Glac páirt i mbliana chun éachtaí na mban a Cheiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan

Beidh Comhairle Contae Fhine Gall ag comóradh Lá Idirnáisiúnta na mBan 2022 ar ár n-ardáin dhigiteacha go léir agus i sraith d’imeachtaí pearsanta.

International Women's Day

Beidh Comhairle Contae Fhine Gall ag comóradh Lá Idirnáisiúnta na mBan 2022 ar ár n-ardáin dhigiteacha go léir agus i sraith d’imeachtaí pearsanta. Beidh Oifig Pobail agus Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall ag óstáil réimse de thionscnaimh ar fud Fhine Gall chun éachtaí na mban a cheiliúradh agus aird a dhíriú orthu, agus ag an am céanna an neamh-chomhionannas inscne a cháineadh.

Ag tosú ar 7 Márta, beidh an Chomhairle ag ainmniú rannpháirtithe ón gClár Ceannaireachta Pobail She Leads We Lead. Ar an 8 Márta, beidh sraith de thaispeántais shábháilteachta fhéinchosanta á reáchtáil i mBaile an Bhlácaigh, i Lusca, sa Ros agus i mBaile Dúil. Ag deireadh na seisiún beidh siúlóid Shine a Light for Women agus beidh searmanas ina gcuirtear crainn i bPáirc na Mílaoise, Baile an Bhlainséir. Beidh Méara Fhine Gall, an Clr. Seána Ó Rodaigh agus Príomhfheidhmeannach na Comhairle, AnnMarie Farrelly ag labhairt ag an ócáid seo freisin. Ina theannta sin, beidh aoichainteoirí i láthair agus díreoidh siad aird ar an méid atá bainte amach ag mná agus beidh comhráite painéil ann i mBaile Bhrigín agus beidh seisiún Cóitseála Rugbaí Beo ag tarlú i Sord. Bígí linn agus glac páirt sa cheiliúradh.

Féach suíomh gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall agus ár gcuntais mhéain shóisialta ar an lá féin – is iomaí bean cumasach atá fostaithe i gComhairle Contae Fhine Gall agus beimid ag díríu ar an obair atá déanta ag roinnt díobh. Beimid ag ceiliúradh freisin sn fhoireann de Comhairleoirí díograiseacha baineann atá againn. Is am iontach é seo do Chomhairle Contae Fhine Gall ós rud é gur bean í an Príomhfheidhmeannach agus gur bean í an duine a dhéanann ionadaíocht dúinn, ár Méara. Le linn na Seachtaine Mná sa Spórt agus na Seachtaine Fiontair Áitiúil, beidh comhráite agus imeachtaí ar líne á óstáil ag Oifig Spóirt Fhine Gall, ag an Oifig Fiontair Áitiúíl agus ag na Leabharlanna leis an téama Lá Idirnáisiúnta na mBan.

Is é an téama atá ann do Lá Idirnáisiúnta na mBan 2022 ná #BreakTheBias:

“Samhlaigh domhan ina bhfuil comhionannas inscne.
Domhan atá saor ó chlaontacht, ó steiréitíopaí agus ó leithcheal.

Domhan atá éagsúil, cothrom agus iomchuimsitheach.

Domhan ina leagtar luach ar dhifríochtaí agus ina cheiliúrtar iad.

Le chéile is féidir linn comhionannas na mban a chruthú.

Le chéile is féidir linn go léir #BreakTheBias.” IWD 2022

Dúirt Méara Fhine Gall, Seána Ó Rodaigh: “Tá níos mó i gceist le Lá Idirnáisiúnta na mBan ná díreach lá chun mná agus a n-éachtaí a cheiliúradh. Is lá é chun cláir oibre a chumasú agus a spreagadh más í aidhm an chláir ná comhchearta agus deiseanna do mhná a fheabhsú. Lá chun ár gcumas a fhíorú, ár láidreacht a léiriú chun feabhas a chur ar na roghanna a bheidh roimh cailíní agus mná amach anseo.

Pé acu más lá machnaimh a roghnaítear nó lá chun rudaí taitneamhacha agus gníomnacha a dhéanamh, tá go leor ar siúl i bhFine Gall agus is féidir le daoine dlúthpháirtíocht a léiriú tríothu.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá sé tábhachtach Lá Idirnáisiúnta na mBan a chomóradh agus aitheantas a thabhairt don ról suntasach atá ag mná sa tsochaí.
Tá áthas orm go bhfuilimid ábalta i mbliana, i gComhairle Contae Fhine Gall, imeachtaí a óstáil do Lá Idirnáisiúnta na mBan ina mbeidh daoine le chéile go fisiciúil – imeachtaí ar nós an tsiúlóid Shine Your Light agus crainn a chur i bPáirc na Mílaoise. Ní hamháin go gceiliúraimid éachtaí na mban ar an lá seo, ach is féidir linn cainteanna a óstáil ar maidin chun leanúint leis an gcomhrá faoin téama #BreakTheBias, chomh maith le ranganna i júdó agus san fhéinchosaint a thaispeáint chun an t-eolas riachtanach a thabhairt do mhná agus iad a ullmhú i gcúrsaí sábháilteachta.”

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gceiliúradh do Lá Idirnáisiúnta na mBan ar 8 Mártha, déan teagmháil le [email protected]
 

Event Guide International Women's Day