Glantachán Pobail Bhaile Átha Cliath

Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall Glantachán Pobail Bhaile Átha Cliath i láthair, an imeacht glantacháin is mó riamh i mBaile Átha Cliath a bheidh ar siúl ón 10ú go dtí an 18ú Meán Fómhair.

Community Clean up 2022

Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall Glantachán Pobail Bhaile Átha Cliath i láthair, an imeacht glantacháin is mó riamh i mBaile Átha Cliath a bheidh ar siúl ón 10ú go dtí an 18ú Meán Fómhair.

Comhiarracht arna fhorbairt ag na Ceithre Údarás Áitiúla i mBaile Átha Cliath, Cóstaí Glana, Glantachán Náisiúnta an Earraigh, Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil, Canálacha Chathair Bhaile Átha Cliath agus Gníomh na Dothra, tugann an imeacht le chéile cónaitheoirí, oibrithe deonacha, agus grúpaí pobail ar fud an chontae chun dul i ngleic le bruscar i bpobail áitiúla.

The Dublin Community Clean-up Mayor

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony:

“Tá tionscnaimh Glantachán Pobail thar a bheith tábhachtach agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le bruscar agus dramhaíl ar fud an Chontae. Is bealach iontach iad freisin do phobail teacht le chéile chun an iliomad spásanna lasmuigh a chuireann le háilleacht Fhine Gall a chothabháil. Mholfainn do dhaoine a bheith páirteach aon uair is féidir leo i rith na seachtaine chun tionchar dearfach agus suntasach a bheith acu ina gceantar áitiúil.”

The Dublin Community Clean-up Baldoyle

Is féidir le hoibrithe deonacha a nglantachán féin a eagrú nó dul isteach i gceann atá ar siúl cheana féin ina bpobal féin. Cuirfidh údaráis áitiúla Bhaile Átha Cliath na fearais ar fad ar fáil. 

An Meán Fómhair seo, cabhraigh leis an bpobal ar fad a bheith páirteach agus ó na sléibhte go dtí an fharraige is féidir linn Baile Átha Cliath a dhéanamh saor ó bhruscar. 

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le clárúchán, tabhair cuairt ar www.dublincommunitycleanup.ie

The Dublin Community Clean-up Laurel Lodge