Gluaiseacht idirnáisiúnta meabhairshláinte tugtha go Baile Brigín

Thug an carthanas meabhairshláinte is seanbhunaithe sa tír cuireadh do phríomhpháirtithe leasmhara pobail chuig Meitheal Mhachnaimh ag Leabharlann Bhaile Brigín an tseachtain seo caite chun an ghluaiseacht idirnáisiúnta meabhairshláinte ‘Thrive’ a thabhairt isteach sa bhaile. Ghlac Méara Fhine Gall Seána Ó’ Rodaigh agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly páirt san ócáid Dé Máirt, 28ú Meán Fómhair i Halla Hamilton na Leabharlainne chun plé a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis an ngluaiseacht pobal sona agus sláintiúil a chruthú do mhuintir Bhaile Brigín.

CE of Fingal County Council, AnnMarie Farrelly, Mayor of Fingal Seána Ó’ Rodaigh (centre), CEO Mental Health Ireland Martin Rogan, Mental Health Promotion Manager Mental Health Ireland Jo Donohue, Development Officer Mental Health Ireland Caroline Brogan at Thrive N’ Conversations at Balbriggan Library

Príomhfheidhmeannach, Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, Méara Fhine Gall, Seána Ó’ Rodaigh (i lár), Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Meabhairshláinte Éireann, Martin Rogan,Oifigeach bolscaireachta Meabhairshláinte  Meabhairshláinte Éireann Jo Donohue, Oifigeach forbartha,Meabhairshláinte Éireann, Caroline Brogan, ag Thrive N’ Conversations, ag Leabharlann Bhaile Brigín.

         Tacaíonn Méara Fhine Gall le Tionscnamh ‘Thrive’ de chuid Meabhairshláinte Éireann

Thug an carthanas meabhairshláinte is seanbhunaithe sa tír cuireadh do phríomhpháirtithe leasmhara pobail chuig Meitheal Mhachnaimh ag Leabharlann Bhaile Brigín an tseachtain seo caite chun an ghluaiseacht idirnáisiúnta meabhairshláinte ‘Thrive’ a thabhairt isteach sa bhaile.

Ghlac Méara Fhine Gall Seána Ó’ Rodaigh agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly páirt san ócáid Dé Máirt, 28ú Meán Fómhair i Halla Hamilton na Leabharlainne chun plé a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis an ngluaiseacht pobal sona agus sláintiúil a chruthú do mhuintir Bhaile Brigín.

Tá Thrive Baile Átha Cliath á phíolótú ag  Meabhairshláinte Éireann i mBaile Brigín agus  beidh an tionscnamh faoi stiúir daoine áitiúla agus le tacaíocht ón gcarthanas.

Tá an tionscnamh spreagtha ag rath feachtais den chineál céanna i Londain agus i Nua Eabhrac.  

Is gluaiseacht idirnáisiúnta í Thrive a thacaíonn le pobail trí rannpháirtíocht agus gníomhaíochtaí a thógann agus a chothaíonn ár meabhairshláinte agus ár bhfolláine.  Is gluaiseacht faoi stiúir an phobail í chun tuiscint agus feasacht ar mheabhairshláinte agus folláine a thógáil inár dtithe, inár n-ionaid oibre, inár scoileanna agus inár sochaí.

Deis ab ea an Mheitheal Mhachnaimh do ghrúpaí áitiúla bualadh lena chéile agus smaointe agus acmhainní a thabhairt chun Thrive Baile Brigín a rolladh amach níos déanaí i mbliana.

Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Meabhairshláinte Éireann, Martin Rogan, “Aithníonn Thrive na buanna nádúrtha atá sa phobal cheana féin agus cruthaíonn sé ardán chun oibriú le chéile chun meabhairshláinte agus folláine a fheabhsú do mhuintir Bhaile Brigín go léir.”

 

 

 

 

Mayor of Fingal Seána Ó’ Rodaigh at Thrive N’ Conversations at Balbriggan Library

Dúirt an Méara Seána Ó’ Rodaigh, “Bhí an-áthas orm a bheith ag seoladh an tionscnaimh Thrive le Meabhhairshláinte Éireann agus an lucht tacaíochta ó Chomhairle Contae Fhine Gall. Is tionscnamh meabhairshláinte pobail thar a bheith spreagúil agus dearfach é agus tháinig go leor daoine ó gach cearn de phobal Bhaile Brigín lena gcuid smaointe faoi cad ba mhaith leo go n-eascródh as. Tá meabhairshláinte ar cheann de na cúiseanna ar bheartaigh mé a bheith bainteach leis an bpolaitíocht. Is é an smaoineamh  atá taobh thiar den tionscnamh seo ná go bhféadfaimis rud éigin a dhéanamh a chosnóidh meabhairshláinte daoine. Is í seo an chéad chéim de thionscnamh a rachaidh chun leasa Bhaile Brigín, agus cá bhfios cén tionchar a bheidh aige amach anseo.”

 

Le tuilleadh eolais www.mentalhealthireland.ie