó thar lear, agus feidhmíonn Músaem na n-Iarnród Mionsamhail sa Casino mar lárionad spéis na hoidhreachta ní amháin don bhaile féin ach do réigiún níos leithne Fhine Gall chomh maith. Tá sé suite in aice le Stáisiún Traenach Mhullach Íde, rud a éascaíonn rochtain air do theaghlaigh ar mhaith leo taisteal chuige ar an traein.

 

 Mayor of Fingal, Cllr Howard Mahony, Chief executive of Fingal County Council, AnnMarie Farrelly, alongside the Fingal Team