Glacann cailíní páirt ghníomhach i Lá Ilspóirt Exercise: Energise an NIIA

Bhí gliondar croí ar Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall an Lá Ilspóirt Exercise: Energise “Tar i Láthair agus Bain Triail As” a chur ar siúl an 23 Samhain den chéad uair ó bhí 2019 ann.

Exercise Energise Multi Sports Day - Tyrellstown

Bhí gliondar croí ar Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall an Lá Ilspóirt Exercise: Energise “Tar i Láthair agus Bain Triail As” a chur ar siúl an 23 Samhain den chéad uair ó bhí 2019 ann.  Bhí Leas-Mhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Cathal Boland agus an Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail, Robert Burns, i láthair ag an Láthair Lúthchleasaíochta Taobh Istigh Náisiúnta (an NIIA) i mBaile an Aba mar ar ghlac breis agus 300 cailín sna déaga ó ocht meánscoil ó áiteanna ar fud Fhine Gall páirt sa lá. Tugadh deis do na rannpháirtithe triail a bhaint as dhá ghníomhaíocht déag spraíúla spóirt idir Galf Frisbee, Liathróid láimhe Oilimpeach, Cispheil, Uni-Hoc, an Léim Fhada agus an an Léim Ard agus Tarraingt na Téide.  

Rannpháirtithe i gClár Exercise: Energise na hOifige Spóirt iad na cailíní go léir a bheidh ar siúl an scoilbhliain seo agus ghlac trí Mheánscoil déag i bhFine Gall, an líon ba mhó riamh, páirt sa tionscnamh i mbliana.

Tá an Clár dírithe ar chailíní idir 12 agus 15 bliana d’aois nach bhfuil páirt á glacadh sa spórt ná i ngníomhaíocht choirp acu agus tá sé á reáchtáil le breis agus deich mbliana anuas agus fuarthas tacaíocht airgeadais dó ó shruth cistithe ‘Mná sa Spórt’ de chuid Spórt Éireann agus ó Oifig Spóirt Fhine Gall.

Exercise Energise Multi Sports Day - Baldoyle

Is iad na múinteoirí corpoideachais sna scoileanna a dhéanann na gníomhaíochtaí a chomhordú agus is iad na múinteoirí an chúis go bhfuil rath ar an gclár seo mar gheall go n-aontaíonn siad leis na gníomhaíochtaí seach-churaclaim a chomhordú ag am lóin agus tar éis na scoile. Bíonn baint ag na cailíní sna gníomhaíochtaí a roghnú agus i measc na ngníomhaíochtaí a sholáthair an clár le himeacht na mblianta, tá; júdó, ealaín chomhraic, futsal, cispheil, hip-hap, zumba, cleachtadh cuarda, scátáil oighir, damhsa agus babhtaí traenála sa halla gleacaíochta.

Dúirt Leas-Mhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Cat Boland, ‘Bhí gliondar croí orm freastal ar an Lá Ilspóirt “Tar i Láthair agus Bain Triail As” agus a thabhairt faoi deara go raibh an oiread sin cailíní ag glacadh páirte i spórt nua agus scoth an taitnimh á bhaint acu astu. Cabhraíonn an clár a chur in iúl dóibh an oiread spraoi is féidir leo a bheith acu fad a bhíonn páirt á glacadh acu i ngníomhaíocht choirp shláintiúil.’

Dúirt an Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail, Robert Burns, ‘Tá ár nOifig Spóirt Fhine Gall tiomanta do rannpháirtíocht sa spórt agus i ngníomhaíocht choirp a mhéadú do gach duine agus tá gliondar croí orm a thabhairt faoi deara go raibh rath leanúnach ar an gClár Exercise: Energise, ar ríléir é ag an Lá Ilspóirt.  Ní fhéadfaí seo a bhaint amach murach sárobair na múinteoirí a bhí bainteach anuas ar an tacaíocht a thug foireann ár nOifige Spóirt féin.’         

Deis iontach é an Lá Ilspóirt ‘Tar i Láthair agus Bain Triail As’ do na cailíní páirt a ghlacadh in áis den Chéad Scoth, cosúil leis an NIIA’, a dúirt an t-eagraí, Caitríona Geraghty, Oifigeach Forbartha Spóirt Fhine Gall

Exercise Energise Multi Sports Day - Balbriggan ET
Exercise Energise Multi Sports Day Tug of war
Exercise Energise Multi Sports Day
Exercise Energise Multi Sports Day